Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

buailte síos (25)

+
Níor fhága an slaghdán bradach sin siúl an bhealaigh agam. Seachtain a bhí mé buailte síos leis, agus ba mheasa dhom é ná dhá gcaithinn bliain in mo leaba.
TUILLEADH (2) ▼
Dheamhan mórán le siúl an bhealaigh a d'fhan ionam ó bhí mé buailte síos anseo i mbliana (fc. ithe a chodach, iarraidh a chodach, srl.)
Tá sé na cianta ó chonaic mé i mbealach ná i ndearmad í go dtí inné i nGaillimh. 'Sí atá tuartha snoite as a ceannaghaidh, agus má tá fhéin, cé hionadh dhi sin agus an fhad is a bhí sí buailte síos.
+
Tá sé buailte síos le seachtain — tinn; ruaig thinnis air; é ag coinneáil na leabthan
TUILLEADH (10) ▼
Bhí biseach aige Dé Domhnaigh agus d'éirigh sé. Ach bhí sé buailte síos Dé Luain aríst.
Tinneas aiféalach é an slaghdán céanna. Ní túisce biseach ag duine ná a bhionns sé buailte síos aríst leis
Má tá Seáinín buailte síos aríst, gheobhaidh sé rud le déanamh agus srianadh thríd.
Tá sé buailte síos le slaghdán.
Tá sé chúig seachtainí i mbéal a chéile buailte síos anois.
Chuir sé an chéad ruaig dhe, ach de bharr an fhliucháin a fuair sé lá an aonaigh, tá sé buailte síos aríst
Tá sé buailte síos le dul chun trí seachtainí. Más í an eitinn atá ag priocadh leis, tá a chaiscín meilte.
Níl pian ná tinneas air ach go bhfuil sé ag fuasaoid a thaoibh beagáinín. Ach tá sé buailte síos mar sin fhéin.
Dheamhan an feasach an dochtúr céard atá air ach an oiread linn fhéin, ach go bhfuil sé buailte síos.
Tá sé buailte síos, agus buailte síos a bheas sé mura bhfuil ag Dia.
 
buail
Tá an cosán buailte síos romhat ar an gceannfhearainn, agus tá maolbhearnaí sna claíochaí lena dhul tharstu
 
buille
Má tá sé buailte síos aríst, tá sé réidh le aon bhuille sa mbéim a bhualadh lena mharthain.
 
anuas
Tá sé buailte síos aríst le ceathair nó cúig de laethanta anuas.
 
Bhí sé buailte síos scaitheamh ansin, ach tá sé ina sheanléim arís — bhí sé tamall tinn, ach tá biseach air arís agus é in ann siúl thart agus a dhul i chuile áit
 
Tá fulaingt mhór ag an duine bocht. Cáid buailte síos anois é?
 
fuacht
Fuair sé fuacht ar an bportach an lá báistí údan, agus tá sé buailte síos ó shin. Tháinig an dochtúr aige
 
Is damáisteach an ruaig shlaghdáin í seo. Tá an tír buailte síos
 
Ba diachta dó nár fhan sa mbaile. Is fada siar a thug a chosa é. Cár fhága tú an cunórtas ar ndóigh! M'anam féin muise dá mbeadh seisean buailte síos — nár lige Dia an fear bocht! — gur fada go gcuimhneodh J. Mh. a theacht aniar do shiúl a chos ag breathnú air. Tá baol beag air go deimhin
 
'Sé a bhí diomdhach dhíom nár thaobhaigh mé é an t-am a raibh sé buailte síos. Shílfeá nár cheart dó guth ar bith a bheith aige ormsa agus chomh fada amach uaidh agus a d'fhan daoine a bhí i bhfad ní ba ghaire dhó ná mise
 
Ní féidir gur buailte síos atá sé aríst, ach aithníonn an donacht a duine féin
 
Bhí an teach uileag buailte síos leis an bhfiabhras, agus le teann dúnárais, níor inis siad d'aon duine é. 'Sé M. B. faoi dheireadh a bhraith nach raibh cor ná car istigh, agus chuaigh sé ag an doras agus thosaigh sé dhá rúscadh. Ní inseoidís dó an uair sin féin é. Meas tusa nach raibh an coimhthíos agus an dúnáras ag siúl leo sin! Chuaigh M. B. siar agus d'fhuagair sé do phóilíos é. Tháinig na póilíos agus an dochtúr ansin, agus hardaíodh isteach chuig an easpaicil iad. Murach sin, bíodh a fhios agat, dheamhan deoraí acu a bheadh sa gcomhaireamh ceann. D'fhanfaidís ansiúd go dtéadh sé in ainseal orthu, agus nárbh fhéidir a dtabhairt as. Tá an dream sin aisteach, ní dhá roinnt leo é