áirgiúil
1.
deisiúil, ordnáilte, gléasta, déanta suas; stoc, cuid agus maoin agus rud a bheith ag duine. (Cois Fharraige).
+–
Tá teach áirgiúil aige — neart troscáin ann; é go breá mór agus ordnáilte, agus áirgí a bheith taobh amuigh leis (.i. croithe, sciobóil srl.)
'Sé an teach is áirgiúla sa tír seo anois é.
TUILLEADH (7) ▼
Ach a mbí an foireann nua istigh aige, is áirgiúil an teach a bheas aige (fc. foireann)
Tá áitiú aige chomh háirgiúil agus d'fheicfeá in do shiúl lae.
Níl easpa tada air — tá teach áirgiúil aige.
Ní raibh an teach siúd chomh háirgiúil ná baol air, fadó.
Duine áirgiúil — duine saibhir, 'bhfuil chuile shórt aige theastaíonns uaidh (.i. airgead, deis, maoin, eallach srl.)
Duine áirgiúil é T. Mh.
Tá sé an-áirgiúil — níl áirge ar bith 'dul uaidh
2.
fairsing, limistéar a bheith faoi (an tAchréidh — Tomás Ó Máille).
+–
Teach áirgiúil é tigh Mh. F.
Beidh tigh J. an-áirgiúil ach a mbí sé réidh.
TUILLEADH (6) ▼
Ní shílfeá go mbeadh sé leath chomh háirgiúil agus atá sé go dtéiteá isteach ann — fairsing
Tá an chisteanach sách áirgiúil — ró-áirgiúil — lig sé iomarca léithe, agus fágann sin na seomraí eile róchúng.
'Mura ndéana tú níos áirgiúla ná sin é,' arsa mise leis, 'is fearr dhuit fanacht sa teach a bhfuil tú.'
Dhá áirgiúla é, ní mór dhó é agus a bhfuil acu ann.
"Achréidh áirgiúil" (fc. lch 154, In Aimsir Emmet, Colm Ó Gaora)
"Tá potaí na mballach níos leithne sa mbearach agus níos áirgiúla idir béal an bhearaigh agus tóin an phota, arae ní mór don bhallach bealach níos leithne ná an gliomach le dhul síos" (lch 14 Obair is Luadhainn — Colm Ó Gaora).
Féach freisin
→
foireann
áirgiúil in iontrálacha eile (6)
→
bocht 1
Is breá áirgiúil an teach duine bhoicht é — teach breá áirgiúil é, ainneoin nach raibh tada le cois na sláinte ag an té ar leis é tharas aon duine eile san áit
→
deis
Tá deis agus cuid agus maoin aige sin. Dar príosta, dhá bhfeictheá a theach déarfá sin. Is breá áirgiúil an teach é, agus ní taise don ghabháltas talúna é atá aige