Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

béas (35)

 
Míle buíochas le Dia, níor thug mise an béasa sin abhaile liom chor ar bith. Mianach glan daoine a bhí i mo mhuintirse i gcónaí ariamh.
 
buille
Ní raibh a mhalrait de bhéas ag siúl ariamh fhéin leob: buille na feill a thabhairt do dhuine gan aireachtáil — sin é a mbeadh uathub.
+
Mura n-athraí tú béasa, níl mórán gnaithe anseo agat — mura n-éirí tú as an bhfaisean atá ort srl.
TUILLEADH (20) ▼
Mura n-athraí sé béasa agus éirí in am ar maidin, ní choinneoidh mise é (buachaill aimsire)
Mura n-athraí sé béasa agus ligean den ól, is beag an ghnaithe atá do theach aige
Níl cuimhniú ar bith féin aige béasa a athrú
Mura n-athraí béasa dhíot, an bhfuil tú ag ceapadh go nglacfar i dteach ar bith thú
Mura n-athraí sé béasa, tá gnaithe mhór de theach aige go deimhin
Má athraíonn sé béasa, b'fhéidir go dtabharfaí aird eicínt air ach dheamhan a fhios agam
D'athraigh sé béasa go mór ón uair a bhíodh sé ag ól
Athróidh tú béasa nó fágfaidh tú an áit seo — athróidh tú t'fhaisean nó do chleachta sin nó caithfidh tú imeacht as seo
Baol ar siúd go deimhin béasa a athrú: tá an iomarca dúil san ól anois aige le éirí as
Is beag an baol air béasa a athrú: beidh sé ar an gcóir céanna an fhad is a mhairfeas sé
Dúirt sé liom mura n-athraínn béasa go dtabharfadh sé bóthar na muice báine dhom
Ná taobhaíodh sí mise níos mó mura n-athraí sí béasa agus í fhéin a iompar go caoithiúil
Mura n-athraí tú béasa aige siúd, ní thabharfaidh sé mórán ceathrú anama dhuit — ní thabharfaidh sé móran airleacain nó ionú duit (ag obair dó srl.)
Nach bhféadfá béasa a athrú uair eicínt agus gan a bheith ar an táirm chéanna i gcónaí
Chuir mé aithne air mura n-athraíodh sé béasa, agus buille maitheasa eicínt a dhéanamh, nach gcoinneoinn lá ná leiceann thar an lá cairde é — chuir mé pearúl nó fainic air mura n-éiríodh sé as an leadaíocht agus as an spreallaireacht, nach gcoinneoinn lá é níos faide ná an uair a bheas a aimsir istigh
Mura n-athraí sí béasa agus fanacht in éadan a cuid leabhar san oíche, tharas a bheith ag imeacht ag guairdeall ar bhóithrí, ní dhéanfaidh sí aon mhaith
Caithfidh tú athrú béasa a dhéanamh — caithfidh tú do chuid béas a athrú; caithfidh tú éirí as an gceird atá ort (deirtear le duine olc, caifeach, achrannach, leisciúil srl. é.)
Tá sé ar athrú béasa anois.
Bhí sé in am aige athrú béasa a dhéanamh.
Ní dhéanfaidh sé sin aon athrú béasa tharas mar atá sé go héag.
 
D'aithneoinn go maith air agus an fonn frithgháire a bhí air, nach raibh sé ach ag séideadh fúinn. Sin é a bhéas sin. Mar dhóigh dhe gur leathcheanna chuile dhuine lena ais fhéin! Ba bheag an frithgháire a dhéanfadh sé muis an oíche ar ionsaigh S. Gh. é. Bhí rud thar gháire ar a aire an oíche sin!
 
daor 3
Tá bullán anseo thíos agam agus níl aon gharraí gabhann in Éirinn in ann é a chuibhriú. Tá a bhfuil de chlaíochaí ag gabháil liom leagtha go talamh aige. Níl a fhios agam faoi sheacht ranna an domhain cén súnás atá air. Dhá mbeadh sé ag fáil ocrais is mór adéarfainn, ach tá sé go bolg i bhféar chuile lá dá n-éiríonn ar a shúil. Ach déanfaidh mise cleas leis: cuirfidh mé ceangal na naoi ndaora air, go mbuaile mé a smut ar a chrúib agus a chrúib ar an talamh, agus sin ní fhágfaidh sé nó go n-athraí sé béasa
 
