Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
aibí, abaidh, aibidh
aibidh: Conamara siar in áiteachaí; aibí: Cois Fharraige agus áiteacha ar an Achréidh
1.
barr nó toradh in alt a ghearrtha nó a bhainte nó a ite.
+
Tá an coirce aibí anois
Níl na spíonáin aibí fós.
TUILLEADH (4) ▼
Beidh na cnónnaí aibí lá ar beith feasta
Baineann sé an coirce shul ó bhíonn sé baol air sách aibí — Cois Fharraige; nó shula mbíonn baol ar bith aibiú air (shul = chul), Cois Fharraige), baineann sé an coirce glas.
Ná bac le é a bheith aibí! Ní raibh sé i gcraoibh fhéin nuair a bhain sé é.
Tá sé thar a bheith aibí. Tá sé ag titim dhá cheann — tá sé ag sceitheadh an ghráinne
2.
a.
imeartha, géarchúiseach rianmhar nó rianúil, seanórtha, éirimiúil (ní bhaintear aon leas as an bhfocal mar seo ach mar aidiacht).
+
Putach aibí go leor é — tá sé seanórtha nó géarchúiseach dhá aois.
Nach aibí an mhaise dhuit é! — nach géarchúiseach nó seanórtha an mhaise dhuit é
TUILLEADH (3) ▼
Bhí sé chomh haibí in aois a dhá bhliain déag le seanfhear ceithre fichead bliain.
Tá sé ró-aibí ar fad dhá aois — rósheanórtha
Ní raibh lá forfháis ariamh ar pháiste a bheadh aibí roimhe a aois ariamh — ní dhearna páiste seanórtha aon fhorfás (aon dul chun cinn, aon mhaith)
b.
abartha, tráthúil, greamannach, brabach a bhreith ar chaint.
+
Tá sé i gcónaí abaidh leis an bhfocal — duine a bheadh tráthúil, a d'fhostódh thú, nó a gheobhadh brabach ar do chuid cainte ar an bpointe.
Níl gair agat focal a chur as do bhéal nach bhfuil seisean abaidh lena fhocal fhéin le brabach a fháil ort — bheadh a fhreagra ar bharr a ghoib aige go tráthúil le t'aghaidh.
TUILLEADH (6) ▼
'Sé is abaithe dhár chuala mé ariamh — is abartha, is tráthúla.
Is abaidh an mhaise dhuit é
Tá sé ró-abaidh le caidéis ar bith a chur air — tá sé róthráthúil le cur chuige ná uaidh.
Ní ligfeadh sé focal leat go maidin, tá sé chomh habaithe sin.
Níl sé i gcathair Pheadair ná Phóil cainteoir is abaidh ná é — níl sé beo ná marbh cainteoir is tráthúla ná is géire ghreamannaí ná é.
Níor thúisce cara chainte buailte agam air, ná a bhí sé abaidh chugam — ní baileach a bhí bleid buailte agam air ná chuir sé stiúir chainte air fhéin agus a bhíog sé chugam

Féach freisin

aibí in iontrálacha eile (3)

 
aibigh
Seán: tá an eorna aibí; Tomás: aibíodh sí léithe go mbí sí tuirseach! Nuair a bheas muid réidh chuici, bainfidh muid í.
 
dubh 3
Tá na hairní ag duibheachan. Is gearr go mbeidh siad sách aibí anois
 
dóigh 1
Ba mhaith an dóigh do Ph. Ph. í a phósadh anois. Tá teach agus geadáinín talúna aici, agus dheamhan achar ar bith go mbeidh sí ag fáil an phinsean. Mullach an diabhail dó, nach bhfuil sí sách maith aige, má tá aois féin uirthi. Dar príosta is maith aibí an seanpháiste é P. féin feasta choíchin.