Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

codladh (100+)

 
Is fhearr duit ligean de do chuid daidhce anois agus a dhul a chodladh as réiteach, nó má éirímse agat (chugat), cuimhneoidh tú air. Níl aon oíche san aer nach ar an gceird chéanna a bhíos tú, mura bhfaighe tú cead do chomhairle féin faoi chuile rud. Nach gránna an chaoi do do leithide de stócach a bheith ar an gceird sin feasta choíchin
 
Bhí mé thíos ann lá anseo anuraidh. Domhnach a bhí ann. Bhí sí ag stróiceadh ag iarraidh a dhul síos chun bóthair. Ní ligfeadh an mháthair di. Bhí rud eicínt le déanamh: soithigh le níochán nó rud fánach ar aon nós. D'iarr an mháthair uirthi é a dhéanamh. Dhá bhfeictheá chomh daidhciúil agus a d'iompaigh sí ar a cois, agus siar léithe a chodladh. Dá mba mise an mháthair, bheinn dhá lascadh fhad is a gheobhainn teas ina craiceann. Bhí sí dochorraithe freisin, ach níor lig sí amach mórán dhó (dhe) liomsa
 
Níl lá ar bith is mó súnás oibre é ná an Domhnach. B'fhéidir gur ina chodladh a d'fheicfeá é ar an dálach
 
Tá dalladh codlaithe anois aige, muran leis codladh mhná Dhoire an Fhéich a dhéanamh. Gabh suas agus dúisigh é.
+
Tá sé ina dhall dúda le codladh — duine a bheadh ag titim ina chodladh críochnaithe agus a mbeadh ag cinnt air fanacht ina dhúiseacht; duine a bheadh ag bordáil chodlata dhá bhuíochas
TUILLEADH (10) ▼
Siar leat a chodladh as an mbealach agus ná bím ag breathnú ansin ort in do dhall dúda le codladh
Tá sé le dhá oíche anois ar neamhchodladh — oíche ag céilí agus oíche ag aonach — agus is beag an dochar dó a bheith ina dhall dúda le codladh féin
Ní raibh luí ar bith aige leis an gcuartaíocht anocht. Nach bhfaca tú go raibh sé ina dhall dúda ag an gcodladh. Bhí sé in áit eicínt aréir muise, théis gur shéan sé é. Ach bí siúráilte go raibh
Chaitheadh muid a dhul amach leis an réalt ar maidin ag baint fhataí san am a raibh muid ar aimsir tigh Sh. Diabhal smid bhréige sa méid sin. Is minic a bhí muid amuigh agus nach (nár) léir dúinn an láí. Agus dhá mbeifeá ag déanamh airneán domhain an oíche roimhe, nó amuigh ag ceol, chaithfeá an mhaidin ag cuimilt sramaí de do shúile, arae bheifeá in do dhall dúda le codladh. D'imigh an saol sin — míle buíochas le Dia
An té atá ina dhall dúda le codladh, ní ag céilí atá aige a dhul — ní hea sin. 'Sé a áit é go deimhin!
Ara beannacht Dé dhuit — a dhul ag cuartaíocht an tráth seo d'oíche agus mé in mo dhall dúda le codladh. An bhfuil a fhios agat go raibh an oíche thar droim aréir nuair a chuaigh mise a chodladh … bó a bhfuil a haimsir caite agus shílfeá go raibh an-chosúlacht uirthi in am suipéir aréir. Bhí na grianáin sleaiceáilte aici, ach mar sin féin níor rug sí
Dá mbeifeá an fhad ar neamhchodladh agus atá mise, bheifeá féin in do dhall dúda freisin. Níl a fhios agam ó fhlaithis Dé céard atá orm. Chuaigh mé ag an dochtúr agus thug sé cupla buidéal dom, ach bhí mé chomh maith dhá bhfuireasa. Níor chaith mé an ceann deiridh a thug sé dhom chor ar bith. Sin é an chaoi a bhfuil mé. Buaileann codladh mé mar seo agus bím in mo dhall dúda leis, ach ar an dá luath is a dtéim ar an leaba, imíonn sé d'aon iarraidh … Bím ag titim in mo chodladh agus airím ualach eicínt i mbéal mo chléibh, agus mar a bheadh pléascadh eicínt in mo phíobán. Dúisím suas de gheit. Uaidh sin amach, tá mise réidh le codladh
Is aige atá a údar a bheith ina dhall dúda le codladh. Fear ar bith a bhíos ina shuí le giolcadh an éin chuile mhaidin. Ach murach gur muid féin a bhí ar cuairt ann aréir agus go raibh ómós aige duitse, bheadh sé imithe siar a chodladh i bhfad roimhe sin. Bíonn sé ina shrainn ag an hocht chuile oíche. Tá sé chomh folláin leis an ngiorria. Is cóir adúirt an fear fadó: Téirigh a chodladh leis an uan agus éirigh leis an éan; Coinnigh do cheann agus do chosa tirim; Seachain na mná agus an t-ól agus go deo ná déan an t-athchodladh
Bíonn sé ina dhall dúda chuile oíche ag an naoi a chlog. Ach cén t-iontas é. Maraíonn sé sin é féin le uafás oibre i gcaitheamh an lae. Is minic a thiteas sé ina chodladh amuigh sa ngarraí théis a dhinnéir, agus codlaíonn sé uair agus dhá uair go minic. Éiríonn sé ansin agus buaileann daol oibre é, agus shílfeá gurb é an Fathach Mór fadó é ag dul faoi mhuintir an rí . Ní fheicfeá tada ach púir chréafóige ag dul go haer
Má tá tú in do dhall dúda anocht níl an milleán ag sroicheachtáil do dhuine ar bith ach duit féin. Rinne tú clogán streille den oíche aréir ag imeacht ag fálróid síos ansin ar bhóithrí, nuair ba cheart duit trí eadarshuth a bheith codlaithe agat. Ach mo léan! Seo anois. Ith suas do bhéilí agus siar leat a chodladh, agus fainic a n-éireodh an cleas sin duit aríst
+
Ní théann siad seo a chodladh go mbíonn sé an damhadh réag san oíche. Agus ina dhiaidh sin féin bíonn siad ina suí le mochóirí
TUILLEADH (2) ▼
Ná bac leis an dream atá anseo a dhul a chodladh in am. Ní theagann P. oíche ar bith go mbíonn sé an damhadh réag, S. nuair a ghlaos an coileach, agus M.! Ní theagann M. go mbíonn sé ina lá gheal go minic. Ach is féidir leis sin an mhaidin a chodladh, ní hé sin don chuid eile é
Chuaigh mé a chodladh luath go leor, ach níor thit aon néal orm go raibh sé an damhadh réag san oíche. Uair annamh a ólaim aon tae ag dul a chodladh dhom, ach d'ól mé aréir é agus bhí a shliocht orm: bhain sé an codladh dhíom
+
de
Chomh luath agus a tháinig mé d'fharraige (den fharraige) chuaigh mé a chodladh
TUILLEADH (1) ▼
Bíonn sé ina chodladh d'oíche agus de ló
 
