Ársú
—
stuadh a dhéanamh; árdú; strapadh suas. (Níor chualas aon-leas dhá bhaint as, ach leis an "ngrian" agus "lá").
+–
Tá'n ghrian ársuighthe go maith: caithfe sé go bhfuil sé tarraingt ar eádar shuth = tá'n ghrian árduighthe go maith sa spéir. ("Ag ársú" bhíos a' ghrian ó éirigheann sí go meadhon lae, agus a' "maolú" nó "ag ísliú" nó "ag dul siar" as sin go trathnóna, go dteighe sí idtalamh)
Is maith ársuighthe bhío(nn)s an ghrian anois ag a' deich a' chlog.
TUILLEADH (4) ▼
Is fada a bhío(nn)s ar a' ngréin ag ársú a' tráth seo 'bhliadhain = bíonn sé i bhfad sa maidin sul a n-árduigheann sí sa spéir.
Marach é bheith bun-deireannach sa maidin, ní bheadh a' ghrian chomh h-ársuighthe agus 'tá sí.
Is beag a bheadh le déanamh agad do leaba 'fhágál go mbeadh a' lá ársuighthe. Tá a gceart acab féin thart, le freastal do'n obair.
Bhí mé 'fanacht go n-ársuigheadh a' ghrian, go dteighinn in éadan a' sláimín féir.
+–
Fan go n-ársuighe an lá amach = ná h-imthigh go mbídh sé níos deireannaighe sa maidin.
Tá'n lá ársuighthe go maith anois = tá sé sáthach deireannach sa maidin.
TUILLEADH (3) ▼
Nuair ársóchas an lá tuille, tá sé chomh maith dhaoib an ghlaicín fhéir sin thiar a leigean amach = nuair a bhainfeas sé amach sa maidin, b'fhearr dhaoibh an ghlac fhéir atá thiar annsin, a thógáil as na cocaí agus é a scaradh amach faoi'n tiormach.
Níl a' lá sáthach ársuighthe fós, le aon sgulán (sgalán) tiorma a bheith ann.
Is dona na gnaithí 'bheadh ar dhuine 'bith a chorróchadh amach go n-ársuigheadh a' lá amach.
Ársú in iontrálacha eile (1)
→
deoch 1
Níl cinneamhaint ar bith anois ar dheochannaí pórtair agus an ghrian ag ársú (ó lár an earraigh go dtí lár an tsamhraidh)