Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

cnagaire (6)

 
Is beag an dochar dhó a bheith sínte fhéin, má bhí sé dhá chaidhleadh le sneachta ar feadh an lae mar sin, agus gan foscadh ná dídean aige ach mar a bheadh lorg coise na bó ar an gcnagaire (fc. cnagaire)
 
Níl foscadh na feannóige anseo; níl d'fhoscadh anseo ach lorg cois na bó ar an gcnagaire (ar an gcreagaire) — foscadh ar bith; áit lom sceirdiúil
 
de
Níl d'fhoscadh aige ach lorg na bó ar an gcnagaire
 
Cén fáth a dtabharfá a leithide sin de thabhairt ort féin a leithide de lá. Más dona anseo é, tá an bóthar amach díbeartha ar fad. Níl claí ná fál leis, ná foscadh ná dídean air, ach lorg cois na bó ar an gcnagaire
 
Ní raibh againn ach dífhoscadh istigh i mbruach chois an bhóthair, ach b'fhearr sin féin chreidim, ná lorg na bó ar an gcnagaire, mar adeir an ceann eile
 
díon 1
Go bhféacha an tAthair Síoraí muis ar an gcábán sin leithide na hoíche anocht. Níl díon ar bith ar an mbáistigh sna cupla stráca siúd atá os a gcionn. Nach mb'fhearr dóibh na ceirteacha siúd a dheasú ina dtimpeall agus a dhul isteach i scailp eicínt nó i lúbainn claí, áit a mbeadh foscadh acu, ná a bheith ansiúd agus gan de dhídean ann ach an oiread le lorg cois na bó ar an gcnagaire