Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

Súiste oscair (3)

 
Tá sé chomh daingnithe istigh anois sa dream sin, agus nach gcuirfeadh súiste Oscair amach astu é
 
Cat! Ní mharódh súiste Oscair cat! Chonaic mise cat dubh a bhí thíos againn féin cheana. Bhí sé ag marú éanacha. Dúirt mo mháthair go ndéana Dia grásta uirthi é a chur faoi phota, ach d'ardaigh muid féin linn soir é ar an réiteach i nGarraí an Bh. Chraplaigh muid i dtosach é i riocht is nach bhféadfadh sé imeacht. Shaighid muid na madraí ansin ann agus chaith siad uair dhá streachailt. Diabhal marú! Chuaigh muid féin ansin ag caitheamh leis — gruáin mhóra mhillteacha — nó go raibh muid sáraithe. Diabhal marú. D'áitigh orainn ansin dhá chiceáil mar a bheadh football ann, ach diabhal marú. Ní fhaca mé aon rud beo ariamh a fuair an oiread spídiúlachta leis, agus i ndiaidh an méid sin ar fad bhí díogarnach anála ann. Dhá mbeadh aon chiall againn 'sé a bháthadh a dhéanfadh muid nó a chur faoin bpota, ach cár fhága tú an óige agus a chuid díocais. An bhfuil a fhios agat céard a rinne muid leis as a dheireadh: cupla feac láí a fháil agus a bheith ag gabháilt air nó nach raibh smeámh ann. Is minic a chuimhnigh mé air ó shin agus a chuaigh sé thríom. Ní raibh scrupall ar bith ionainn agus an chaoi siúd a chur air
 
Dheamhan siopa i nG. nach mbíodh sé sin ag díolaíocht leis scaitheamh. Bhí siad uileag sa mullach air faoi dheireadh, agus iad ag stróiceadh ag iarraidh an áit a chantáil. Tháinig an sirriam air míle uair, ach má tháinig féin, chinn orthu aon cheo a bhaint dó. Ní bhainfeadh súiste Oscair aon phínn as a chreatlaigh siúd!