—
marbhthántacht, truimeacht, tinneas, nó trom-chroidheachas ó an iomarca a ithe; glonn no col ó ghleorach mhór bhídh a chaitheamh.
+–
Tá ceas orm le na bhfuil ithte agam.
Chuir sé ceas air fhéin le'r ith sé.
TUILLEADH (27) ▼
Nar chomhnuighe tú go gcuire tú ceas ort fhéin.
Tá ceas orm, de bharr ronnachaí úra.
Bhí sé nuaidhe ag a' gceathile, a's d'ith sé an oiread dhe, a's gur chuir sé ceas air fhéin leis.
Chuir na fataí nuadha ceas orm.
D'th mé an-fhoracún éisc indiu. Tá ceas orm aige.
Chuir an bhó ceas uirre fhéin le na fataí. Tá sí an-righte anois.
'Cheannuigh mé cupla ronnach do Sh', adeir sí 'tá ceas aige air fhéin leis a' bhfeoil, a's tá sé gránuighthe uirre. Ní mór dhó malrait bídh a fhaghail'. Shanntuigh mé fhéin a rádh léithe, go mbadh gearr ó ba mhaith leis aige na ronnachaí fhéin, ach scaoil mé tharm é. Bhí sé chomh maith dhom
Chuir sé ceas air fhéin, le muicfheoil a's gabáiste. Ba gheall le mála arbhair é, sa gclúid.
Má fhaghann sé aon-leigean ar an ollamhaitheasa, cuirfe sé ceas air fhéin léithe.
Bhí sé chomh súighte ag a' bhfeoil, a's nar eirigh sé aisti, gur chuir sé ceas air fhéin léithe.
Fuair mise daba mairtfheola an tseachtmhain seo caithte, a's bhí sí a' fínniú. Níor chaith mé amach fós í fhé'int a dtiocfadh aon-cheannuidhe thart, go gcuirinn ceas air léithe.
Bhí sé chomh dúlaidhe 'san iasc úr, a's gur chuir sé ceas air fhéin leis. Thosuigh sé a' brúchtaoighil in a dhiaidh. Uair annamh, tá mé 'ceapadh a eirighea(nn)s aon-bhreac úr le lucht a' tsléibhe sin.
Tá sé chomh tórthamhail ar na fataí, a's go gcuireann sé ceas air fhéin leo(b), uair a' bith a bhfaghann sé aon-leigean orra(b), le n-ithe. Níl sé in ainm's iad ithe chor a' bith, arae ní thagann siad leis, ach itheann sé ingan-fhios iad 'na dheidh sin.
Nach thú a chuir a' ceas ort fhéin leo(b)!
Tá sé mór-thráthach, a's níl aon uair, dá dteigheann sé ag ithe, nach gcuireann sé ceas air fhéin, leis a' ngliúrach (ngleorach) a leaga(nn)s sé isteach.
Níorbh iongnadh a' bith é 'cur ceasa air fhéin, a's an fhad's chaith sé 'na throscadh.
Tá cullach goile orm leis an ocras. Má fhaghaim fataí in áit a' bith, beidh mé dhá n-ithe, go gcuire mé ceas orm fhéin.
Shílfeá go dtiocfá le do dhíol (a ithe), a's gan craos mar sin a dhéanamh, a's gan ceas a chuir ort fhéin len' íosfá.
'Chuile uair, dá dteighe sé ag ithe, déanann sé craos. Ní bhíonn aon-mhaith aige ann, mara gcuire sé ceas air fhéin.
Má d'eirigh an oiread sin éisc indiu leis, cuirfe sé ceas air fhéin, le blatháin anocht.
Dhéanfadh dhá thráth sa ló é, ach cuireann sé ceas air fhéin, 'chuile uair dhá dteigheann sé ag ithe. D'íosfad sé an oiread ar thráth, a's d'íosfadh duine eile ar feadh dhá lá.
Chloisinn m'athair a' rádh nach n-itheadh T. Ch. a bhí annsin thiar, ach dhá cheann de ló, ach nach n-eirigheadh sé ó'n gciseoig nó ó'n mbord, go mbíodh dhá phíopa tobac caithte ag chuile dhuine eile. Sin é an buachaill a chuireadh an ceas air fhéin!
Nar agruighe Dia ort é, ceas mar sin a chuir ort fhéin.
Dhá mbeadh sé taobh le bheith 'na cheas aige, ach ní raibh. Bhuail múisc é freisin, nó gur chuir sé amach ar ith sé, aríst ar ais.
D'agróchadh Dia ar dhuine é, 'chuirfeadh ceas air fhéin mar sin, le n'íosfadh sé.
Níor chodail mé aon-néal go raibh an oidhche caithte thar druim, le brúchtaoighil, in áit ar chuir mé ceas orm fhéin, le ronnachaí tirme, ag dul a chodladh dhom.
Bíonn duine chomh dúlaidhe ann, a's go gcuirfeadh sé ceas air fhéin gan aireachtáil leis. Is amhla a bhío(nn)s biadh nuaidhe a' bith.
Ceas in iontrálacha eile (7)
→
buail ar
Dhá dtagadh gairbhshion nó gála breagh a bhuailfeadh sean-soitheach eicínt ar a' gcladach, a's lucht biotáille innte, le go bhféadfadh na daoine ceas a chuir orra(b) fhéin leis in aisce!
+
→
ith
D'ith sé go raibh ceas air = bhí sé ag ithe gur tháinic an — biadh in aghaidh.
TUILLEADH (1) ▼
Is mór an t-iongnadh nach bhfuil ceas ort feasta, agus a bhfuil ithte agad.
→
dúlaí
Iasc — Iasc ar fad. Ballach nó bradán nó an ribe róibéis féin mara féidir leis a malrait a fháil … Tá É. bocht an-dúlaidhe ins an iasc. Níl aon-lá dá dteigheann sé chuig an D. nach cinneamhaint air críochnuighthe é nó gheobhaidh sé breac. Ní réidhtigheann sé annsin go h-am suipéir é. Fasair fhataí leis go gcuiridh sé ceas air féin leo ag dul a chodladh dhó … Dheamhan smid bhréige adeirim leat. Sin é a bhuac
→
dún
D'ith mé "blast" ceaille an lá cheana agus dhúin sé mo ghoile ar fad. Ní fhéadfadh sé a mhalrait a dhéanamh mar chuir mé ceas orm féin leis.
D'ith mé mo dhóthain agus mo mhór-dhóthain. Leis an bhfírinne a dhéanamh tá sé cho maith dhom a rádh gur ith mé an oiread agus a chuir ceas orm