Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

breith (100+)

 
Tá daidhce eicínt ar an sáirsint agus é a bheith chomh luaineach ar a chois anocht. Níor chónaigh sé ar feadh na hoíche ach ag dul ó chloigeann an R. go dtí ceann an bhóthair. B'fhéidir gur san airdeall ar M. atá sé. Más ea, béarfaidh sé air go siúráilte. Tuilleadh ghéar den chlampar aige — nach bhfaireann é agus aire a thabhairt dhá ghnaithe, agus fios aige nach bhfuil an ceann eile ach ag iarraidh breith thall air go dtuga sé chun cúirte é. Diabhal blas eile
 
Leagadh anuas dhá dhaigéad de dhá chloich i mínis (i bhfianais) an ghiúistís. 'Siad a chaith an bheirt thiar. Shílfeá nach éadáil mhór ar bith an t-amharc a thug duine acu ar na clocha. Ba mhó dhá fhonn a bhí air déarfá, breith uirthi agus a caitheamh aríst. Tháinig scéin sa ngiúistís
 
Tá breith daingean ag na clocha isteach ar a chéile. Is maith a cuireadh ar an scair iad, gan bhréig gan mhagadh
 
dalba
Ba dalba an oíche í sin. Bhí na scaltrachaí ag breith ar a chéile agus mé ag teacht aniar an bóthar. Shíl mé dheamhan fata a changlóinn le mo ló aríst
 
Tá sé sin damanta má damnaíodh aon duine ariamh — ach diúltaí muide dhó. Tús na breithe ag Mac Dé! Bhí sé go suarach, go ndéana Dia grásta air!
 
Tá a bhfuil sa teach damnaithe aige anois ag iarraidh imeacht go Sasana. Diabhal mise muis, go bhfaigheadh sé cead a chinn murach chomh baolach agus atá an áit thall faoi láthair. Nuair a bhí sé suaimhneach, agus gan tada dhá chaitheamh anuas ann, ní raibh luí ar bith aige a dhul ann. Ach anois níl breith bonn báis aige go mbeidh sé imithe. Is beag dhá chuid contráilteachta é mo léan
+
danra
Tabhair cead a comhairle féin di. Muran buil léithe a phósadh bíodh aici. B'fhéidir go bpósfadh sí ar ball é dhá mbeadh breith ar a haiféala aici. A chomhairle féin do mhac dhanra agus ní bhfuair sé ariamh níos measa
TUILLEADH (1) ▼
Ní gan uí gan ó an poitín céanna agus é a dhéanamh. Ceird dhanra é. Diabhal bréag nach ea, agus b'fhéidir théis do chuid crácamais ar fad, nach mbeadh dhá bharr agat ach na caipíní speiceacha seo breith ort agus do shé phunt a fháscadh ort, dá mbeifeá taobh leis
 
daor 2
Ná bac leis an dlí sin! Nach raibh an díthreabhach bocht sin daortha shula tugadh isteach sa gcúirt ariamh é. Dheamhan blas fios acu sin ar dhlí ach an oiread is atá agamsa nach raibh i gcúirt ná i gcaibidil ariamh. Ba ghnaíúla go mór dhóibh breith ar an bhfear sin agus a chrochadh as láimh, ná cúirt mhuga magadh mar sin a chur air
 
Tharaibh, tharaibh faic! Tugaidh an dara hairt dó an crúbálaí mura bhfuil sé in ann breith uirthi!
+
Dea-bhreith ó Dhia orainn!
TUILLEADH (4) ▼
Go dtuga Dia dea-bhreith orainn!
Dea-bhreith go bhfaighe muid!
Dea-bhreith orainn ar an lá deiridh!
Má bhíonn an Naomh Pádraig ina bhreitheamh orainn, tabharfaidh sé dea-bhreith orainn le cúnamh Dé. Gheall sé nach bhfágfadh sé Clainne Gael ar deireadh
 
