Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
brúitín
1.
fataí bruite a mheilt nó a mhionú agus amantaí im a chur thríothu. Tugtar brúitín do pháistí.
+
Nach thú an páiste go ndéanfaí brúitín duit!
Tá sé in am agat éirí as an mbrúitín feasta choíchin.
TUILLEADH (2) ▼
Níl aon im agam le brúitín a dhéanamh dhuit.
Caithfidh tú an brúitín a ithe ar aghaidh, d'uireasa ime.
2.
leathnóg nó mionbhach a dhéanamh de rud ar bith.
+
Thit cloch ar mo chois agus tá sí ina brúitín.
Tá a láimh ina brúitín an áit ar rugthas idir dhá chloich uirthi.
TUILLEADH (4) ▼
Déanfaidh mé brúitín díot le iarraidh.
Rinne sé brúitín dá smut le dorna — chuir sé as cuma é
Tá an criathrach ina bhrúitín ag an tuile — tá sé chomh bog le gruth
Shuigh sé ar mo hata agus rinne sé brúitín dhe faoi
·
Ní raibh mé in mo bhrúitín ariamh go dtí anois — tá mé sáinnithe nó i gcruachás. Tá mé ar an bhfaraor géar.
Tá an saol (an aimsir srl.) ina bhrúitín anois — tá an saol srl. corrach, briste nó ina bhrachán

brúitín in iontrálacha eile (2)

 
Rinneadh cac leicín de le ar buaileadh air; rinneadh leicíneach (brúitín, stolpán srl.) de le ar buaileadh air.
 
daigh
Daigh ghoile a theacht air siúd go deimhin! Tá coimpléasc aige siúd a leáfadh an chloch ghlas dhá dtugtaí dhó ina bhrúitín í. Is air, mo léan, nach mbeadh an mhairg. Chonaic mise ag ithe fataí fuar beithíoch cheana é