Ba shomhaoiní do dhuine fuireacht ina chodladh ná a dhul amach ag iascach. An lá a n-éireoidh aon ghlaicín leat fhéin, tá chuile dhuine istigh ar an mbaile ag tnúthán le cupla breac uait, agus mura dtuga tú dóibh iad, is drochdhuine thú. Tá an iomarca deachmaíocht ann nuair a bhíos baile taobh le iascaire amháin
+
dealbh 2
Níl aon lá dhár dhealbh an ghrian nach dteagann sé againn uair eicínt. B'fhéidir gurb é an uair a bheadh muid ag dul a chodladh san oíche a casfaí isteach ar a chuairt é — níl aon lá dá n-éiríonn air srl.; níl aon lá dá n-éiríonn ar a shúil srl.; níl aon lá san aer (aon lá beo, aon lá dá dteagann) srl.
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan sin oíche dhár dhealbh an ghrian nach mbuaileadh sé féin amach shula théadh sé a chodladh, go bhfeiceadh sé a raibh na lúbáin ar na croithe, agus gabháil faighte ag na beithígh agus ag an gcapall. Dhá dtéadh a raibh sa teach amach míle uair i mbéal a chéile, ní bheadh aon tsástaíocht aige ann ina dhiaidh sin, gan é féin ag tabhairt súil orthu. Duine imníoch a bhí ann. Tá mé ag ceapadh go n-éiríonn sé chuile oíche thiar sa reilig anois, faitíos a mbainfeadh dearmad do Sh. Bh. gan an geata a dhúnadh!
 
