→
amuigh
Amuigh aige (50+)
→
fiar
Cén diabhal ná deamhan a d'fhága an carr sin amuigh ar fiar ar an mbóithrín? An bhfeiceann sibh nach féidir le duine a dhul síos ná aníos aige?
→
fáinneog
Bhí maingíní agus bagáistí aige i chuile áit ar an gcarr, más amuigh ar an bhfáinneoig fhéin é. Tá mé ag ceapadh gur beag a d'fhága sé ina dhiaidh ag an teach chor ar bith agus an chaoi a raibh an carr foirgthe.
Leabharsa is olc an uair ag cur í. Tá sí róchoimhthíoch. An bhfeiceann tú dasachaí (gasachaí) réabtha as a lúdrachaí ag an ropadh seo? Mura n-éirí sé as an mbáistigh, is gearr gur dúchan a fheicfeas tú amuigh as éadan. Ach mar sin fhéin, ní hé an gairfean seo is measa aige. Ba mheasa go mór uair mharbhánta mhoirtiúil.
Bheadh a fhios ag aon duine beo gurb é a ghoid an coirce. Nach bhfuil a chosúlacht lena chois! Cé eile a mbeadh a fhios aige go raibh an mála sin amuigh sa scioból, agus gur inné roimhe sin a chuir mé ann é?
+
→
bealach
Tá an mhóin amuigh uileag ar bhealach an chairr aige.
TUILLEADH (1) ▼
San am a raibh na rógairí reatha ann fadó, ní raibh aon ghair ag fear bóthair ná bealaigh bheith amuigh deireanach. Bhainfidís a mbeadh aige dhi, agus b'fhéidir tuí srathar a bhualadh air ina aice sin.
→
beart
Ní thabharfadh sé le rá go gclisfeadh sé faoin mbeart féir, ainneoin go raibh a sceadamán amuigh aige dhá iompar.
→
críoch
Séard a bhí le déanamh lena leithide sin, a chuirfeadh bean ó chrích agus ó rath, breith air agus bró mhuilinn a chur faoina mhuineál, agus é a chaitheamh amuigh ar an meath mhóir. Bheadh sé sách maith aige, agus rómhaith — an bithiúnach.
→
cuach
Chuach sé suas M. seo amuigh le fuisce agus bladaireacht agus dheamhan a chos nach ndeachaigh in éindí leis. Dhá mbeadh breith ar a aiféala aige, b'fhada uaidh a d'fhanfadh sé, ach caithfidh an díth céille féin a bheith ann, arsa tusa.
→
buail ar
Is furasta dhó cois a bhualadh ar mhuintir na háite seo, mar tá airgead amuigh aige ar chuile ghinealach sa tír.
→
aire
Níl duine ná deoraí (níl duine ó Dhia anuas, mac an éin bheo, Críostaí an éin bheo, Críostaí an bhéil beo, ginealach an bhéil beo, mac an pheata, mac mioscais srl.) aige anois le aire a thabhairt don teach, agus ní fhéadfaidh sé fhéin freastal don áit istigh agus don áit amuigh (ní fhéadfaidh sé a bheith istigh is amuigh)
+
→
amuigh
Níl aon cheo istigh nach bhfuil amuigh nuair a bheas aon deoir caite aige — insíonn sé a mbíonn ina bholg nuair a bhíos aon deoir ólta aige (fc. istigh)
TUILLEADH (32) ▼
Tá sé sásta anois, ach an méid sin a bheith amuigh aige — ráite
Bhí a theanga bheag amuigh aige leis an tart.
Dhá bhfaigheadh sé isteach a bhfuil d'airgead amuigh aige, bheadh sé ina ridire — dhá n-íoctaí leis a bhfuil le n-íoc ag daoine leis, bheadh sé an-tsaibhir (fc. ridire)
Caitheadh sé sneachta ar lorg a bhfuil amuigh aige ansin siar — ní fheicfidh sé aon phínn go brách dhá bhfuil le n-íoc leis ag muintir na háite sin siar.
Má tá airgead amuigh aige air sin, baineadh sé a shúil de.
D'fhéadfadh sé foireann nua a chur isteach lena bhfuil amuigh aige, ach drochsheans go bhfeicfidh sé mórán go brách dhe (fc. foireann)
Tá cuid mhaith amuigh aige nach bhfeicfidh sé go sleibhe.
Má tá rud amuigh aige ar an saol seo, déanfaidh sé dhá uireasa — ní íocfar leis é; níl na daoine in ann a gcuid fiacha a íoc
Ní ormsa is mó atá rud amuigh aige.
Mura mbeadh amuigh aige ach a bhfuil amuigh aige orainne, ní bheadh mórán údair clamhsáin aige.
Tá cuid mhaith amuigh aige, de bharr mine (plúir), nach bhfuil na daoine in ann a íoc.
Cuirfidh sé próiseannaí amach go gairid faoina bhfuil amuigh aige (próiseannaí = processes)
Bainfidh sé chuile phínn ariamh dhá bhfuil amuigh aige amach má chuireann sé próiseannaí amach.
Tá an t-airleacan caite anois aige mura n-íoca sé a bhfuil amuigh ag an mbainc air.
Is fada an méid sin amuigh aige — nuair a buailfí duine déarfaí seo lena chur i gcéill go mba mhaith an oidhe a bhuailte é, nó go raibh an bualadh tuillte aige.
Tuilleadh ghéar den diabhal aige. Is fada an méid sin amuigh aige — is fada a theastaigh an méid sin buailte nó guaime uaidh.
Is maith a rinne tú é, greadadh maith a thabhairt dó ó fuair tú faoi do neart é mar is fada an méid sin amuigh aige fhéin.
Níl trua ar bith agamsa do Ph. mar is fada an bualadh sin amuigh aige — is fada sin.
Deir tú leis adúirt liom go dtabharfadh sé go dtí Lá Samhna dhom lena bhfuil amuigh orm aige a íoc.
Is beag atá istigh ná amuigh aige anois nach bhfuil an drochbhail curtha aige air.
Níl bonn bán aige anois. Tá a raibh istigh is amuigh aige caite leis an dlí sin — troscán, airgead, talamh, eallach srl.
Níor fhága siad luach na cianóige istigh ná amuigh aige nár itheadar nó nár chrapadar leob.
Ní íocfaidh a bhfuil istigh is amuigh aige a chuid fiacha.
B'éigean dó a raibh istigh is amuigh aige a dhíol amach, mar bhí an bainc ag teacht anuas air.
Is maith a chuaigh sé as nach mb'éigean dó a raibh istigh is amuigh aige a dhíol amach.
Tá a chois (a láimh, a ghualainn, a ordóig srl.) amuigh aige — curtha as áit; níl sé chomh dona le briseadh.
Tá a shlinneán amuigh aige.
Más amuigh atá sí nó nach ea, níl aon ghair aige a mheáchan a ligean uirthi fós.
Tá a lúth amuigh aige ag obair (tá a thóin amuigh ag obair)
Beidh a lúth amuigh shula bheas an garraí siúd thuas curtha aige.
Tá a sceadamán amuigh aige ag obair (sceadamán = muineál)
Is mó a d'fheilfeadh néal chodlata dhom ná damh(n)sa — fear a bhfuil a sceadamán amuigh aige ag déanamh bóthair le seachtain.
+
Bhí leota dhá theanga amuigh aige fúithi — le fonóid uirthi; le drochmheas uirthi.
TUILLEADH (1) ▼
Dhá mbeadh a theanga amuigh ag an bhfiach dubh, d'fheicfeá an cochall faoin muineál aige ina dhiaidh sin.