ag (50+)
Nach tú atá ainbhiosach a dhul ag rá rud den tsórt sin i láthair comhluadair agus gan fiú is 'i gcead e (don) chomhluadar' a rá
+
→
athfhéar
Shílfeá go bhfuil athfhéar anseo istigh agat. Diabhal mé má mhaireann dó sin, gur gearr go bhféada tú a spealadh!
TUILLEADH (1) ▼
Is olc é an t-athfhéar sin ag gamhna beaga. Tá sé an-cheasúil agus dúnann sé a ngoile
+
Ní mhillfidh tú tada má shiúlann tú soir an ceannfhearainn. Tá réiteach fada fairsing agat ann.
TUILLEADH (2) ▼
Dheamhan buille a dhein sé ó mhaidin ach caite ar an gceannfhearann ag séideadh tobac uaidh. Is dóigh go bhfuil sé breoite ó ól an lae inné
Déanfaidh mé ceannfhearainn anseo. Ligfidh mé na giotaí suas go huachtar i ngreamús dhá chéile. Béarfaidh na cupla cúilín ar a chéile ansin thall ag an gcloich
Is minic leis an gceann céanna an drochfhocal a bheith aige — caint gháirsiúil, nó cúlchaint faoin gcomharsa
+
→
faiteach
Bhíodh muid an-fhaiteach fadó. Dhá bhfeiceadh muid póilí ná sagart ag teacht, ghabhfadh muid thar claí nó go dtéidís tharainn. Tá teanntás thairis sin sna daoine anois
TUILLEADH (3) ▼
Capall an-fhaiteach í siúd aige — giongach, róscanraithe; róscéinithe
Nach í atá faiteach anois nach dtaobhódh duine. M'anam nach bhfuil an deirfiúr eile amhlaidh: gurb í atá friochanta, téisiúil agat!
Níor fhan focal ar bith cainte aige ar a dhul suas ar an stage dó. Bhí sé ina fhudar fadar. Tá sé rófhaiteach le aghaidh na ceirde sin. Níorbh fholáir do dhuine an-cheann a bheith air le seasamh in áit den tsórt sin. P. L. an buachaill!
+
→
faitíos
Tá faitíos a bhriseadh air má théann sé ag obair chomh moch sin
TUILLEADH (33) ▼
M'anam nach ngabhfaidh mise ag imirt leat. Faigh cearrbhach eicínt eile anocht. Théis mo shé scilleacha a chailleadh aréir gan ionú ar bith! An té a bhuailtear sa gceann bíonn faitíos air a mhic ó!
Tá an-fhaitíos aige (air) roimh fhliuchán — cuireann sé faitíos air go bhfaigheadh sé fliuchán
Fainic a mbeadh aon fhaitíos ag an gcapall sin roimh an steamroller. Mura bhfaca sí ariamh í, b'fhearr dhuit duine eile a thabhairt leat dhá cinnireacht thairti
Níl rud ar bith is mó a bhfuil faitíos agam roimhe ná an fharraige
Níl d'fhaitíos aige siúd roimh T. ach an oiread is a bheadh aige roimh dhreoilín
Ag iarraidh faitís a chur orm a bhí sé ach níor chuir sé faitíos ar bith ormsa, ná ní chuirfeadh dá mbeadh sé ag scilligeadh cainte ó shin
Beidh tú amuigh nó go gcuirtear faitíos ort! Nach bhfuil a fhios agat go bhfuil an bóithrín sin síos síúil, fuagraí muid dea-chomharsanacht orthu, agus síocháin barainneach inniu Dé Máirt!
Cén t-údar go nglacfá scáth ná faitíos roimhe? Cén tuilleamaí atá aige leis?