dealg
Bhí gearrbhodach ag L. Sh. Ph. Níorbh fhéidir a choinneáil istigh, ach ag bóithreoireacht ó oíche go maidin. Bhuail sé agus mharaigh sé é, agus thug sé chuile dhíol air go minic. Chodlaíodh sé sa gcró leath na n-oícheanta an áit a gcuireadh an t-athair an glas ar an doras. Bhí bó aige le aghaidh lao an oíche seo agus b'éigean dó fanacht ina shuí dhá cionn. Tháinig an mac domhain san oíche. Ní bhíodh an t-athair ag cur araoide ar bith an uair seo air — bhí sé sáraithe aige agus gan maith dhó ann. Dar fiagaí dúirt sé an oíche seo leis gan drochmhúineadh ar bith: 'is fhearr leat ag bóithreoireacht agus ar do chuid drabhláis,' adeir sé, 'ná a theacht isteach in am, agus aire a thabhairt don bhó, i leaba t'athair bocht a bheith caillte anseo dhá cionn.' Níor dhúirt an stócach tada ach bualadh siar a chodladh. Chuaigh an t-athair a chodladh as sin go maidin. Nuair a d'éirigh siad ar maidin, ní raibh an gearrbhodach sa teach, ná ar an mbaile. Cuireadh tuairisc, ach ní raibh fáil in áit ar bith air. D'fhan mar sin go bhfaca siad suim aimsire agus gan tuairisc ná fairnéis air, ar an bhfad sin. Sin é an uair a scríobh sé as Meiriceá agus chuir sé céad punt abhaile ar aon láimh amháin. Bhí an-tsaothrú dhó ar an railway. 'Sé an focailín sin adúirt a athair a spadhar é, i gcruthúnas duit nach bhfuil lot ar bith nach mbeadh dealg chomh dona leis
 
Caithfidh sé siúd amach iad. M'anam gurb air nach mbeidh an scrupall mo léan. Agus cead acu deallrú chois an bhóthair más breá leo. Má dheallraíonn féin, dheamhan a mbainfidh sé codladh na hoíche dhó siúd
+
déan 1
Rinne mé codladh aréir — chodail mé aréir; chodail mé go maith aréir
TUILLEADH (6) ▼
Ní dhéanfaidh mé aon chodladh anocht, tá faitíos orm. Coinneoidh an tae sin ó chodladh mé
Dhéanfá an oiread codlata le tuairgín (tuailgín) dá bhfágtaí ann thú
Is beag a chodladh a rinne mé chor ar bith aréir. Níor tháinig isteach dhíom nó go raibh sé ina ghairm na gcoileach
Ní fhéadfainn aon néal chodlata a dhéanamh anois dhá naomhtaí mé. Dheamhan é
Má chloisimse thú ag déanamh níos mó fuasaoide anocht, seolfaidh mé siar a chodladh thú
Níor tháinig an rabhaiteálaí bradach nó go raibh sé ag déanamh lae. Ba in é a thráth le dhul a chodladh!
 
'Sé a raibh le déanamh léithe sin, cead a thabhairt di a dhul a chodladh ina troscadh nuair nach bhfuil aon mheas aici ar an rud a leagtar chuici
 
Chaith sé múr deannachtach aréir théis a dhul a chodladh dúinn: múr clocha sneachta. D'airigh mé ag clascairt ar na fuinneogaí iad. Diabhal a leithide de thormán!
 
dearg 2
'Sé an deargadh a bhí air a choinnigh ó chodladh ar feadh na hoíche aréir é. Tá sé chomh cantalach le dris ó tháinig sé air — tógáil nó scóladh i mbléin agus ar mhásaí páiste (fc. dearg)
 
