Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Áirgeamhail
1.
deiseamhail, urnáilte, gléasta, déanta suas; stoc, cuid agus maoin agus rud a bheith ag duine. (Cois-Fhairrge).
+
Tá teach áirgeamhail aige = neart troscáin ann; é go breagh mór agus urnáilte, agus áirgí a bheith taobh amuigh leis (i.e. croithe, sciobóil etc).
Sé'n teach is áirgeamhla sa tír seo anois é.
TUILLEADH (7) ▼
Ach a mbí an fuireann nuadh istigh aige, is áirgeamhail a' teach a bheidheas aige (féach fuireann).
Tá áitiú aige chomh h-áirgeamhail a's d'fheicfeá in do shiubhal lae.
Níl easba tada air — tá teach áirgeamhail aige.
Ní raibh an teach siúd chomh h-áirgeamhail ná baol air, fadó.
Duine áirgeamhail = duine saidhbhir, 'bhfuil chuile shórt aige theastuighea(nn)s uaidh (i.e airgead, deis, maoin, eallach etc)
Duine áirgeamhail é T. Mh.
Tá sé an-áirgeamhail = níl áirge a' bith 'gul uaidh
2.
fairsing, límistéar a bheith faoi (an t-Achréidh — Tomás Ó Máille).
+
Teach áirgeamhail é tigh Mh. F.
Beidh tigh J. an-áirgeamhail, ach a mbí sé réidh.
TUILLEADH (6) ▼
Ní shílfeá go mbeadh sé leath chomh h-áirgeamhail a's tá sé go dteightheá isteach ann = fairsing.
Tá an chisteanach sáthach áirgeamhail — ro-áirgeamhail — leig sé iomarca léithe, agus fágann sin, na seomraí eile ro-chumhang.
'Mara 'ndéana tú níos áirgeamhla ná sin é' arsa mise leis, 'is fearr dhuit fanacht sa teach a bhfuil tú'.
Dhá áirgeamhla é, ní mór dhó é, agus a bhfuil acu ann.
Achréidh áirgeamhail (Féach l. 154 "In Aimsir Emmet" — Colm Ó Gaora)
Tá potaí na mballach níos leithne sa mbearrach, a's níos áirgeamhla idir béal an bhearraigh a's tóin an phota, arae ní mór do'n bhallach bealach níos leithne ná an gliomach le dhul síos (l. 14. Obair is Luadhainn — Colm Ó Gaora).

Féach freisin

Áirgeamhail in iontrálacha eile (6)

 
bocht 1
Is breagh, áirgeamhail a' teach duine bhoicht é = teach breagh, áirgeamhail é, aindeoin nach raibh tada le cois na sláinte ag a' té ar leis é fharras aon-duine eile 'san áit.
 
aice 2
Cheannuigheadar teach áirgeamhail le h-ais a' bhaile mhóir, agus giodán talmhan in aice sin.
 
amach
Tá teach áirgeamhail aige, ach m'anam go bhfuil dula amach mór air.
 
's breagh áirgeamhail, éadálach an teach é ag cliamhain isteach.
 
deis
Tá deis agus cuid agus maoin aige sin. Dar príosta dhá bhfeictheá a theach déarfá sin. Is breagh áirgeamhail an teach é, agus ní taise do'n ghabhaltas talmhan' é atá aige
 
dáil
Tá an teach sin ag G. indáil le cho h-áirgeamhail le ceachtar aca