Chuaigh an faitíos cráite air cheana. Tá sé ag dul chun dánaíocht aríst muis
Tá sé ag dul chun faitís ar an bhfear seo istigh
Tháinig sé ina fhaitíos orm nuair a chonaic mé an bheirt ag teacht —tháinig faitíos orm
Tá sé ag teacht ina fhaitíos air anois de bharr a bhfuil daoine a chumadh dhó
Bhí faitíos aige roimh an deartháir, ach chuaigh ag an bhfonn ar an bhfaitíos air ina dhiaidh sin, agus thosaigh sé ag spochadh léithe. Diabhal easna den deartháir nach dteagann isteach agus nach mbeireann air …
B'fhada a chaith sí idir fonn agus faitíos, ach chuaigh ag an bhfonn ar an bhfaitíos uirthi sa deireadh, agus m'anam ón diabhal go ndeachaigh sí ag an damhsa. Tháinig an t-athair i lár an mheán oíche thall agus fás fuinseoige aige, agus thosaigh sé ag gleadhradh an dorais leis …
Ní ligfeadh an faitíos dó féin druid a rá murach gur airigh sé an teannadh ar a chúl aige
Is údar faitís é an slaghdán seo. Tá sé ag cniogadh daoine
Bí ar bheagán faitís roimhe! Ar ndóigh ní beann atá agat air?
Is fear i bhfaitíos é anois, nó tá mise ag dul amú! — tá an-fhaitíos air
Bhí mé ag téamh le faitíos — faitíos ag teacht orm
Thosaigh sé ag rith le faitíos
M'anam nach ag creathadh ag an bhfuacht, ach ag creathadh ag an bhfaitíos a bhí sé leis an bhfaitíos; ba leis an bhfaitíos a bhí sé ag creathadh
Má tá an phian ag cothú air fós, tá faitíos orm dó — is faitíos liom nach ndéanfaidh sé aon mhaith; go mbásóidh sé
Is mór m'fhaitíos nach bhfuil an ceart agat. Dhá mbeadh, bhí againn
Tá sé ina fhaitíos anois! An bhfeiceann tú ag bailiú leo iad?
D'fhan mé uaidh ar fhaitíos go gceapfadh sé gur ag brú air a bheinn
Bhí sé ag creathadh le faitíos a dhul amach
Cuir an sceach sa mbearna faitíos na heirimisce. Tá asail ag fálróid ar na bóithrí sin agus ghabhfaidís isteach ann ar an bpointe. Cén bhrí ach dhá leagaidís an claí thoir agus a dhul san iothlainn!
Ná cuir na beithígh sin sa ngarraí siúd thuas inniu faitíos na heirimisce. Is fánach an chaoi a ngabhfaidís i mbradaíl sna goirt atá ag an gC. ansiúd lena n-ais. Caithfidh mé na claíochaí a bhiorú as seo go tráthnóna
Ná fág an seaicéad sin leis an tine ar fhaitíos na heirimisce. Ghabhfadh na cait sin ag macnas leis ar an bpointe, agus ní chónóidís go streachlaídís isteach i gceartlár na coigilte é. Triomóidh sé amárach amuigh ar an tom
Coinnigh amach ón rud sin faitíos na timpiste. Ní bheadh a fhios agat céard é sin
B'fhearr do dhuine eicínt cuairt a thabhairt ar na beithígh siúd ag an gcladach faitíos na timpiste. Bhí tuile mhór sa gclaise siúd aréir, agus is rífhánach a ghabhfadh ceann acu in ascar inti
Téirigh ag an dochtúr leis an taobh sin agat faitíos na timpiste. Deir tú go bhfuil an phian ag smearadh amach. Sin dea-chosúlacht. Deir siad má smearann an phian gur comhartha é nach bhfuil aon easna briste. Ach ní bheadh a fhios agat. Is fhearr a dhul roimhe in am
+
→
faoisc
Séard atá agat a dhéanamh an t-iasc sin a chaitheamh síos i gcúr na bhfataí agus bainfidh sin an goirteamas uileag as. Níl ag an iasc sin ach faoisceadh beag. Ólfaidh sibh an abhainn má bhruitheann sibh ar a aghaidh féin é
TUILLEADH (1) ▼
Ní mór dhuit dhá fhaoisceadh féin a bhaint astu sin. Tá siad dobhruite go leor. Níl a fhios agam cén sórt fataí chor ar bith iad. Mura bhfaighe siad bruith thar cionn, bíonn rollógaí istigh iontu mar a bheadh i gcáca