→
fuin
Fuint (9)
Ní fhaca tú aon fhuile faile ariamh ó rugadh thú mar a bhí faoi mhuintir an tí seo thíos aréir. Chuaigh P. soir agus dúirt sé léithe seo thíos go dtiocfadh sé ar cuairt ar a theacht anoir dó. Bhí gasúir amuigh ag iarraidh bainne agus tae siúcra ar an toirt, agus díocas uirthi fhéin ag fuint aráin. Go deimhin dhá dteagadh, bheadh óstachas faoina chomhair. Ach baol air sin a theacht. Níor chuimhnigh sé amháin air
+
→
fuin
Chuile uair dhá ngabhfá ag fuint cáca fadó, chaithfeá ceapairí a chur sa luath do na gasúir. Níl an faisean sin acu chor ar bith anois
TUILLEADH (5) ▼
Níl fuint ar bith ar an gcáca sin. Ní bean mhaith aráin thú ar aon chor
Caithfidh tú fuint de réir na mine — nuair a stopfas an síol stopfaidh an fuirseadh; ní fhéadfaidh do dhola a dhul thar do shlí; ní fhéadfaidh tú a chaitheamh ach a bhfuil agat
Tá sé fánach againne a bheith ag comórtas le Muintir Ch. Tá beirt acu sin ina máistreásaí scoile, agus chuile dhuine sa teach ag saothrú. Níl pínn ná bonn dhá shaothrú sa teach seo. Agus caithfidh duine fuint de réir na mine
B'fhearr liom an ceann eile a cheannacht murach chomh daor agus atá sé. Ach caithfidh duine fuint de réir na mine
Is doiligh dhúinne airgead a chaitheamh ar theach nua. Tiocfaidh muid leis an seanteach go ceann tamaill eile. Caithfidh duine fuint de réir na mine
Bhí ceart ag an gcáca sin a bheith fuinte ar chuma ar bith agus an fhad is a chaith sí dhá dhiurnadh idir a lámha. Ach chreidim gur cáca grandáilte a bhí ann, agus nár mhór fuint duine uasail a thabhairt air