Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

ceird (50+)

 
Níor fhan focal ar bith cainte aige ar a dhul suas ar an stage dó. Bhí sé ina fhudar fadar. Tá sé rófhaiteach le aghaidh na ceirde sin. Níorbh fholáir do dhuine an-cheann a bheith air le seasamh in áit den tsórt sin. P. L. an buachaill!
+
fios
Ní bheadh aon ghnaithe ag aon duine bualadh faoin rud sin ach an té a mbeadh fios na róthlachaí aige. Is ceird chontúirteach í
TUILLEADH (4) ▼
Tá sé nua-aoiseach ag an gcúirtéireacht fós. Níl fios na rópaí aige. Is namhaid í an cheird gan í a fhoghlaim, adeir siad
Tá fios a cheirde aige — tá sé i riocht a chuid oibre a dhéanamh
An bhfuil fios do cheirde agat fós? — an bhfuil do cheird foghlamtha agat fós?
Ba cheart duit fios do cheirde a bheith agat feasta
 
fliuch 2
Dheamhan méirín fhliuch a leag an máistir faoi dhó ariamh air agus chuaigh sí soir ag sciolladóireacht air ina dhiaidh sin. Sin í an mháthair agat: ag borradh le cantalóir de ghasúr. Is gránna é a ceird
 
Is follasach don tsaol Fódlach nach bhfuil a cheird aige
 
Bíonn siad — na J.annaí — ag iarratas i gcónaí! Ba in é a gceird ariamh fhéin. Nuair a bhí mise ar an mbaile sin bhíodh muid sáraithe acu: gráinnín salainn, braon bláthaí, ioscaidín tae, uibhín chirce … M'anam gurb é atá ag féithiú leo muis. Den sonas a achainí, adeir siad, ach den donas a bheith dhá freagairt.
 
Sin í an cheird a d'fhága gan lúd gan láthar é.
 
Fágaim le m'ais muis gur suarach í do cheird
 
Meas tú an ngabhfainnse ar páí aigesean. Ghabhfadh muise! Le bheith in mo shuí le fáinne na fuiseoige. Ba deas í mo cheird
 
'Sé an áit a bhfeicfeá anois chuile Shatharn é ag fáinneoireacht ar mhargadh na mbanbh ag tnúthán go gcaithfeadh duine eicínt pionta aige. Is suarach an tslí do dhuine ar bith a bheith ar a cheird
 
Is maith í a cheird: ag imeacht ag fálróid ar choirnéil
 
Is fánach an cheird atá air, ag déanamh balla fidín i leaba dhó a bheith ag déanamh an earraigh. Ní fhéadfaidh sé an balla fidín sin a chur ina bholg amach anseo ach a dteanna an t-ocras leis
 
Nach diabhaltaí an éadáil do dhuine an oíche a chaitheamh ina chaidhfte thoir ansin thoir ar choirnéil dhá phréachadh féin. Shílfeá go mba mhó an tsomhaoine do dhuine fanacht istigh san áit a mbeadh tine agus teas aige ná bheith ar an gceird sin.
 
Dheamhan scil ar bith a gheobhadh fear na tíre seo cén chóir a mbíonn siad in ann an seol a chinnireacht chor ar bith ar fheochan. Ach is namhaid an cheird gan í fhoghlaim,' mar adeir an té adúirt é.
 
Is furasta a aithinte nach n-airíonn siad aon duine ina n-aice a choinneodh aon chló stiúrtha orthu nó ní bheidís ar an gceird sin. Dual na droinne a theastódh a bhualadh orthu sin. Ní chomhairleodh a mhalrait iad.
 
Bhí sé coitianta go leor leis an gceird sin. — bhí sé minic go leor leis an obair sin.
+
Bhí sé chomh maith dhuit a dhul agus é a dhéanamh i gcomhfhios le a bheith ag imeacht i ngan fhios mar sin, arae dheamhan mac an éin bheo sa tír nach bhfuil a fhios aige go bhfuil tú ar an gceird.
TUILLEADH (1) ▼
M'anam go bhfuil siad ar an gceird sin, i ngan fhios is i gcomhfhios. 'Sé an chaoi a mbíonn siad leath na gcuarta, dheamhan an miste leob cé a fheicfeas iad.
 
Dheamhan ceo ceirde aige ach an oiread liomsa murach na goití, ach nach in é a dhóthain. Dhá dtrian den damhsa an chosúlacht.
 
Tá sé fhéin ag fáil cothromacan síne na huaire anois, agus m'anam nach bhfuil mise ina dhiaidh air. 'Sé cóir Dé é agus an cheird a bhí air fhéin tamall — slat dá thomhas fhéin; an cleas a ghníodh sé fhéin ar dhaoine eile, tá sé ag teacht ar ais ar a mhéis fhéin anois aige.
 
Chuirfeadh Seán céanna cosa beaga faoi na glasógaí le teann cóipíse agus floscaí. Go bhfóire Dia ar aon duine a chaithfeas éisteacht leis ar an gceird siúd!
 