Tugtar dreoilín eicínt acu i gcónaí don deachma … Tuige nach bhfaca tú aon dhuine ariamh ag iarraidh dreoilíní do cheirt na n-easpaí. Caithfidh tú a bheith ag tóraíocht agus ag síorthóraíocht go bhfaighe tú nead a mbeidh dhá dhreoilín déag inti. B'fhéidir nach mbeadh call mórán tóraíochta dhuit chor ar bith scaití. Bíonn neadrachaí dreoilín thar a chéile ann blianta. Scaití eile ní fheicfeá ceann ar bith … Nuair a gheobhas tú an nead, níl agat le déanamh ach na luipreacháin — na dreoilíní — a mharú agus a gcuid fola a chur ar sheancheirt. Caithfidh tú fuil as chaon cheann acu a chur uirthi. Mura gcuire ní bheidh aon mhaith dhuit ann. Breith ar an seancheann ansin — an rí — agus deirtear í a thabhairt don deachma. Ach is cuma cén ceann de na trí cinn déag a thabharfá don deachma sa gcás sin. Bíonn muirín mhór ar an dreoilín. 'Is mór mo mhuirín: is beag mé féin,' adeir sí … Beidh do chuid oibre déanta ansin, le ceirt na n-easpaí … Chuala mé go minic an scéal sin faoin dreoilín a tugadh don deachma. Tuige nach gcloisfinn. An bhfuil tú dhá iarraidh … (giota as cuntas faoi cheirt na n-easpaí a fuair mé ó m'athair)
 
Duine ar bith a dhéanfadh a mhacasamhail sin de rud, ní dea-chríoch a d'fhéadfadh a bheith air; tús na breithe ag Mac Dé
 
déag
Tá sé sna déaga is dá fichead ar éigean; tá sé ag breith amach ar na déaga is dá fichead; tá sé isteach sna déaga agus dá fhichead; níl sé mórán sna déaga is dá fhichead fós middle forties
 
déan 1
"Nuair a bhíos an gáire dhá dhéanamh, bíonn an caoineadh dhá bhreith"
 
Sin í an ubh dheireanach dhéanach anois sa teach, agus gan a fhios cén uair a bheas ach oiread. Tá na cearca fré chéile gaibhte ó bhreith
 
D'fheicinnse deileadóirí ar na haontaí roimhe seo ag díol tuirní agus rothaí tuirní ach ní fhaca mé aon duine dhá ndíol anois leis an tsíoraíocht. Bhí mná aráin agus abhrais ann an uair sin, ach cá'il an bhean óg in do thír inniu a bhfuil a fhios aici le breith ar thuirne agus próiste a shníomh. Tointe fada na hóinsí a bheadh ina diaidh, dhá mbuaileadh sí faoi
 
Chonaic mé muic mhara ag breith ar dheireadh ar bhradán fearna ansin thíos sa gcrompáinín an bhliain cheana
+
deis
Nuair a d'éirigh an deis leat, níor thapaigh tú í. Is fadó an lá a bheifeá i gcrích dhá dtugtá aird ar do mhuintir. B'fhéidir dhá mbeadh breith ar t'aiféala anois agat go dtabharfá
TUILLEADH (4) ▼
Cén deis atá teastáil uait. Faigh siséal agus déan snoíchan beag ansin air. Déanfaidh oiread na fríde é. Is beag nach bhfuil sé ag breith mar atá sé
Níorbh fholáir duit deis thairis sin le é sin a dheasú. Theastódh monkey-wrench le breith air sin. Ní chasfaidh tú é dá fuireasa
Ar an taobh siúd is fhearr dhó í. Beidh sí ar a dheis aige. Ciotóg é. Shílfeá nach bhfuil locht ar bith aici ar na gnaithí ach an oiread. Dheamhan cuibhiúlacht ar bith fanta sna mná anois, ná cuid de chuibhiúlacht. Is fada go ligfeadh bean fadó cead d'fhear breith uirthi os comhair na tíre mar sin.
Dhá mbeinn ar mo dheis, dhéanfainn sin féin, ach tálta (ó tharla) nach bhfuil, caithfidh sé fanacht go mbeidh breith ag na daoine air. Níl rud ar bith is géire a theastaíos timpeall an tí faoi láthair ná fail mhuc
 
Deiseal! Déan réiteach riu. 'Sé an chaoi a mbeidh sé agat as a dheireadh, go sábhála Dia sinn, tachtfaidh tú tú fhéin. Is ceart do chuile dhuine am a ghlacadh lena chuid beatha. Níl foighid ar bith agaibh ach é a sclamhadh. Shílfeá nach mbeadh breith ar an áit amuigh go deo agaibh!
 