Ní dea-bhéas a thógfas sé sin chor ar bith feicfidh tú fhéin air
 
Mura n-athraí tú béasa, tá faitíos orm, sábhála Dia sinn, nach í an dea-chríoch a bheas ort. Ná bac le inín ar bith a ghabhfas thar chomhairle a hathar agus a máthar. Ní hé bara a leasa atá fúithi
 
Mura ndealaí tú leat anois a ghrabairín, beidh scéal agat air. Is deas iad do bhéasa. Ag iarraidh bior dearg a chur síos le mo dhroim. Rún atá agat mo bhruith agus mo loscadh. Chonaic mise gasúir ábhailleacha go minic ach ag an diabhal go raibh sibhse — crosaim aríst sibh! — sháraigh sibh a bhfaca mé ariamh
+
deas 1
Is deas í dar fia, más in é a béas!
TUILLEADH (1) ▼
Nach deas an béas a thug tú faoi deara dhuit féin: a dhul ag athléamh ar na daoine. Tá an diabhal ag cur chathaithe ort
 
M'anamsa má thaobhaíonn an duine uasal sin an teach seo feasta gurb í fáilte an doichill a bheas roimhe, agus ní thuilleann sé a malrait. Is beag an dochar dhó náire féin a bheith air: ag teacht isteach i dteach ar bith leis an méid a chloiseas sé ann a tharraingt go dtí an chéad duine eile agus a dhá oiread a chur air. Sin í a cheird muise. Nach gránna an béas é ag buachaill óg. Fhóbair mise an oíche cheana muise — murach gur casadh S. isteach — an bhróig a thabhairt dó. Ach bhí cás agam a dhul ag tosaí siúite ar bith agus S. istigh
 
déan 1
Ní bheadh aon tsásamh aige ann, mura ndéanadh sé a dhá dhíol óil. Sin é an béas atá aige i gcónaí
 
Is mór is fiú dhuit a bheith dealaithe amach uileag ó dhíogha na L. Sin iad an t-uisce faoi thalamh. Is leat uileag iad nuair a bheas tú ag caint leo, ach chomh luath agus a iontós tú do dhroim, tosóidh siad ag ithe agus ag gearradh ort. Sin é a mbéasa. Bhídís ag coiriúint ortsa freisin. B'fhéidir nár chuala tú féin é, ach chuala tuilleadh é. Is maith a rinne tú é agus a bhfágáil ansin
 
Nach í atá dúnárasach anois nach n-inseodh duit go raibh sí ag dul ag pósadh, ainneoin chomh mór le chéile agus a bhí sibh. Tá béasa na gC. aici
 
Tá dúrúch ar an mbó sin ag imeacht. Chaith sí an claí amach as an ngarraí inniu. As go brách léithe síos an bóthar agus fhóbair gur mharaigh mótar í ag ceann an bhóithrín. Leag sí an bhearna isteach i gclaí T. Sh. agus chuir sí na beithígh thrína chéile. Dheamhan cónú a rinne sí ansin go ndeachaigh sí sna cosa in airde bóithrín an chladaigh agus chloisfeá thiar aduaidh í ag géimneach. Chas D. Sh. Mh. aníos aríst í agus bhí sí ag iontú soir an bóthar murach go ndeachaigh mé roimpi agus a cur aníos go teach. Shíl mé i dtosach gur dúrúch dárach a bhí uirthi, ach dheamhan glae ná a dhath a bhí léithe. Thug mé chuig an tarbh í, ach ní dáir ar bith a bhí uirthi. Fuílleach a thug sé le déanamh dhom coinneáil léithe ar an mbealach anuas, agus murach scorachín le S. Mh. A., bheadh sí bailithe soir an bóthar aríst orm thar éis mo dhíchill. Sin í an diabhlánach agat. Bhí an dúrúch céanna anoir aríst uirthi — ag rith, ag géimneach agus ag gabháil dhá tóin in airde. Ach dar brí an leabhair ach a bhfuair mise istigh ar an tsráid í, thug mé cró dhi, agus fanóidh sí ansin go n-athraí sí béasa. Dheamhan greim le n-ithe a thug mé di ó shin, ná cuid de ghreim. B'fhéidir go mbainfeadh an t-ocras an dúrúch di. Mura mbaine, bainfidh neart maide di é. Tá an clampar ar bhó ar bith aniar as Conamara céanna