Deartháir don chodladh an bás — tá an bás agus an codladh an-chosúil le chéile
 
deas 1
Is deas a thug mé néal chodlata liom théis mo dhinnéir inniu
 
Tá déidín tite agam leis an bhfuacht, leis an ocras, le codladh; ag fanacht le duine eicínt, cheal tobac, go dtéiteá ag damhsa, ag obair srl. — ní bheadh an déidín tite dháiríre, ach go mbeifeá thart, nó scrúdaithe cheal an rud áirid sin; nó go mbeifeá in ainriocht de bharr rud áirid a bheadh ag gabháil duit. Ach ní foláir a thabhairt faoi deara nach gcuirfí an luí seo air, le tinneas ná le péin, nó le rud a bhfuil an duine ag saothrú an tsaoil leis, ionann is chomh mór agus dá mbeadh déidín tite aige, nó é tugtha uaidh go mór. Ní abrófaí cuirim i gcás: "tá déidín tite aici le tinneas clainne", nó "tá déidín tite aige le tinneas droma", nó "tá déidín tite ag an seanduine bocht le scoilteachaí", nó "tá déidín tite ag an duine bocht ag iarraidh greim a mbéil a shaothrú dá chlainn". Ach déarfaí "tá déidín tite ag an gcirc sin go mbeire sí an ubh". Nuair is cúrsaí tinnis shealadaigh é nach mbíonn rómhór, is féidir a rá
 
deifir
Mura dté tú a chodladh as réiteach, gabhfaidh tú a chodladh agus deifir ort ar ball
 
Dhúisigh mé am eicínt amach i ndeireadh na hoíche, ach thit mé i mo chodladh aríst
+
deis
Ní fheicimse dream ar bith anois is fhearr a bhfuil deis tógtha orthu ná an dream atá ag imeacht ar an scoir. Mise i mbannaí nach ngabhfaidh aon duine acu a chodladh an lá sin d'uireasa béilí feola, ní hé sin domsa agus duitse é
TUILLEADH (1) ▼
Dá mbeadh deis luí agam, ghabhfainn a chodladh — leaba nó seol nó sráideog
 
deo
Dheamhan a n-iarrfadh sé go deo ach codladh
 
deoch 1
Is olc í an deoch fhuar sin duit ag dul a chodladh duit
 
Cuir an deolcachán sin a chodladh as an mbealach, agus ná bíodh muid ag éisteacht lena chuid píobaireachta níos faide. Tá sé as compás ar fad
 
An deoraí féin as S. Gh. ní raibh ar an tsochraide, ainneoin go raibh sí dlite dóibh uileag. Ní fhéadfaidís gan cloisteáil fúithi mura bhfuil an codladh céatach orthu ar fad
+
diaidh
Tháinig sé tráthnóna agus a thóin ina dhiaidh, théis a bheith trí lá imithe dó. Is furasta a aithinte air gur beag a chodladh a rinne sé ó shin, má rinne sé néal ar bith. Nach bhfuil a fhios agat go maith gur le ól agus le ragairne a bhí sé sin ó shin
TUILLEADH (2) ▼
Níl gnaithe ag aon duine a dhul a chodladh in aon leaba leis sin mura bhfága sé an leaba faoi féin. Tosaíonn sé ag coigilt agus ag rómhar agus ag dul i ndiaidh a leataoibhe nó nach mbeidh agat ach binnín bheag bhídeach amuigh ar colbha. Má thugann tú cead a chinn dó ansin, an chéad áit eile a mbeidh tú, ar an talamh. Cén bhrí ach go dtosaí sé ag srannadh. Shílfeá a dheartháir ó gurb í "Johanny Mary na dtrí gcrann," mar adeir an t-iascaire, "a bheadh ag seoltóireacht i mullach an tí."
Chonaic mé carr ag dul siar inniu agus gan duine ar bith ina dhiaidh mura raibh duine eicínt ina chodladh istigh sa mbosca
 
Dhéanfadh dídean ar bith duine sa samhradh. Bím féin an-bhruite istigh. Dhá mbeadh ceann de na cábáin sin agam a bhíos ag na saighdiúir, bhainfinn an-cheart dhe le codladh amuigh
+
díle 1
Sin seanscéal ón Díle: An Síogaí Rua Ó Dónaill. Is minic a chuala mé ag P. Mh. Mh. é — go ndéana Dia maith ar a anam. Ní fhaca tusa ariamh é. Ba bhreá uaidh scéal a inseacht, agus cén bhrí ach chuirfeadh sé na cuacha a chodladh ag gabháil fhoinn
TUILLEADH (1) ▼
Chreidim gur chaith sé díle bháistí aréir. Níor airigh mé chor ar bith í. Bhí mé in mo shrainn chodlata nuair a thosaigh sé, agus níor airigh mé tada gur dúisíodh mé ar maidin
 
Tabharfaidh mise luach do chuid dilleoireachta duit: thú a chaitheamh siar a chodladh agus cead agat fanacht ansin aríst go maidin. Ag ceapadh go ligfí ag bóithreoireacht thú an tráth seo d'oíche! Ní hiad do chuid lessons a bheadh ag déanamh imní dhuit leath chomh maith. Na daoine thar bharr a gcéille agat ar an gceird sin ó tháinig oíche!
 