deo
'Dhá mbeadh breith ar m'aiféala agam, ní ligfinn uaim í go deo deo,' adeir sé faoin inín
+
Níl deoraí an bhéil bheo agam anois dhár thóg mé ariamh ach mé fágtha lag lúbach anseo, agus gan an teas ag breith ar an bhfuacht agam
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh a fhios ag deoraí an bhéil bheo go raibh an braon sin agam, mar níor chaintigh mé amach as mo bhéal air. Agus nach maith ina dhiaidh sin go raibh na póilíos in ann breith thall orm. Níl tada ag dul uathu. Tá siad suas le chuile ní
+
dia 1
Tús na breithe ag Mac Dé! — ní ceart do dhuine breith a thabhairt ar dhuine eile i dtaobh a shaoil. Fágtar é sin faoi Dhia
TUILLEADH (1) ▼
Níl agat dia beag a dhéanamh d'aon duine nó go mbeidh a fhios agat chuile chor dhá mbaineann leis i dtosach. Chuala tú ariamh é gan do bhreith a thabhairt ar an gcéad scéal. Agus deir siad nach mbeidh aithne agat ar aon duine nó go n-ithe tú céad salainn leis
 
Is diachta dóibh maoin ná brá gill a bheith orthu agus chomh caifeach drabhlásach agus atá siad. Dá mbeadh dúiche an Ch. acu, ní fhágfaidís luach bonn bán uirthi, nach istigh ag mná ósta a bheadh. Is mór an seasamh acu é. Ach ní mhaireann an rith maith don each i gcónaí. Mo choinsias ní mhaireann. Tiocfaidh an lá fós agus dá mbeadh breith ar a n-aiféala acu, dhéanfaidís tíobhas in am
+
diaidh
Breá nár fhan tú go dtí ina dhiaidh sin agus bheadh breith mhaith agat air
TUILLEADH (2) ▼
Chuirfeadh fear ar bith i ndiaidh a chúil é, ach cá'il an té atá in ann breith isteach air ná dorna a sheasamh dhó
Chuaigh sé i ndiaidh a mhullaigh ann agus tuilleadh ghéar den diabhal aige! Ní raibh sé gafach le comhairle, agus tá a shliocht air anois. Bainfidh sí siúd deatach as. Ní raibh breith bonn báis aige nó go bpósfadh sé í sin. Spéir na gréine a bhí inti a mhic ó, má b'fhíor dó féin. Déanfaidh sí siúd spéir na gréine dhó (dhe) shula bheas sí réidh leis
 
Diaráiste leatsa a Dhia agus a Mhuire, is mór an toirneach í. Tá na scaltrachaí ag breith ar a chéile
 
Is dona na gnaithe a bheadh ort a dhul do do chailleadh féin suas an bealach díbeartha sin leithide an lae inniu. Dhá mbeadh an bóthar faoi do chois, níor chás duit é, ach ag coraíocht le réchosáin nach siúlfadh na gabhair. Ní leithne an t-aer ná an timpiste a mhic ó. Is fánach an chaoi a mbainfí leagan asat, agus thú a chur go dtí do dhá shúil i gcaochpholl. Tá do dhóthain breithe agat a dhul ansin. Is iomaí lá breá a thiocfas as seo go dtí Lá Bealtaine seo chugainn
 
Nach dícéillí an duinín thú fanacht amuigh do do chailleadh féin a leithéid de lá agus breith mhaith ar an obair sin ach a dteaga lá breá
 
Dheamhan filleadh ná feacadh a rinne sé ach breith ar an gclaimhe agus an Fathach Mór a dhícheannadh. Thug an ceann trí léim théis an corp a fhágáil dó …
 
Cén chaoi a ndearna sí díchúis dom? Breathnaigh ar a comhaois de bhromach: é sin thiar ag M. Dhá bhfaighteása breith is dá roghain ar an bpéire, cé acu a thógfá? … Ceann M. deile. Agus ansin déarfaidh tú nach ndearna mo cheannsa díchúis orm féin
 
ding
Is deacair aon bhuntáiste a fháil uirthi mura n-éiríodh leat breith uirthi le ginn ansin. Shílfeá go bhfuil sí ag síneadh ina bréidíní. Téirigh ag priocadh léithe ansin go ceann tamaill leis an nginn agus leis an ord, go bhfeice tú an bhféadfaidh tú aon cheart a bhaint di
 
