Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fód

bord (50+)

+
fiar
Ní thiocfaidh an bád sin sa gcéibh. Tá sí ag fanacht ar an mbord soir gan fiar ar bith — gan camadh; gan féithiú isteach; tá sí sa gcúrsa díreach
TUILLEADH (1) ▼
Cuirfidh mé geall leat go dtabharfaidh sé fiar dó fhéin soir anois, agus gurb ón taobh thoir a ghabhfas sé isteach ann. Ar bhoird mar sin a theagas sé i chuile theach. Is dóigh gur briotais é atá aige
 
Bhí farraige cháite dhá cur go frídeoir orainn le gaoith bhoird. Shíl mé nach sáródh muid choíchin é. Ach bhí togha an bháid againn. Níor mhór dhúinn fhéin go raibh.
 
Is geall le caora sheachráin nó le reithe fuaidrimh é. Tá sé de gheis air gan an darna béilí a ithe ar aon bhord, ná an darna hoíche a chodladh ar aon leaba, ach ag imeacht i ndiaidh a chinn roimhe mar sin.
+
caidhl
Tá an bord sladta aige. An bhfeiceann tú an chaidhl scilleachaí agus sé pínneachaí atá aige?
TUILLEADH (1) ▼
Bhí caidhl de phíosaí trí pínne agus de phínneachaí lena ais. 'Sé a chrap leis a raibh (de airgead imeartha) ar an mbord anocht
 
cailm
Tá braon maith ar bord aige, ach má tá fhéin, dheamhan cailm air an bealach a dhéanamh abhaile.
 
ceas
Chloisinn m'athair ag rá nach n-itheadh T. Ch. a bhí ansin thiar ach dhá cheann de ló, ach nach n-éiríodh sé ón gciseoig nó ón mbord, go mbíodh dhá phíopa tobac caite ag chuile dhuine eile. Sin é an buachaill a chuireadh an ceas air fhéin!
 
Tá cion tí idir chaon bhord dhíobh. Deamhan bréag ó chuaigh sé ag leagan amach iomrachaí ann, nach é a rinne na cláirseachaí fada fairsinge
 
Tá tú i mbealach an bhoird — san áit a mbeadh an bord le cur.
 
Ní féidir na fleascannaí bealaithe sin a líonadh i mbord chor ar bith. Cléibhín nár mhór do dhuine ina n-éadan (fleascannaí — cineál feamainne atá leathan tanaí ar dhéanamh cláir)
 
beanna
Dheamhan cuimhne ar bith a bhí agam go dtabharfadh mo sheaichtín a bheanna leis. Nach feidheartha atá an bord! — ó tharla nár buaileadh a seacht, caithfidh sé nach raibh aon mhámhasaí mórán istigh.
+
crinn
Má fhaigheann sé siúd aon ligean ar do choileachín, an bord ní fhágfaidh sé go gcrinne sé an cnáimh deireanach, arae tá sé dúlaí ag an bhfeoil.
TUILLEADH (1) ▼
Is olc a chruthaigh sibhse nuair a bhí sibh fhéin agus bád R. ag crinneadh a chéile ar an mbord amach nár shnámh sibh amach os a gcionn agus iad a phlúchadh. Gheobhaidís rud le déanamh an uair sin í a thabhairt glan ar an mbuaí.
 
beo 1
Cuir isteach an fód beo i lar an bhoird.
+
biorach 1
Nach feidheartha a bhí an bord agus an dó beag a ligean isteach biorach — ba dona na cartaí a bhí amuigh lá ar ligeadh an dó beag (hairt nó muileata) isteach gnóiteach
TUILLEADH (1) ▼
Chuaigh ceathair muileata biorach timpeall an bhoird go dtí fear roinnte (fear déanta) — is dóigh gur lom nó gur imir fear tabhartha é, agus go dtug sé cuairt an bhoird gan a bhualadh
 
blogam
Tá blogaimín ar bord aige — tá ól déanta aige; tá blogam caite aige
 
'Sí an bhoigréis sin a fhágfas ar deireadh sibh fhéin. Níl planda agaibh anois le cur i mbord ach iad tugtha uaibh agaibh don tír.
+
bruach
Bruach an phortaigh, an bhóthair, na habhann, na locha, na farraige, lócháin, an bhoird, an bhéil, na carraige, na trá, na huaighe srl.
TUILLEADH (1) ▼
Bhí sí luchtaithe aige bruach ar bhruach leis an tslat boird. Ba mhór liom fhéin faoi dheireadh a raibh sé a chur inti, arae bhí sé bungharbh agus clagfharraige ar ghob an Bhranra. Ach dheamhan maith a bhí dhom ann. 'Is mór an lá a bheas ann,' adeir sé, 'nó beidh mise in ann farraige a bharraíocht'. Is beag an stró a bhí air.
 
aer
Tá caipín an chnoic sin bord ar bhord le barr an aeir.
 
