Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

buailte suas (44)

 
fios
Ná téirigh suas ag an damhsa sin anocht. Níl a fhios go té sin. Dhá mbeadh bleitheach ólta ag an ngrísc sin as L., ba bheag an tsuim a bheadh acu gléasadh buailte a thabhairt duit
+
Ní fheicfeá ar bóthar ná ar bealach anois é, muran buailte suas atá sé.
TUILLEADH (1) ▼
Murach gur buailte suas atá sé, d'fheicfinn i mbealach nó i ndearmad le fada é, ach ní fhacas.
 
binse
Ní chorraíonn sí chor ar bith den bhinse sa gclúid. Sílim go bhfuil sí buailte suas sa siúl.
 
biorach 1
Is beag an dochar do ghasúir, speireachaí agus bonnbhualadh fhéin a bheith orthub agus a bhfuil de chlocha bioracha ar na bóithrí. Tá cladach acub ansin thíos agus dheamhan duine dhá dteangmhóidh ceann acub le na chosa nach mbeidh buailte suas aríst ar feadh na bliana.
 
Tá an putach sin thíos ag L. Mh. buailte suas as na cosa ar fad. Feicim é ag imeacht agus buadán ar leathchois aige, agus an ceann eile craptha.
+
Tá sé buailte suas ag (le) na scoilteachaí.
TUILLEADH (20) ▼
Tá sé buailte suas ar fad, ó bhí an ruaig thinnis sin air go deireanach.
Tá sí ag fuasaoid faoi bheith buailte suas, agus i nDomhnach, tá sé in am sin aici chuile lá feasta.
Feiceann muide aos óg buailte suas ar an saol seo, ní áirím seandaoine.
An bhfuil do bhicycle buailte suas?
Níl neart aige múr báistí a fháil nach mbíonn sé buailte suas ar fad ar feadh míosa ina dhiaidh. Tá sé an-ghoilliúnach an duine bocht.
Ní bhíodh sí buailte suas mar sin go dtí gairid ó shin. Deir sí fhéin gur fuíoll bruitíní é. Ní raibh an bhruitíneach uirthi go dtí anuraidh, agus is olc í le theacht ar sheanduine mar sin.
Tá mé buailte suas as na cosa ar fad le seal, ach dheamhan pian ná tinneas orm thairis sin — níl siúl an bhealaigh ionam ag mo chosa ach dheamhan mairg orm thairis sin.
Thóg na bróga nua léasrachaí ar mo shála agus tá mé buailte suas sa siúl ar fad le seachtain — níor fhan aon tsiúl agam le seachtain.
Ag mo dhroim atá mé buailte suas. Níl neart agam cor ar bith a bhaint as nach gcránn sé go croí mé. Tá sé amhlaidh ó bhain mé an stangadh sin asam fhéin leis an mbeart coirce.
Ní hé a d'fheilfeadh don duine bocht a bheith buailte suas i lár an earraigh thall, ach cén neart atá air.
Is suarach an t-ionadh é a bheith buailte suas agus a bhfuair sé de fhliuchán agus de chruatan ariamh. An té a gheobhas an fliuchán tiocfaidh sé roimhe uair eicínt, luath nó mall.
Ba chantalach an éadáil é san am a raibh sé buailte suas.
Chuir sé a rúitín as áit agus tá sé buailte suas gan aon choisméig siúil anois.
Is fada an lá buailte suas anois é.
Má tá sé buailte suas as na cosa, dheamhan bualadh suas ar a theanga muis — tá neart le rá aige
Tá Meiriceá buailte suas sa saothrú — níl an oiread saothrú ann agus a bhíodh
Bhí sé buailte suas leis an taobh agam ar an toirt.
Is gearr a chuaigh mé go raibh sé buailte suas leis an taobh agam aríst
Chonaic mé ag gabháil soir an bóthar é, agus rúisc mhór de bhean buailte suas leis an taobh aige
Dhíbir mé uaim é, ach ba gearr aríst go raibh sé buailte suas le m'ais (liom, in m'aice srl.)
 
buail
Tá muintir an phobail seo buailte d'uireasa siamsa ná cuideachta ar bith ach go mbuaile an diabhal i gcinc an mhuiníl iad! Nuair a bhí áit damhsa acub, níorbh bheo iad gan a bheith ag troid agus ag achrann go mb'éigean é a dhúnadh suas!
+
buille
Is diabhaltaí an buille ort do bhicycle a bheith buailte suas. D'fhéadfá éirí amach dhuit fhéin corruair tharas a bheith cuibhrithe istigh i gcónaí.
TUILLEADH (2) ▼
Is dalbaí an buille ar an tír seo go bhfuil Meiriceá buailte suas sa saothrú. Airíonn cuid mhaith é a d'fhaigheadh lán laidhre chuile Nollaig roimhe seo.
Is mór an buille air go raibh sé buailte suas i gcaitheamh an earraigh. Níor chuir sé síol i dtalamh fós i mbliana.
 