Tá an aimsir an-dímheasctha. Ní túisce ina shamhradh ná ina gheimhreadh é. Bhí scaitheamh den tráthnóna inné go haoibhinn, ach chuaigh sé ar ghála ansin ag dul a chodladh dhúinn. Is aimsir í nach bhfuil muiníneach chor ar bith
 
Níl aon fhéith thuas ar a chorp nach gcuirfidh sé faoi dhíocas oibre nó go mbuailfidh sé amach an fear thoir. Níl ag dul idir é agus codladh na hoíche ach an fear thoir
+
Ba bheag le go raibh díogarnach lae ar éigean ann san am ar éirigh mé. Meas tú nach raibh tosach ag M. B. orm. Ní raibh mé ach in mo shuí ar éigean nuair a tháinig sé agus é réitithe amach le n-imeacht. Bhí sé ina shuí ó mheán oíche. Ní raibh aige a dhul a chodladh chor ar bith
TUILLEADH (1) ▼
Nuair a chuaigh mé isteach ann tráthnóna ní raibh solas ná léargas ann ach díogarnach bheag a bhí ar an tine, agus 'sé an áit a raibh sé féin sínte ó chluais go rioball ar an stól agus é ina shrann chodlata. Bhí sé amuigh aríst aréir ag déanamh aos díobhaill. Is diabhlaí an tóir atá aige ar na mná — chuile lá ariamh. 'Siad na mná a ghiorrós leis mura bhfuil ag Dia
 
díol 2
Ní díon trócaire go dtí an té a chaithfeas a dhul amach i mbéal na ngunnaí sin agus iad ag loscadh, agus ag broimseáil. A Dhia láidir nach suarach an éadáil éirí as do chodladh ar maidin agus na liagáin (na shells) sin ag dul faoin smut agat. B'fhearr liom aon lá amháin a dhéanamh dhíom in éindí!
 
Cuirim faoi dhraíocht agus faoi mhórdhiomdha na bliana thú gan an darna béilí a ithe ar aon bhord ná an darna hoíche a chodladh ar aon leaba go bhfaighe tú amach domsa cén fáth nach ndearna Ridire an Gháire Dhuibh aon gháire le seacht mbliana ( … go dtuga tú chugam an Each Chaol Donn, an Claidheamh Solais srl.)— gnáthsheoraí i seanscéalta le tuairisc a thabhairt ar chur na ngeasa
 
Dírigh suas! Cén sórt codladh atá ort! Is diachta dhuit codladh a bheith ort agus ar chodail tú aréir
+
díth
Tá díth codlata air ─ cheal codlata
TUILLEADH (2) ▼
Ní meisce ar bith atá air ach díth codlata. Nuair a bhainfeas sé spuaic amach, feicfidh tú féin air gur beag an chlóic a bheas air
Bhí mé i gcruth titim i mbun mo chos le díth codlata. Chodail mé oíche agus lá i mbéal a chéile shula d'éirigh mé
 
dlús
Bhí sé anseo inniu ab ea? Ag iarraidh an tuarastail? Nach aige atá an dlús leis! Shílfeá gur ag dul a chodladh ina throscadh atá sé. Is maith an dícheall do na daoine sagairt a choinneáil íoctha. Ag sclamhaireacht ag iarraidh airgid chuile lá
 
do 1
Chuaigh sé do chodladh théis teacht dó
+
dochar
Ba bheag an dochar di codladh féin a bheith uirthi agus í seachtain as éadan a chéile ar neamhchodladh, ar scáth néillín fhánach a d'fhaigheadh sí i ndeireadh oíche. Is agamsa atá a fhios é. Chaith mé féin ráithe in mo dhúiseacht ó oíche go maidin an t-am a raibh an triuch ar an gcuid a bhí anseo agam féin
TUILLEADH (1) ▼
Is beag an dochar di a bheith céasta féin agus an ruacán d'fhear atá aici. Ag imeacht ag ragairne agus ag ól ó oíche go maidin agus ina chodladh go headarshuth ansin, agus má dheireann sí aon cheo leis, í ite, sceanta, buailte aige. Is olc an áit ar chuir a hathair í
 
dóigh 1
Tae é mar dhóigh dhe, ach is mór m'fhaitíos, nach gcoinneoidh sé duine ar bith ó chodladh san oíche
+
dóigh 2
Ní dóichíde dhó éirí ná fanacht ina chodladh
TUILLEADH (1) ▼
B'fhéidir nach dóichíde rud dhá ndéanfainn fós ná fanacht as ar fad. Is iomaí daol a théas thríomsa ó théim a chodladh san oíche nó go n-éirím aríst ar maidin. D'fhéadfá a rá gurb iomaí
 
