ársaigh
—
stua a dhéanamh; ardú; strapadh suas. Níor chualas aon leas dhá bhaint as ach leis an ngrian agus lá.
+–
Tá an ghrian ársaithe go maith: caithfidh sé go bhfuil sé ag tarraingt ar eadarshuth — tá an ghrian ardaithe go maith sa spéir. "Ag ársú" a bhíos an ghrian ó éiríonn sí go meán lae, agus ag "maolú" nó "ag ísliú" nó "ag dul siar" as sin go tráthnóna go dté sí i dtalamh
Is maith ársaithe a bhíonns an ghrian anois ag an deich a chlog.
TUILLEADH (4) ▼
Is fada a bhíonns ar an ngréin ag ársú an tráth seo bhliain — bíonn sé i bhfad sa maidin sula n-ardaíonn sí sa spéir
Murach é bheith bundeireanach sa maidin, ní bheadh an ghrian chomh hársaithe agus atá sí
Is beag a bheadh le déanamh agat do leaba a fhágáil go mbeadh an lá ársaithe. Tá a gceart acub féin thart le freastal don obair.
Bhí mé ag fanacht go n-ársaíodh an ghrian go dtéinn in éadan an sláimín féir.
+–
Fan go n-ársaí an lá amach — ná himigh go mbí sé níos deireannaí sa maidin
Tá an lá ársaithe go maith anois — tá sé sách deireanach sa maidin
TUILLEADH (3) ▼
Nuair a ársós an lá tuilleadh, tá sé chomh maith dhaoibh an ghlaicín fhéir sin thiar a ligean amach — nuair a bhainfeas sé amach sa maidin, b'fhearr dhaoibh an ghlac fhéir atá thiar ansin a thógáil as na cocaí agus é a scaradh amach faoin triomach
Níl an lá sách ársaithe fós le aon sculán (scalán) trioma a bheith ann.
Is dona na gnaithí a bheadh ar dhuine ar bith a chorródh amach go n-ársaíodh an lá amach
ársaigh in iontrálacha eile (10)
→
aer
Bíonn an ghrian ard ar an aer agus an lá ársaithe go maith shul is mian leis an leaba a fhágáil.
→
féithuar
M'anam go raibh sé féithuar go leor ar maidin, ach ó d'ársaigh an lá, scairt sé amach go breá
→
deara
Tabhair faoi deara go bhfuil rud eicínt air, ar ala na huaire (fainic nach bhfuil rud eicínt air; tá rud eicínt air). Dhéanfadh páiste an fhoghail atá déanta aige sa ngarraí le coicís. Ní théann sé amach ar aon chor, go n-ársaíonn an mhaidin amach, agus sin iontas d'fhear a bhí ina mhochóireach chomh maith leisean chuile lá ariamh
→
deoch 1
Níl cinniúint ar bith anois ar dheochannaí pórtair agus an ghrian ag ársú (ó lár an earraigh go dtí lár an tsamhraidh)
→
diocach
Ar ndóigh ní in ann a dhul ag cur fhataí atá an diocach sin. B'fhéidir go mbainfeadh sé boirdín astu amach faoi Bhealtaine nuair a bheadh an aimsir ársaithe amach agus an teas ag teacht sa lá, ach má bheireann soinneán den tseanbhó ar chnocán rite air, tá a chuid bainne sláinte ólta
Tá an lá ag diúltú dhá sholas, muran duifean báistí é. Ní mheasaim go bhféadfadh sé a bheith chomh fada siar sa lá agus go mbeadh an oíche ag titim. Ársóidh sé amach aríst b'fhéidir, ar ball
→
dreas 2
Mura n-éirí creataí an tsamhraidh léithe, ní bhíonn dreas ná teas inti. Caithfidh tú an ghrian a thapú nuair a bheas sí ársaithe más leat móin mhaith thine a bheith agat, agus gan a bheith fearacht Ph. Á. a thriomaíodh í ar ana beag na Féile Michil
→
dúchan
Dhá n-ársaíodh an lá suas as an dúchan seo, b'fhéidir go mbeadh sé inrásta a dhul 'na phortaigh ar ball, ach níl aon ghotha maith air chor ar bith. Míle buíochas le Dia nach caillte an uair í!
→
dúiche
Má tá tú dhá thóraíocht sin lá ar bith roimh an dó dhéag, caithfidh tú a dhul ar an ngeadán is trioma den dhúiche. Is ann a bhíos sé go mbíonn an lá ársaithe go maith