—
marbhántacht, troimeacht, tinneas, nó tromchroíochas ó an iomarca a ithe; glonn nó col ó ghleorach mhór bhídh a chaitheamh.
+–
Tá ceas orm lena bhfuil ite agam.
Chuir sé ceas air fhéin ler ith sé.
TUILLEADH (27) ▼
Nár chónaí tú go gcuire tú ceas ort fhéin.
Tá ceas orm de bharr ronnachaí úra.
Bhí sé nua ag an gceaile, agus d'ith sé an oiread dhe agus gur chuir sé ceas air fhéin leis.
Chuir na fataí nua ceas orm.
D'ith mé an-fhoracún éisc inniu. Tá ceas orm aige.
Chuir an bhó ceas uirthi fhéin le na fataí. Tá sí an-rite anois.
'Cheannaigh mé cupla ronnach do Sh,' adeir sí, 'tá ceas aige air fhéin leis an bhfeoil, agus tá sé gráinithe uirthi. Ní mór dhó malrait bídh a fháil.' Shantaigh mé fhéin a rá léithe go mba gearr ó ba mhaith leis aige na ronnachaí fhéin, ach scaoil mé tharam é. Bhí sé chomh maith dhom
Chuir sé ceas air fhéin le muiceoil agus gabáiste. Ba gheall le mála arbhair é sa gclúid.
Má fhaigheann sé aon ligean ar an ollmhaitheasa, cuirfidh sé ceas air fhéin léithe.
Bhí sé chomh súite ag an bhfeoil agus nár éirigh sé aisti gur chuir sé ceas air fhéin léithe.
Fuair mise daba mairteola an tseachtain seo caite agus bhí sí ag fíniú. Níor chaith mé amach fós í fhéint a dtiocfadh aon cheannaí thart go gcuirinn ceas air léithe.
Bhí sé chomh dúlaí san iasc úr agus gur chuir sé ceas air fhéin leis. Thosaigh sé ag brúchtaíl ina dhiaidh. Uair annamh, tá mé ag ceapadh, a éiríonns aon bhreac úr le lucht an tsléibhe sin.
Tá sé chomh tóirúil ar na fataí agus go gcuireann sé ceas air fhéin leob uair ar bith a bhfaigheann sé aon ligean orthub le n-ithe. Níl sé in ainm is iad a ithe chor ar bith, arae ní thagann siad leis, ach itheann sé i ngan fhios iad ina dhiaidh sin.
Nach thú a chuir an ceas ort fhéin leob!
Tá sé mórthráthach, agus níl aon uair dá dtéann sé ag ithe nach gcuireann sé ceas air fhéin leis an ngliúrach (ngleorach) a leaganns sé isteach.
Níorbh ionadh ar bith é ag cur ceasa air fhéin agus an fhad is chaith sé ina throscadh.
Tá collach goile orm leis an ocras. Má fhaighim fataí in áit ar bith, beidh mé dhá n-ithe go gcuire mé ceas orm fhéin.
Shílfeá go dtiocfá le do dhíol (a ithe), agus gan craos mar sin a dhéanamh agus gan ceas a chur ort fhéin le n-íosfá.
Chuile uair dá dté sé ag ithe, déanann sé craos. Ní bhíonn aon mhaith aige ann mura gcuire sé ceas air fhéin.
Má d'éirigh an oiread sin éisc inniu leis, cuirfidh sé ceas air fhéin le blátháin anocht.
Dhéanfadh dhá thráth sa ló é, ach cuireann sé ceas air fhéin chuile uair dhá dtéann sé ag ithe. D'íosfadh sé an oiread ar thráth agus a d'íosfadh duine eile ar feadh dhá lá.
Chloisinn m'athair ag rá nach n-itheadh T. Ch. a bhí ansin thiar ach dhá cheann de ló, ach nach n-éiríodh sé ón gciseoig nó ón mbord, go mbíodh dhá phíopa tobac caite ag chuile dhuine eile. Sin é an buachaill a chuireadh an ceas air fhéin!
Nár agraí Dia ort é, ceas mar sin a chur ort fhéin.
Dhá mbeadh sé taobh le bheith ina cheas aige, ach ní raibh. Bhuail múisc é freisin nó gur chuir sé amach ar ith sé, aríst ar ais.
D'agródh Dia ar dhuine é, a chuirfeadh ceas air fhéin mar sin, le n-íosfadh sé.
Níor chodail mé aon néal go raibh an oíche caite thar droim le brúchtaíl, an áit ar chuir mé ceas orm fhéin le ronnachaí tirime ag dul a chodladh dhom.
Bíonn duine chomh dúlaí ann agus go gcuirfeadh sé ceas air fhéin gan aireachtáil leis. Is amhlaidh a bhíonns bia nua ar bith.
ceas in iontrálacha eile (7)
→
buail ar
Dhá dtagadh gairfean nó gála breá a bhuailfeadh seansoitheach eicínt ar an gcladach, agus lucht biotáille inti le go bhféadfadh na daoine ceas a chur orthub fhéin leis in aisce!
+
→
ith
D'ith sé go raibh ceas air — bhí sé ag ithe gur tháinig an bia in aghaidh
TUILLEADH (1) ▼
Is mór an t-ionadh nach bhfuil ceas ort feasta agus a bhfuil ite agat
→
dúlaí
Iasc — iasc ar fad. Ballach nó bradán nó an ribe róibéis féin mura féidir leis a malrait a fháil … Tá É. bocht an-dúlaí san iasc. Níl aon lá dá dtéann sé chuig an D. nach cinniúint air críochnaithe é nó gheobhaidh sé breac. Ní réitíonn sé ansin go ham suipéir é. Fasair fhataí leis go gcuire sé ceas air féin leo ag dul a chodladh dhó … Dheamhan smid bhréige adeirim leat. Sin é a bhuac
→
dún
D'ith mé blast ceaile an lá cheana agus dhún sé mo ghoile ar fad. Ní fhéadfadh sé a mhalrait a dhéanamh mar chuir mé ceas orm féin leis
D'ith mé mo dhóthain agus mo mhórdhóthain. Leis an bhfírinne a dhéanamh tá sé chomh maith dhom a rá gur ith mé an oiread is a chuir ceas orm