Dar mo choinsias, is dochreidte an scéal é, scorach chomh cúirialta leis sin a bheith ag gabháil thart ar an gceird sin. Ach d'íosfadh na muca ciúine fhéin an triosc arsa tusa.
 
baile
Ní ceird ar bith í sin do dhuine i bhfad ó bhaile, agus gan fhios aige faoi thalamh an domhain, cá mbíonn sé ag caint nó cé a bheadh ag éisteacht leis
 
baing
Chuile uair dhá mbriseann sé an scair (.i. an saor cloiche) cuireann sé baing isteach, mar dhóigh dhe, gurb in cuid den cheird.
 
bannaí 1
Ní thiocfainn i mbannaí ar mo mhac fhéin, más air is fhearr atá aithne agam, nach mbeadh sé ar an gceird chéanna i ngan fhios dhom
 
Nach mba caoithiúil an rud do dhuine a bhealach a dhéanamh agus gan a bheith ar an gceird sin dólúm (dólámh)
 
Má bhealaíonn an cheird sin do chuid aráin duit, tuige nach gcaithfeá léithe — má bhaineann tú slí bheatha aisti, tuige nach gcuirfeá isteach do chuid ama léithe.
 
Is deas í bhur gceird gan bhréig, dhár gcrapadh fhéin suas chois claíochaí faoi ghaoith agus faoi dheallradh, agus ag fanacht ansin i gcaitheamh na hoíche. Cén bhrí ach an uair atá ann — coraice dhubh na bliana. Ní mó ná go ndéanfadh duine é i Mí Mheáin an tsamhraidh, ní áirím anois.
 
crinn
Tá maith mhór duit cnámh crinnte na fírinne a dhéanamh leis sin. Nach í a cheird sin an fhírinne a chur as a riocht!
 
cúl
Ná bac leis, más ar chúla téarmaí atá sé ag gabháil leis. Nár bhreá slachtmhar do dhuine pé ar bith céard a bheadh le rá aige a rá os comhair an tsaoil, agus gan a bheith ar an gceird sin.
+
beo 1
B'fhearr dhó go mór beo i dtalamh ná ar an gceird atá air. An mbeadh a fhios ag aon duine beo cén chaoi a maireann sé chor ar bith.
TUILLEADH (4) ▼
Is bocht dom a bheith thíos sa talamh fhéin beo beithíoch agaibh, agus an cheird atá oraibh maidin is tráthnóna — ní iontas ar bith go bhfuil mé ionann is maraithe agaibh agus an cheird atá oraibh maidin is tráthnóna (samhailéireacht, sciolladóireacht srl.)
'Sé an fear is stuama beo é, ainneoin nár chuir sé a théarma isteach ariamh le ceird.
Sin í a cheird anois, chuile mhaidin beo.
Sin í a cheird — ag imirt chártaí — chuile oíche beo.
+
bocht 1
Dheamhan ceird fhiúntach ar bith a bhí ann fadó ach fir bhochta ag dul thart ó theach go teach, pailitéaraí agus botháin bheaga chois an bhóthair acub, agus rógairí reatha agus tóraithe ag imeacht ag robáil agus ag sladadh. Níl tada den obair sin anois ann.
TUILLEADH (1) ▼
Is bocht an cheird atá air.
+
Sin í a cheird chuile lá sa mbliain — ag imeacht ina bhoideoide ar bhóithrí agus bleid buailte aige ar an bhfear soir agus ar an bhfear siar.
TUILLEADH (1) ▼
Is maith an faisean atá tú a thabhairt faoi deara dhuit fhéin ag imeacht in do bhoideoide soir faoin mbaile sin thoir. Ní hé barúil a leasa atá faoi dhuine ar bith atá ar do cheird.
 
Ná tabhair éisteacht ar bith don bhollaire sin. Sin í a cheird i chuile áit.
 
borr
Ní dhéanfadh sé tada as bealach murach na buachaillí báire atá d'aon cheird ag borradh leis.
+
bruach
Dhá mbeadh sé sin ar bhruach na huaighe sin í an cheird a bheadh air.
TUILLEADH (1) ▼
Is mairg dhuitse nach n-éisteann leis agus ní bheadh aon bhruach air. Nach bhfuil tú ina éadan d'aon cheird lena shaighdeadh.
 
Shílfeá go mbeadh náire ar bhean ar bith béiceadán a dhéanamh dhi fhéin ar an gcaoi sin le ól. Bíonn caitheamh is cáineadh ar na fir, ach dheamhan leath milleáin le tabhairt dóibh agus na mná fhéin ar an gceird sin.
 
Caithfidh sé go bhfuil cam srón birín eicínt air agus é a bheith ag imeacht ar an gceird sin.
+
aer
Sin í a cheird chuile Dhomhnach san aer — ag biorú chlaíochaí
TUILLEADH (1) ▼
Bheadh ciall amantaí, ach is gránna an rud a bheith ar an gceird sin chuile oíche san aer