Ná leag ar forbhás ansin é nó tabharfaidh sé anuas a bhfuil ar an mbord in aon bhrúisc amháin.
+
buail
"Nach trua mé ar bord cuain, agus gan mo charaid le glaoch; buille gualann ní bhuailfidh dhom go deireadh mo shaoil" (Antoine Mac Conmara — Seán Mac Conmara a chum)
TUILLEADH (2) ▼
Thairg sé iomlacht trasna cuain dóibh ach tháinig gaoth bhoird air, ach níor bhuaileadar tír ag an gcaladh thall chor ar bith.
Tá an cur buailte i mbliana, ní nach ionadh. An t-am a raibh mé ag cur an chúilín thoir sa bpáirc sin thuas, bhí na fóide boird i gcruth a ndóite, agus ba bheag ab fhiú ar chaith sé de bháistigh ó shin.
 
buan
Tá an fhíormhóin sin an-bhuan. Bhainfeá lá go n-oíche as bord an chléibh dhi.
 
buta
Bhí lán buta de leathchorónachaí caite ar an mbord ann.
 
M'anam nach í an chréafóg airiúil is fhearr a raibh barr uirthi i mbliana chor ar bith. Nuair a bhí mé ag cur sa bPáircín Ard ansin thuas, bhí na boird dóite inti agus dar príosta is ait na fataí a bhí inti ina dhiaidh sin.
 
amach
Chaith sé a raibh ina phócaí amach ar an mbord.
 
Meas tú cé mhéad a bhainfeadh an siúinéirín amach ar bhord a dhéanamh do dhuine.
 
'Sé an t-antlachán ag bord é.
+
anuas
Leag sí anuas bord agus béilí breá beatha.
TUILLEADH (1) ▼
"Leagadh anuas chugainn bord a raibh gloiní agus cárt air; agus cúilín fáinneach le m'ais ina suí" (Máire Ní Eidhin — Raiftearaí)
 
aníos
Thug mé bord feamainne aníos ón gcladach.
+
feacht
Tá an tslat bhoird uirthi anois dhá mbeadh feachta uirthi
TUILLEADH (1) ▼
Is gearr go mbeidh na feachta sin caite. Millfidh siad an tslat bhoird, millfidh sin
 
Tá feamainn ar aon chois sa gclochar siúd. Ní bheidh achar ar bith orainn cúig nó sé de bhoird a bhaint ann.
 
Bhuail mé mo lorga faoi chois an bhoird agus chaith mé an lá ag fiodrince ar fud an urláir ler chuir sí de phian orm
 
"Tháinig mé isteach go dtí Fionnbheara Mheá; A ghunna ina láimh agus é i gcionn (ag traenáil) a chuid airm; Bhí fuisce ar an mbord aige, agus muiceoil dhá róstadh aige; Agus fiche fíodóir i gclúid chois an teallaigh ann" — as giota filíochta: An Bheirt Shíogaí
 
Fionn 1
B'ait iad na seanfhondúirí go ndéana Dia maith orthu! Bhuailidís greasáil ar a chéile scaití nuair a bheadh braoinín ar bord acu, ach ní bheadh aon chuimhne air lá arna mhárach. Dheamhan gangaide ná aicis a bhí iontu. Bhí siad go maith lá an anó. Á, is cóir adeir siad, gur imigh Fionn agus na Fianna
 
Titfidh an leabhar sin mura gcrapa tú isteach í. Tá sí ar forbhás ar chorr an bhoird
 
fostú
Bhí fostú agam ar an gconcar ar bhord na curaí agus diabhal mé gur réab sí an duán agus gur imigh sí uaim ina dhiaidh sin. Bhí mo leas ar Dhia nach isteach sa gcurach a tháinig sí!
 
fuaigh
Níl meilsceánach ar bith sna fuaigheannaí beaga sin. Dhá dtugtá bord amach faoin Oileán Aerach nó faoi Dhuibhnis, sin é an áit a bhfeicfeá í
+
fás 1
Bhain muid cheithre boird d'asal ann, ach má ba ea, fás a bhí inti — bhí sé a dó nó a trí de bhlianta ó baineadh faoi dheireadh í
TUILLEADH (1) ▼
Tá fás ar mo roinnse i mbliana. Athrú anuraidh a baineadh go deireanach í. Ní bheadh bord go deo agat le fáisín
 
Íochtar an bhoird, an chléibh; íochtar an tobáin, an bhairille (tóin), srl.
 
Chuir sé scian ina seasamh ar a faobhar i siúnta an bhoird agus gan aníos di ach a barr. Bhí a fhios aige gur uirthi a shuífeadh an ceann eile chomh luath agus a thiocfadh sé isteach
+
feadh
'Sé an áit a raibh sé ar feadh na n-urchair sínte faoin mbord
TUILLEADH (1) ▼
Ar feadh is a raibh de bharr an churaigh sin ó ceannaíodh í, bhí sé chomh maith a bheith dhá huireasa. Dheamhan ceo a buachadh uirthi. Níor baineadh bord feamainne léithe, agus níor mharaigh sí breac le dhá bhliain