M'anam muise gur furasta dhomsa ar leathuinsín gágach tae sa tseachtain chuile fhéith in mo chorp a chur faoi dhíocas ag obair. Ní hea, ach is mé is fearr ar bith agus a bheith in ann aon bhuille a dhéanamh ar an mbod siar eile sin (coffee). Ní mó ná dhá bhfaighinn dalladh feola agus dalladh pórtair go mbeinn in ann foghail eicínt a dhéanamh. Maidir le go bhfuil cothú fear oibre sa mbeatha atá ag imeacht anois — níl muise. Is ait atá na daoine ag cruthachtáil go bhféadann siad breith ar láí ar bith léithe
 
I nDomhnach níl ann anois ach roghain an dá dhíogha: í a dhíol ar bheagán, nó í a fhágáil ansiúd go ndéanfaidh sí deannach sna cruacha. 'Sé an áit siar a shaoirsigh móin. Tá siad dhá fáil ann ar bhreith a mbéil féin. Dá mbeadh na daoine gan a dhul ar páí chor ar bith ag an ngovernment ach a gcuid móna féin a bhaint, agus iad uilig a theacht suas ansin ar aon phraghas amháin, tá mise ag rá leat go mbeadh móin ina hór. Ach faigh thusa an dream a dhéanfas é sin. Gheobhair muis!
 
Ar chuala tú ariamh é: díoltas Dé, bíonn sé mall ach bíonn sé trom. 'Sé a thuar siad dóibh féin ar aon chor, ní ag tabhairt bhreithe orthu é — nár lige Dia go mba ea. Ní hé leathchóir Dé anois an bhail sin a bheith orthu, agus an dícheannadh a rinne siad féin ar an tseanlánúin a bhí ansin rúb (rompub)
 
díth
Óige agus díth céille atá air. Is furasta breith ar thóin fós air, má mhaireann sé
 
Deir siad go bhfuil sé sna Freemasons, diúltaímid dó. Ar ndóigh, tá sé ráite le mo chuimhne go raibh sé sin ag fáilt airgid uathu i nGaillimh. Ach bíodh aige. Beatha do dhuine a thoil. Má tá, beidh a fhios aige ar ball é, ní ag tabhairt bhreithe air é
 
Shín sí amach a dhá láimh, le breith orm agus mé a dhiurnadh aici, ach ní raibh mise ag iarraidh a cuid póga chor ar bith agus d'fhan mé glan uirthi
 
Ar dhlaoithigh tú na slata chor ar bith? Cén sórt gaota thú féin! Pota uisce síos go beo. Seoigí! Chugat! Níl aon bhreith ar an obair seo! Caithfidh an chiseoig a bheith déanta inniu
 
dlí
Is furasta breith ar theanga ar dhuine sa dlí
 
dlús
Fág mar sin an obair sin go ceann seachtaine. Tá breith mhaith uirthi sin. Níl aon dlús léithe
 
Nach é atá dlúsúil lena dhul ag cur coille. Shílfeá má bhí breith go dtí anois ar an gcoill sin, go mbeadh breith cupla lá eile uirthi. Ach tuaifisc mar sin é
 
