Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

Féinne (16)

 
feanc
É sin riu! Tá sé in aon tulán amháin, agus ní bhainfeadh seacht gcatha na Féinne feanc as
 
aire
Ghoidfeadh cuid de na daoine í agus bíodh seacht gcatha na Féinne ina cionn ag tabhairt aire dhi.
 
Sin é Oisín i ndiaidh na Féinne. 'Sé ar fhága an anachain ar an ál — sin é an ceann deireanach déanach, agus níl beo den ál ach é anois.
+
fiann
Ní chorródh seacht gcatha na Féinne as siúd é — duine nó rud a bheadh daingean dochorraithe
TUILLEADH (5) ▼
Dhá mbeinn leis ó shin ní bhainfinn feanc as. Ní bhainfeadh ná seacht gcatha na Féinne. Tá sé in aon tulóig amháin agat!
Bail ó Dhia ar do chuid gróití in éadan na cloiche sin. Dheamhan seacht gcatha na Féinne a bhainfeadh aon iontú aisti, tá sí chomh geantáilte sin ann. Mura gcuire blast as í. Níor mhóir di sin cheithre chanta
Tá sé ar dheireadh na Féinne (fc. deireadh)
Tá tú in t'Oisín i ndiaidh na Féinne — duine fágtha ina chadhan aonraic i dteach a mbeadh an mhuirín ar fad scaipthe nó básaithe; teach d'fhuílleach baile srl.
Tá Seán anois ina Oisín i ndiaidh na Féinne. Níl beo dhá raibh ann ach é féin
 
Measaim go bhfuil an capall sin aige sách daidhciúil. Bhí siad thíos ansin an lá faoi dheireadh agus chaith siad uair an chloig léithe, ach dheamhan isteach ná amach a bhí aici, ach ina staic i lár an gheata. Seacht gcatha na Féinne ní bhainfeadh feanc aisti gur thogair sí fhéin corraí. Is diabhlaí contráilte thar a chéile a bhíos cuid de na capaill
+
'Sé deireadh na Féinne é — Oisín i ndiaidh na Féinne é; muirín a bhánófaí go dtí duine nó beirt, nó baile go dtí teach, nó ál éan go dtí éan amháin srl.
TUILLEADH (5) ▼
Smál eicínt a bhí orthu sin. Tá sé sin anois ar dheireadh na Féinne. Níl an deoraí eile acu sa gcomhaireamh ceann, théis go raibh dháréag acu ann
Is mise deireadh na Féinne anois. Dhealaigh a raibh de thithe eile ann uaim síos go bóthar. Tá mé liom féin anois ar bharr an bhaile
'Sí deireadh na Féinne anois an chearc sin. Níl fágtha agam dhá raibh de chearca agam ariamh ach í féin. Agus ní bheidh sí sin fhéin i bhfad ann má fhaigheann sé siúd aon ligean uirthi. Bhí chúig cinn fhichead acu agam dhá bhliain ó shin. Sin í an chreach agus an chreach nár roinneadh
Chonaic mise dhá theach déag ansin san am a raibh mé mo bhuachaill ag an S., agus níl ann inniu ach G. Tá sé ar dheireadh na Féinne … Ghread an chuid eile leo go Meiriceá, agus chuaigh scaipeadh orthu ar chuile chaoi. Ba deacair a gcur i dtoll a chéile inniu
Tá an bheirt sin anois ar dheireadh na Féinne. Bhuail díleá eicínt an chuid eile. Cailleadh iad ó dhuine go duine. Bhí ráite gurb é an teach nua a rinne é. D'athraigh siad amach aríst i seanscioból agus dheamhan imeacht a tháinig ar aon duine acu ó shin. Ach is beag an chreach atá ann anois go bhfóire Dia orainn, ar scáth beirt