seanfhalamh
—
+–
  "Is fhearr sean-fhiacha ná sean-fhalamh (? fhala?) = dhá dhonacht iad na sean-fhiacha, bíonn súil leo uair eicínt, ach mara bhfuil tú ach bocht dólom, ní fhéadfaidh súil a bheith agad le tada
Is iomdha gar a rinne mé dhó ariamh ní dhá mhaoidheachtáil air é, ach dhá dteagainn in a linn (líon?) amáireach — nar leige Dia go dtiocfainn — tá faitíos orm nach gcuimhneódh sé ar an arán a hithiodh.  Ach is cuma sin.  Deir siad gur fearr sean-fhiacha ná sean-fhalamh
      
                                TUILLEADH (2) ▼
                            
Tá cuimse airgid amuigh aice sin, nach bhfuighidh sí go deó.  Ach is fhearr sean-fhiacha ná sean-fhalamh, mar sin fhéin
M'anam dhá mbeadh maith i bhfiacha, gur gearr go mbeadh cuid de na daoine in a ridirí.  Is mór a thug muid uainn ariamh nach bhfeicfidh muid aon-amharc go brách air.  Ach is fhearr sean-fhiacha ná sean-fhalamh.  Ní maith leis an bhfear cneasta go mbeadh aonduine indon aon-cheo a mhaoidheachtáil choichin air.  Ach maidir leis an gcneamhaire …}}