Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
oscarthach
Cois Farraige
ligthe, mór, bríomhar (ní bhaineann sé le lúth), láidir.
+
Fear mór oscarthach é — ard, ligthe, téagarthach
Capall mór oscarthach í — ard, ligthe, téagarthach
TUILLEADH (12) ▼
Bó mhór oscarthach í — ard, ligthe, téagarthach srl
Tá sé an-oscarthach go deo. Ní mórán fonn a bheadh orm a dhul i nglacamas lámh leis.
Tá sé sin ró-oscarthach ag mo leithidese de luisneachán.
Is olc ina chéile iad — fear mór oscarthach agus frídeoirín de bhean.
Capall mór oscarthach eachréidhe atá aige
Tá bó mhór oscarthach agam a cheannaigh mé ar aonach na Faiche bliain go Bealtaine seo chuaigh thart, agus is maith an dícheall dom í a thógáil chor ar bith.
Dhá mbeifeá faoi dhó chomh hoscarthach agus atá tú, a stoithneacháin mhóir, níl aon loiceadh agamsa uait.
Bean mhór láidir oscarthach atá aige, agus craiceann buí garbh uirthi.
Ní raibh call ar bith dhó capall chomh hoscarthach sin a fháil, scáth a bhfuil le déanamh aige léithe.
Dhá oscarthaí é, is gearr gairid a mhair sé (a sheas sé) dhó siúd.
Shiúlfá shul dá bhfaightheá fear chomh hoscarthach leis.
Dhá oscarthaí dhá bhfuil sé, ní raibh tada le reic aige uaidh siúd; dhá oscarthaí dhá bhfuil sé, níor fhága sé siúd tada ina chónaí ann.