dod
Má thosaíonn an raibiléara de chapall siúd ag gabháil le dod, meas tú ab é an sramacháinín siúd atá in ann a cheansú. Ní cheansódh muis, ná uan a bheadh théis a bhreithe
+
Bhí muid ag baint roinn fheamainne ansin thíos an bhliain cheana. Bhí P. L. in éindí linn. Ó tharla go mba strainséara í, chreidim gur bhain sí cupla dosán thar teorainn. Dar príosta d'éireodh sé dhúinn féin sách éasca más muid atá ag baint ariamh ann. Tháinig an gheabhróg siúd aniar agus gob uirthi. Chuir sí stiúir ropaireachta uirthi féin. Ní raibh an oiread náire ariamh orm os comhair an strainséara agus eile. Thairg muid di a dhul agus an oiread céanna a bhaint orainn. Thug muid breith a béil féin di. 'Sí atá doghrainneach ceart. Diabhal bréag!
TUILLEADH (1) ▼
Nach diabhaltaí doghrainneach anois a bhí sé faoin spré — théis gurb í a iníon féin í — nach ligfeadh sé an lao leis an mbó: lao óg. 'Dúirt mé,' adeir sé 'go dtabharfainn bó bhainne dhaoibh, ach níor dhúirt mé go bhfaigheadh sibh bó bhainne agus lao, agus ní bhfaighidh ach oiread. Dhá mbeadh breith ar m'aiféala agam, ní bhfaigheadh sibh an méid sin féin. Tá mé de dhroim tí agaibh'
+
Is fada síos a ghabhfainn agus gan a fhios agam cá'il mo luach saothair! Bhí mé cheana thíos ann ar bhainis Ph. N. agus dhá mbeadh breith ar m'aiféala agam, ní thabharfainn an tabhairt orm fhéin. Agus ba mhór liom a bheadh amhlaidh. Ba ag brú ar an doicheall ceart dúinn a dhul ann. Níor fiafraíodh cá dtáinigeamar, go raibh muid cupla uair ann, agus an uair sin féin ba suarach a caitheadh linn. Aon ghloine amháin fuisce a fuair mé ar feadh na hoíche. Dar lán an leabhair sin é an méid, agus ní mé an t-aon duine a bhí amhlaidh: dá bhfaigheadh T. Ph. cead a chomhairle féin, bhí sé ag dul ag déanamh brosna don teach. Ba é a dhéanamh leis é. Ní raibh an tine féin ann.
TUILLEADH (1) ▼
Deiseal! Deiseal! Glac t'ionú, agus ná bíodh an oiread sin uafáis ort. Shílfeá nach bhfuil breith bonn báis agat go mbeidh an greim deireanach slogtha agat. Ní hé a ghoid ná a fhuadach uait a dhéanfar. Ach tá a fhios agam go maith céard atá ort: fonn bóithreoireachta agus rabhaiteála (fc. rabhait). Is fada leat go mbeidh tú amuigh aríst
+
dóigh 1
Is maith an dóigh bradán é Poll na hEasa ar an aimsir seo. Tháinig mé anoir thar an linn aréir, agus bhí lonnadh ar an uisce. Is deacair breith sa mbaile ar E. aríst go ceann scaithimh. Cuirfidh sé ceirín den fhíoruisce air féin arsa tusa (ag dul san abhainn ag saighdeadh bradán)
TUILLEADH (2) ▼
Is gránna an dóigh do dhuine a leithide de chleas thútach a dhéanamh, ach nuair nach raibh iontu féin ach an tútaíl, nach gcaithfinn cam in aghaidh an chaim a thabhairt dóibh. Dá mbeadh breith ar m'aiféala agam aríst ní dhéanfainn é, ach ní raibh
Bhí dóigh agus an-dóigh oibrithe acu leis an mótar, ach cor ná car ní raibh siad in ann a bhaint as nó go dtáinig mac D. Ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach é a oscailt, breith ar wireín beag, lúbadh a bhaint as, agus deirimse leatsa nárbh é an t-achar ab fhaide go raibh sí ag geonaíl. Namhaid í an cheird gan a foghlaim ina dhiaidh sin
 
doirg
Nach doirg a labhair sé! Shílfeá nach raibh breith ar bith ar an gclaí a thógáil. Díol cam ar an tseanleic chéanna aige! Nach í an éadáil í
 
dol 1
Bíonn a dhola chomh mór amantaí, agus nach mbíonn an teas ag breith ar an bhfuacht aige
+
Tá sí ag breith dólámh — ag tabhairt páistí ar an saol i gcónaí, nó go minic
TUILLEADH (1) ▼
Maróidh siad na Gearmánaigh dólámh anois ó d'éirigh leo a bhfáil faoina spreacadh. Is iomaí créatúlacht a rinne na diabhail ariamh, agus níor fhreagair Dia orthu é ina dhiaidh sin. Ach níl againn a rá ach tús na breithe ag Mac Dé!
 
