→
bioraím
biorú (44)
→
fothair
Is deacair dhó féar ná fothair a bheith aige lá is gur fhága sé an garraí sin thuas gan baint nó gur lobh sé ar a chois. Sin é a chleas chuile bhliain: Ag imeacht ag cipiléireacht agus ag biorú claíochaí nuair a bhí aige a ghnaithe a dhéanamh
→
bannaí 2
Bhí na scoilb róbhriosc, agus iad bioraithe rómhór, agus bhrisidís orm agus mé ag cur bannaí orthub.
+
→
bioraím
Tá sé ag biorú scoilb — ag cur barr géar orthu, i riocht is go mbeadh siad intsáite sna strácaí
TUILLEADH (27) ▼
Tá beart scolb le biorú agam.
Ní dheachaigh sé ar cuairt chor ar bith aréir, ach ag biorú scoilb.
Ní féidir corraí anonn ná anall aon oíche sa mbliain aige ar fud an tí, de bharr caoladóireachta nó scoilb a bhíonns le biorú.
Níl aon ghair agam a dhul ag biorú go ngéaraí mé an mhiodach seo.
Seanrasúr atá aige ag biorú na scolb.
Deir siad nach bhfuil aon mhaith ag biorú le fear ar bith mura bhfuil sé in ann an scolb a bhiorú le dhá scor scine.
Níl aon rath ag biorú leis, arae ní fhágann sé slis ar bith ar an scolb.
Tá siad gan biorú, leabharsa, más taobh leis sin atá siad lena mbiorú.
Tá fear an tí seo ag biorú claíochaí inniu
Ó tharla an lá a bheith diomalaithe anois orm, tiocfaidh mé scaitheamh ag biorú claíochaí.
Níl aon chlaí ag gabháil leis nach bhfuil bioraithe aige.
Shílfeá gur garraí gabhann é chuile gharraí ag gabháil leis, tá na claíochaí chomh bioraithe sin aige.
Sílim go bhfuil sibh réidh le aicearra a dhéanamh sa gcosán siúd níos mó. Tá an mhaolbhearna tógtha bioraithe aige ó inné, agus chuala mé gur bhac sé daoine a dhul ann inné fhéin.
'Sé anois a thráth muis, ag biorú an chlaí nuair atá an fhoghail déanta.
Sin é a bhuac sin, ag plé le clocha agus ag biorú claíochaí.
Bhí an claí bioraithe agam suas go barr nuair a thit sé in aon bhrúisc amháin go talamh aríst théis mo chuid anró.
Dhá mbeadh do chluasa bioraithe agat, bheadh a fhios agat céard a bheadh dhá rá leat.
Bhí a chluasa bioraithe nuair a bhí na hamhráin dhá rá — tá lear maith amhrán aige, arae d'éist sé leo gur thóg sé iad
Má fheiceann tú ag biorú na gcluas é (asal) fan uaidh, mar sin é a fhaisean i gcónaí nuair a bheas sé le farra a thabhairt fút.
Chonaic mé an coinín ar a ghogaidín agus a dhá chluaisín bioraithe aige.
Is beag adéarfar i ngan fhios dó. Coinníonn sé na cluasa bioraithe i gcónaí.
Má choinníonn tú do dhá chluais bioraithe, agus aird a thabhairt ar an rud adéarfas an máistir leat, cén stró a bheas ort é a thógáil ach an oiread le 'scoláire' ar bith eile?
Bíonn na cluasa bioraithe i gcónaí aige agus ní ligeann sé focal ar bith uaidh.
Ní raibh sé sin achar ar bith ag tógáil Gaeilge, ach bhíodh na cluasa bioraithe i gcónaí aige, agus a leaibhrín ina ghlaic le chuile shórt adéarfá a scríobh síos.
Shíl mé nuair a chonaic mé an madadh ag biorú a chluasa gur airigh sé coinín.
Airíonn an t-asal sin rud eicínt. Tá na cluasa bioraithe aige.
Tá na súile bioraithe aige i gcónaí le faitíos go mbeadh tada in aon áit i ngan fhios dó
→
bocht 1
'Sé an tsiocair a bhí agam i dtosach, mé a bheith ag biorú claí ar gharraí na bplandaí ansin thiar agus thit spalla ar ucht mo choise. D'fhan mar sin go cheann cupla lá agus rinne sí bracha. Dhá shileadh a lig mé aisti ó shin, ach is bocht an bhail atá uirthi fós.
+
→
airigh
D'aireodh sé an biorán beag a thitfeadh sa domhan thoir, bíonn na cluasa chomh bioraithe sin aige.
TUILLEADH (1) ▼
Murar airigh sé mé ag glaoch air, ní cheal biorú ar a chluasa é muis.
→
fosaí
Chuir mé an t-ógánach seo ag fosaíocht ag an gcladach inniu ach go deimhin agus go dearfa, is olc an fosaí é. Lig sé na beithígh aniar thar an gclaí sa gcoirce agus é féin ag rith i ndiaidh coiníní. Go deimhin theastódh na claíochaí siúd a bhiorú. Dhá mbeidís bioraithe, ní iarrfaí a ghnaithe air
Sin é ar ndóigh an dearcadóir atá sa mbeairic. Is beag a ligfeas sé sin thairis deirimse leat. Tá sé ag dul thart i gcónaí agus na cluasa bioraithe aige ag iarraidh fairnéise
→
deilbh 1
Dá mbeinn réidh le chuile dheilbh eile go dtí an churaíocht, ní leathanró í sin a dhéanamh. Ach bíonn duine meata ag dul i dtrá, agus ag tógáil clascannaí, agus ag biorú claíochaí, agus ag déanamh crúbáin
→
deis
Ní mó ná dá mbeadh sé ar mo dheis ceart anois go ngabhfainn do mo mhearú féin ag biorú claíochaí. Tiocfaidh na claíochaí leis an gcaoi atá orthu, nó go bhfaighe na daoine ionú maith ar a dhul ina n-éadan. Seo í an mhí dhubh ar aon chor, agus níl mórán bearradh le baint ag aon cheo den talamh
→
diúltú
Bhí diúltú aige roimh an aifreann ariamh fhéin, ní dhá roinnt leis é! Síos ag iascach, ná suas ag gróigeadh móna nó ag biorú claíochaí a bhuailfeadh sé ar uair an aifrinn, sé sin chomhuain is a bhí sé de rath air aon bhuille mhaitheasa a dhéanamh
Tá sé suas ansin ag dochtúireacht le claíochaí le dhá lá, ach ní fheicim mórán bioraithe aige ina dhiaidh sin
→
díocas
Sin é an rud a thug giorrachan saoil dó. Níl aon lá dhár éirigh ar an bhfear sin nár chuir sé chuile fhéith ina chorp faoi dhíocas oibre, ba chuma sa mí-ádh céard a bheadh sé a dhéanamh. Mura mbeadh sé ach ag biorú scoilb, bhíodh an oiread sníomh agus útamáil aige agus dá mba ag iomramh báid mhóir a bheadh sé. Nuair a thugas duine faisean faoi deara dhó féin is deacair leis scaradh leis