Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
bolmántacht
ag caint go gairgeach go colgach nó go gaisciúil; glagaireacht; glaomaireacht.
+
Dhéanfá bolmántacht go maith, ach is beag an chur leis atá ionat.
Lig de do chuid bolmántachta anois agus ná bíodh na daoine ag gáirí fút.
TUILLEADH (3) ▼
Chaith sé an oíche ag bollaireacht agus ag bolmántacht dhá bhfaigheadh sé an té a thabharfadh aird' air — bhí sé ag glagaireacht agus ag déanamh gaisce, agus ag cothú achrainn ar feadh na hoíche, ach níor thóg aon duine suas air é ná ní dheachaigh aon duine i nglacamas lámh leis faoi.
Má thugann tú airde ar a chuid bolmántachta sin, ag troid agus ag bruíon a bheas tú chuile oíche Dhomhnaigh sa mbliain.
Chuirfeadh Pádraig ó bholmántacht é dá dtugtaí cead a chinn dó.