Tháinig an domhnaíocht raic (wrack) anseo ar thús an chogaidh, ach 'sé cuid an bheagáin atá ag teacht anois. Ara cén mhaith a bheadh do dhuine a dhul dhá tóraíocht dhá mbeadh sé taobh lena dtugann na póilíos de cheathrú shábhála uirthi. Ceo ar bith ach dhá bhféadainn a coinneáil dom fhéin fhéin go mb'fhiú dhom a dhul ag cur aistear an chladaigh orm féin deireadh oíche. Ach i nDomhnach chreidim gur fíor dhuit é: ní fhaigheann duine ar bith breith a bhéil féin
 
D'fhanfainnse muise in mo dhóthain murach an dlús a bhí liom thíos. Ní raibh aon bhreith agam ar an áit thíos
 
Tá an madadh sin aige diabhlaí oilbhéasach. Fhóbair dó breith orm ansin thuas aréir agus mé ag dul anuas leis an gcapall. Dar brí an leabhair, gheobhadh sé an dara hairt murach go raibh mise i dteannta ag an gcapall. Ní ghabhfaidh mé amach feasta d'uireasa mo mhaide. Tá cois fuipe agam, agus diabhal a mbeadh basctha di. Ar an dá luath is a nochtfaidh sé an drandal, tabharfaidh mise mo sheansnaidhm de mhullach cois na fuipe isteach ar na fiacla dhó. Dhá mbeadh drad madra alla air, dhonódh an iarraidh sin é
+
drann
An bhfeiceann tú an madadh ag drannadh (ag drantán freisin). Coinnigh i leith, nó b'fhéidir gur breith ort a dhéanfadh sé
TUILLEADH (1) ▼
Dar príosta, ní fhéadfar drannadh leis an airgead. Tá air sin a dhul ina bhealach féin. Níl aon bhreith ar an gcíos, hé brí céard a dhéanfas aon rud
 
Tá sé mar a bheadh dreancaid ann. Nuair a shílfeá breith thall air, bheadh sé scuabtha. Ach tiocfaidh sé ar ais aríst le priocadh eile a thabhairt fút
 
dréim
Dhá bhfaigheadh an cat a dhul ag dréim lena chuid crúcaí, bheadh gnaithe dhá dhícheall ag an madadh, ach níor thug sé an t-ionú dhó, ach breith i ngreim cúl cinn air, agus a chroitheadh …
 
