Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

an Luan (31)

 
Fágfaidh mé an Luan ag an gcladach. Is beag eile a bheas déanta agam ach a mbeidh mé réidh leis an trá — ag obair sa gcladach a bheas mé Dé Luain
+
"Murach an taoille sa mbealach, dhéanfainn eolas an bhaile a mbíonn tú; Rachainn do d'fhéachaint chaon Satharn, a stóirín, agus ar maidin Dé Luain" (as Neilí)
TUILLEADH (1) ▼
Gheall sí a bheith anoir leis an Luan dar gcionn, ach mo chreach mhaidne thú, ní fhaca mé amharc uirthi i mbealach ná i ndearmad ó shin.
 
ainm
Bhí sé in ainm is a bheith ag sleádóireacht Dia Luain, ach níl an oiread móna i ndiaidh a láimhe agus a bhruithfeadh pota fataí dhuit.
 
Murach a chuid antláis, ní bheadh sé ar an táirm chéanna ó mhaidin go faoithin agus ó Luan go Satharn — murach é bheith fíorshantach, ní bheadh sé ag obair síoraí.
 
failic
Is diabhlaí an fhailic a rinne sibh ar an móin le cupla lá. Dheamhan dhá chaorán ann anois, théis gur Dé Luain a bhí mé i gcoinne aistir. Is suarach an t-ionadh nach ndíolann sibh aon fhód agus a bhfuil sibh a dhó
 
Tá foighid aici agus a bheith in ann éisteacht leis an ruibhseach de sheanbhean siúd ag ithe agus ag gearradh uirthi ó mhaidin go faoithin agus ó Luan go Satharn
 
An giocachín bocht, is gearr an bás uaidh. Tá sé dhá chailleadh fhéin ag obair agus ag luain drochlaethanta. Nach in forchruit ar fad air
 
deilbh 1
Ní dheilbheoidh muid é Dé Céadaoin. Tá geis ar an gCéadaoin a dheirfiúr mo chroí. "Bearradh Luain nó deilbh Chéadaoin, ní raibh ariamh gan osna nó éagaoin"
 
Dhá mbeadh chuile dhuine chomh deisiúil le chéile, ní bheadh fear mór ná fear beag ann, agus bheadh an saol ar deil. Ach níl sé mar sin, ná ní bheidh sé mar sin go lá an Luain
+
dia 2
Titfidh Lá Nollag ar an Luan i mbliana agus Déardaoin Dearg a bheas i lá na leanbh
TUILLEADH (15) ▼
Thug sé an Luan dom leis an bhféar ─ ag obair a chúnamh dhom
Tháinig an Luan ach níor tháinig Seán, ná an Luan a bhí chugat, ná an Luan ina dhiaidh sin aríst, ná aon Luan ó shin. Ach níorbh é ba mheasa ach mise fhéin a ghéill dó
Ó chaith sé an Luan, bheadh meas maith agam air. Shíl mé go raibh sé ag saothrú báis chuile mhionóid an lá sin
An bhfeiceann tú í sin thuas nach ligfeadh aon luaith amach Dé Luain. Deir sí nach bhfuil sé sonaí. Sin í an chailleach a bhfuil na pisreogaí aici
Níl ag dul síos leis ó Luan go Satharn ach an cheird sin
Tá tú réidh leis anois go Luan an Bhrátha ─ Lá Philipe an Chleite; lá an Luain
Dheamhan a chos sin a fhillfeas go Luan an Bhrátha. Tá baol air. Ó dhealaigh sé uathu aon uair amháin, ní thaobhóidh sé aríst iad
Dheamhan amharc a gheobhas tú ar do shluasaid aríst go Luan an Bhrátha. Ná bac le rud ar bith a bhfaighidh siad sin greim air. Caith sneachta ar a lorg
Go Luan an Bhrátha aríst, ní chuirfidh mise mo chois ná mo chnáimh isteach ina dteach. Tá mo chomhairleachan faighte agam anois
Tá mise réidh leis an ngrifisc sin aríst go lá an Luain, agus a údar agam faraor
Má fhaigheann na tincéaraí sin ligean ar t'asal, go lá an Luain aríst, ní bhfaighidh tú aon dé air. Do chumhachta cinn ní aithneoidh é
Mo lomadh Luain agus mo sheacht ndóláis, nár fhan mé mar a bhí mé agus gan an tabhairt seo a chur orm féin, scáth a bhfuil ar a shon agam
Lomadh Luain agus marbhfháisc ar an asal sin, mura bhfuil lasctha aríst dó. Caithfear a dhul ar a thóir anois muis, faitíos na fálach thuas
Lomadh Luain ar an bpiodarlán sin nach dteagann isteach agus gan é fhéin a chailleadh ag déanamh spraoi amach ansin. Meas tú an bhfuil spíonán ag gabháil linn nach bhfuil bainte aige aríst!
Luan soir agus Máirt siar, agus tá an Déardaoin sonaí soir nó siar ─ duine a bheadh dhá pósadh, ní ceart di a dhul soir ach Dé Luain srl.
 
dochar
Má tá sí beaite féin is beag an dochar di. Sin é a maith agus a maoin ó Luan go Satharn
 
Tús Aoine agus deireadh Sathairn. Tá an Aoine in aghaidh na seachtaine. Lomadh Luain agus bearradh Céadaoine. Biseach an Domhnaigh agus ardú na Céadaoine. Dé Luain soir agus Máirt siar, agus tá an Déardaoin sonaí soir nó siar: anois an bhfuil aon cheann eile acu agat. Bhí siad sin ann ar fad roimhe seo, ach tá siad caite in aer anois
 
díol 1
Dhíol sé an déirce, ach m'anam má dhíol, nach i ngan fhios dá chnámha féin sin. Tháinig sé isteach ansin thuas áit nach raibh slí do choise de thalamh, agus an méid sin féin chomh maolscreamhach leis an bpláta sin. Chuir sé a chuid allais leis. Bhí sé amuigh moch is deireanach ag obair agus ag luain, ag rómhar agus ag fuirseadh. Rinne sé cat agus dhá rioball ann. Ach rinne sé seanfhear dhó (dhe) féin fiche bliain roimh an am freisin
 
díol 2
Rugthas air san oíche Dia Luain agus gan an chruithneacht ach cruaite aige. Chaith póilí trí huaire tigh Sh. an lá sin, agus bhí a fhios ag muintir Sh. go raibh an iarraidh fuisce ar na bacáin. Nach in é do dhíol!
 
Tá sí cuibhrithe istigh sa mbráicín údan anois agus gan mac an aoin bheo dhá taobhachtáil ó Luan go Satharn. Ach is beag an mhaith d'aon duine í a thaobhachtáil. Tá an oiread den dúnáras inti agus nach n-inseodh sí dhuit é, dhá mbeadh cruóg an tsagairt uirthi. Mura bhfuil ag Dia, sin é an chaoi a mbeidh sí maidin eicínt: básaithe gan ola gan aithrí