ainm
Tá sé in ainm is a bheith buailte suas, ach is beag dhá chuid leadaíochta é sílim — ligeann sé fhéin air fhéin go bhfuil sé tinn, ach leisce atá ag gabháil dó cheapfainnse
 
amach
Tá sé buailte suas amach is amach anois — níl éitir ar bith fanta ann; tá sé lag lúbach, agus gan é in ann corraí amach
 
Ardaigh suas do chloigeann agus ná bíodh sé buailte fút agat mar sin i gcónaí.
 
Tá sé buailte suas aríst, leis an bhfeiliún. Tháinig staic de chnáimh as an lá cheana agus bhí sé chomh fada le do laidhricín, slán an tsamhail! Tá a chuid maitheasa ar iarraidh tá faitíos orm
 
Tá mé buailte suas ar fad sna hioscadaí — níl cor ná car iontu; cineál scoilteachaí
 
feall 1
Is mór an feall go bhfuil sé buailte suas. Dhá mbeadh sea ar bith ann muis, d'fheicfeá ar cuairt é na hoícheantaí seo. Ní raibh léamh ar bith air
 
dealg
Níl aon lá san aer nach bhfuil na cosa buailte suas acu le deilgne. Bíonn muid ag iarraidh orthu na bróga a choinneáil orthu, ach níl aon mhaith acu ann ina dhiaidh sin go ngreada siad sna boinn. Tá a shliocht orthu
 
Tá na cosa deiridh buailte suas aici
 
Ní doiligh cur chuig mo leithidese. Tá mé buailte suas ó Dhia agus ón saol anois
 
Croch leat an capall droimnochta mar atá sí agus rith siar ina choinne thálta (ó tharla) go bhfuil na bicycleachaí buailte suas. Tuilleadh glugair acu! Ní raibh aon chaoi ariamh orthu nuair a bheadh call leo
 
dubh 1
Ní éileoinn air é dubh buí na bán murach go raibh mo cheann féin buailte suas agus go gcaithfinn a dhul siar ar uain nó ar éigean
 
Ba dual athar dó a bheith ar an sceaimhínteacht sin. Ar chuala tú faoin oíche ar tháinig an triúr acu anoir ón S. agus iad buailte ag duine eicínt. Bhuail aon fhear amháin an triúr dearthár. Ag teacht aníos in ucht Chnocán na gC., agus fios acu nach raibh duine ar bith ann le aon tréas a chur orthu, sheas siad suas i lár an bhóthair. 'Séard a bhí le déanamh leis,' adeir T., 'cor a chur ina mhuineál.' 'Agus an fíonnach a bhaint de phlaic a thóna le cic,' adeir L. 'Agus scian a chur ann idir boilg is barreasnacha,' adeir M. 'Agus summons a thabhairt air ina dhiaidh sin.' Ba in iad an triúr bullies agat. Is suarach an t-ionadh go mbeadh mac duine acu ag imeacht as a chranna cumhachta scaití
 
Duine an-díbheirgeach é. Bhí mé lá anseo ag an doras ag dul amach le cuid an chapaill agus cé a thiocfadh aniar an bóthar chugam ag spaisteoireacht nach é (ach é). Ní raibh a dhul ar m'aghaidh ná ar gcúl agam. Bhí mé i ngreim. 'Ní théann tusa ag an aifreann a Ph.,' arsa seisean. 'Ní théim le gairid a Athair S.,' arsa mise. 'Ní airím ar fónamh. Tá mé buailte suas as na cosa ar fad.' 'Níl aon bhualadh suas ort le do chuid oibre,' arsa seisean go beo drochmhúinte. 'Is beag a bhéarfadh orm snaidhm den mhaide seo' — bhí maide láimhe aige — 'a thabhairt ar na huillinneachaí dhuit agus bheifeá buailte suas as na lámha chomh maith le na cosa ansin.' M'anam gur dhúirt, agus go ndéanfadh. Bíodh chuile dhuine ar a shon féin air siúd. 'Sé an sagart is doghrainní agus is díbheirgí é dhá bhfaca mise le mo linn féin ar chaoi ar bith