Is mór an t-ionadh go n-itheann sé greim ar bith le driopás. Shílfeá nach mbíonn breith bonn báis aige nó go mbeidh sé ag obair. Dheamhan mórán dhá shlacht air, ní dhá roinnt leis é!
+
Ní raibh comhairleachan ina chionn. Phós sé í. Phós ar na drochóirí dhó féin. Níor fhága sí bonn bán air. 'Sé an chaoi a mbíodh na páistí a bhí acu amuigh i chuile theach ar an mbaile ag forcamhás — na créatúir — go réitítí blogam tae. Iad leathchaillte sa mbaile. Dhá mbeadh breith ar a aiféala aige ní phósfadh sé an uair sin í, ach ina dhiaidh a feictear don Éireannach a leas
TUILLEADH (1) ▼
Shílfeá nach mbeadh breith aige ó inniu go dtí amárach go dtéadh sé ann. Ag strócántacht chuile lá ag iarraidh imeacht nuair a chonaic sé na gearrbhodaigh eile ar fad ag dealú leo. Sin é a raibh ag cur síos leis — Sasana. D'imigh sé faoi dheireadh ar na drochóirí dhó féin. Ní raibh sé leathbhliain imithe — an duine bocht — nuair a maraíodh é … i gCoventry an t-am a raibh na haeroplanes ag caitheamh anuas. Níor frítheadh a dhubh ná a dhath ná a thuairisc ariamh. Buaileadh an shelter. Ní raibh mac an aoin bheo istigh ann nár cniogadh. Níor frítheadh a gcnámha féin.
+
droim
Céard atá orthu má airíonn siad aon phóilí ag teacht ach féithiú amach droim an chnoic, agus níl aon ghair breith orthu mura ndéanadh fear eolais é go díreach
TUILLEADH (2) ▼
Chaith muid suas ina cora í i dtús bliana agus fágadh mar sin í. M'anam agus ná raibh ag an diabhal, i dtús na Bealtaine, nuair a bhí breith againn a dhul ar an bportach, go raibh sí (móin) ag éirí de dhromannaí a chéile agus an t-uisce ar fad fáiscthe aisti. Ní raibh a dhath ariamh le déanamh againn léithe ach a baint as a toirt agus a scaipeadh amach rud beag. Bhí sí ina snaoisín ar an bpointe
Thug sé breith is dá roghain dom margadh a dhéanamh liom lena díol faoina droim nó a meáchan. Facthas dom nach raibh mé ag fáil mo dhóthain dhá shásamh leis an méid a bhí sé a thairiscint dom uirthi faoina droim agus thug muid isteach sa yard í gur mheáigh muid í. Seacht gclocha déag gan a dhath aige ná uaidh a bhí sí ar a cois. Déarfá nach raibh aon chailleadh uirthi ina muic
+
Roinn muid an lucht feamainne droimscoilte — leath ag an duine. Dheamhan crann ná crann a cuireadh air. Thug mé breith is dhá roghain do Sh. Rinne sé roghain go díreach ar an leith a thabharfainn féin dó, dhá bhfaighinn breith mo bhéil féin. Níor leasaigh mo chuidse ach an dá chúl thoir de gharraí Dh. Fh. agus an cúl ó dheas. Bhí scaipiúch bheag d'fhuílleach agus chaith mé isteach í ar an bpóicín sin thiar le haghaidh meaingeals. Leasaigh cuid Sh. Garraí na C. dó agus an T. A. Ba mhó an drabhlás a bhí ina chuid seisean ar chuma eicínt, ainneoin go ndearna muid an dá leith droimscoilte di mar atá mé théis a rá leat
TUILLEADH (1) ▼
Chuala mé an t-údar sagairt seo atá ag P. ag inseacht scéil oíche a raibh sé abhus againn anuraidh: beirt dearthár a bhí ag troid faoi thalamh a d'fhága a n-athair acu. Ní raibh duine acu sásta leis an méid a d'éirigh leis féin dó agus thug sé an ceann eile chun dlí ag iarraidh tuilleadh a bhaint dó. Diabhal easna den bhreitheamh, nó den ghiúistís, nó hé brí céard a bhí ann, nach nglaonn amach air — agus orthu uileag — go bhfeicidís an talamh. 'Tá tú ag rá,' adeir an breitheamh, 'go bhfuil sé ag déanamh leathchuma ort. Roinn anois é mar is áil leat féin. Roinn faireáilte é — ina dhá leith droimscoilte'. Roinn. 'Bíodh breith is dá roghain agatsa anois ar do rogha leithe,' adeir sé leis an gceann eile. Meas tusa nach raibh an fear sin díreach?
 
Is fhearr le S. bean a mbeadh an duailín laghdaithe aici mar atá ag an nurse. Ní fhéadfaidh sé breith i ngreim cúl cinn ar a leithide sin agus tosaí dhá streachailt ar fud an tí
 
dual 2
I ndar liom féin, tá bacaíl eicínt uirthi. Ní féidir breith i ngreim duail chor ar bith uirthi
 
dubh 1
Féachfaidh sé dubh is daite thú breith ar an traein anois ó tharla nár thóg an bus thú. Tá siad sin féin (na busannaí) ballséiriúil go leor scaití. Diabhal bréag nach bhfuil
 
dubh- 5
Ní foláir dhuit dubhdheifir a dhéanamh le breith istigh air anois. Bíonn sé greadta ar an dá luath is a mbíonn a chuid tae ólta aige
 
dúid
Siúd í an cailín nach bhfuil an col aici le fuil. Chonaic mé ag breith ar thrí choileachín i ndiaidh a chéile í thíos ag an teach faoi Fhéil Mártan agus ag scoith an chloiginn amach ón dúid díobh. Diabhal mé mura mb'éigean dom fhéin an tsráid a thabhairt orm fhéin. Chuir an fhuil carghas orm
 
Is beag an dochar dhuit fuacht agus duifean a bheith ort ar aghaidh na riteachta ansin thíos ó tháinig lá. Tuige sa mí-ádh nár tháinig tú isteach? Nach bhfuil a fhios agat go bhfuil breith ar an obair sin?
 
duine
Ní fhaigheann duine breith a bhéil féin i gcónaí. Is maith an staic roinnt dhá shásamh
 
Rugthas glanoscartha thoir ar dhuirling na habhann air agus an chamóig aige in éadan na mbradáin. Ní raibh aon cheann aige sílim, ach is cuma sin. Gabhfaidh sé daor air agus breith ar an gcamóig aige
 
Nach maith dúlaí anois atá sí sna sweets agus nach mbíonn aon oíche beo, dhá mhéid ná dhá dhonacht dhá mbeidh sí, nach dtiocfaidh sí anoir tigh Th. le luach scillinge acu a cheannacht. 'Siad an suipéar iad a chaitheas sí. Choinneodh chuile shórt eile ó chodladh í adeir sí. Sin í an mhagarlach bhradach agat. Dá mba mise a fear thabharfainn sweets ar an ngoile di. An pleota! I leaba breith ar an scilling sin agus bualadh anoir agus a phionta a ól go breá gnaíúil léithe mar a dhéanfadh fear!
 
Níl de leigheas ar an dúradán sin anois ach a dhul go dtí bean eicínt a bhfuil bainne cíche aici agus blífidh sí cuid den bhainne isteach faoin tsúil agat, agus is beag an dúradán a fhágfas sin inti deirimse leat. Is minic a chonaic mé daoine dhá dhéanamh fadó, agus le gairid féin nuair a bheadh súil bhocht acu … Náire. Cén sórt náire. Ní minic fear náireach éadálach ar chuala tú ariamh é … Mura dté, fág mar sin í, agus feicfidh tú féin air go dtiocfá ann ar ball dá mbeadh breith ar t'aiféala agat
 
A ndúshlán breith ar an bhfear a rinne é sin. Dheamhan é dhá gcuiridís a súile ar chipíní
 
Is iomaí caint a chuala mé ar an gceann céanna, ach ní fhaca mé í go dtí aréir. Más ea féin, is suarach le rá í. Dhá mbeadh breith is dá roghain agam uirthi, thabharfainn breith ar mo sheanbhean féin fós!
+
téigh
Chuaigh mé na breaclachaí, ach dhá mbeadh breith ar m'aiféala agam ní rachainn, arae níor fágadh snáth éadaigh orm gan stróiceadh
TUILLEADH (1) ▼
Cén fáth a dtabharfainn breith do bhéil féin duit? Dhá mbeadh fataí dhá dhul sin, thabharfainn duit é, ach is feasach duit féin chomh maith liomsa nach bhfuil. Is fada uathu é
+
Dhá dtéidís ar bhaint na móna an uair sin, bheadh sí tirim anois. Bhí breith ar an lánú. Is minic ariamh nár lánaigh muid iad go mbeadh an Bhealtaine amuigh, agus níor dhonaide sin muid
TUILLEADH (1) ▼
Níl gnaithe ar bith agat a dhul ar léamh an pháipéir anois. Beidh breith mhaith agat air sin. Téirigh i gcoinne na mbeithíoch i dtosach
+
Gabhfaidh sé sin dó anois ar chaoi nach bhféadfadh aon fhear faoi thalamh an domhain a eiteach. Cuirfidh mé geall leat, théis chomh danra agus chomh daoithiúil agus atá Sean S., go bhfaighidh sé breith a bhéil féin uaidh. Tá an tseamair Mhuire aige sin a mhic ó!
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh sé ag dul dom. Tá an smál sin ar chuile lao dhá raibh agam le deich mbliana. Mura gcailltear iad dhá mbreith, cailltear iad théis a mbreithe, nó an uair a mbíonn siad suas ina leathghamhna
 
Rachainnse faoi dhuit, dhá mbeadh breith ar m'aiféala agamsa, gur fada ón áit sin a d'fhanfainn. Ach ina dhiaidh a fheictear don Éireannach a leas. Bhí mise sách caillteach lena dhul ann ar aon chor
 
Chuaigh P. Sh. dhá lá leis ar son Dé agus bhain sé naoi scilleacha sa ló dhó (dhe). Tá breith a mbéil féin anois ag fir fánaí