Tháinig sé isteach an oíche faoi dheireadh agus bhí na gearrbhodaigh seo thíos istigh ar cuairt. Ní raibh sé mórán leis an naoi a chlog. Spréach sé. D'fhuagair sé go raibh sé thar am codlata. Shílfeá go dtabharfadh sé na diabhail den Chruaich ag stróiceadh ag iarraidh an phaidrín a rá. Chuaigh na gasúir ar a nglúine. Shíl siad gur paidrín dólámhach a bhí sé le rá … — go raibh sé lena rá as dúshlán, agus go n-abródh sé é, ba chuma cén treampán a chuirfí air
 
domhain 1
Céard a bhíos sé a dhéanamh ag ruatharúch mar sin ar dhomhain na hoíche. Shílfeá go mba chóra dhó a bheith ina chodladh
 
don
Ná raibh don fhiafraí ort agus éist do bhéal! Cá bhfios domsa céard is cor dóibh, agus ní miste liom cá dtitfidh a gcodladh orthu mar ní hé a gcuid cúrsaí atá ag déanamh imní dhom
 
doras
Bhíodh C. a bhí ansin thuas i mballa Ch. ag sirtheoireacht ó theach go teach agus ag ól an uachtair den bhainne nuair a bhí muintir an tí ina gcodladh … Cén stró a bhíodh air a dhul isteach agus gan de dhoirse ar na tithe ach birt shlat, nó fhraoigh. Nach bhféadfadh a rogha duine a dhul isteach agus cén aireachtáil a bheadh air
 
dorn
Cuirfidh mise codladh ort le dorna
+
'Cuirim faoi gheasa droma (dubha freisin agus troma) draíocht tú,' adeir sé, 'gan an darna béilí a ithe ar aon bhord, ná an darna hoíche a chodladh ar aon leaba, nó go dtuga tú agamsa … '
TUILLEADH (1) ▼
Cuireadh ina chodladh i leaba dhraíochta é
 
Chuala mé an madadh ag drantán thíos agus d'éirigh mé. Dheamhan ceo a fuair mé aige, mura nealltrúchaí codlata a bhí air. Is minic a d'fheicfeá madadh ag brionglóidí thrína chodladh
 
dreas 1
Níl a fhios agam nach mb'fhearr dom dreas codlata a dhéanamh. Caithfidh mé éirí le hóró lae le dhul chun an aonaigh
 
dris
Bíodh a fhios agat gurb in fírinne muis. Ní rug aon duine ariamh ina codladh ar eascann: i lár an mheán oíche beidh sí ina dúiseacht. Agus ar ndóigh mo léan, leagfaidh an dris chosáin thú uair ar bith d'oíche ná de ló a dtiocfaidh tú thairti. Tuige nach leagfadh agus a dhá cheann sa talamh
 
Tá mé an-drithleach anois le tamall hé brí céard atá ag dul dom. Níl mé in ann cónaí a dhéanamh in áit ar bith. Tá mé chomh priaclach lena bhfaca tú ariamh agus ní luar liom an saol mór ná a dhul a chodladh san oíche. D'fhanfainn in mo shuí go maidin, murach leisce a bheith orm daoine a choinneáil ó chodladh. Bíonn scáth orm roimh an dorchadas
+
D'aireofá drithlíní ag dul thríot féin leis an gcodladh driúilic sin. Deir siad gur holc é dhá bhfaightheá buille sa gcois agus é ort
TUILLEADH (1) ▼
D'ól mise feadhnach poitín thuas ar bhainis iníon Ph. agus chaith mé cheithre oíche ar neamhchodladh dhá bharr. Níl aon phointe dhá mbeinn ag titim in mo chodladh nach n-aireoinn drithlíní ag dul thríom, agus dhúiseoinn suas agus dheamhan tionúr a thitfeadh ar mo shúil go lá aríst. Níl aon duine dhár theangmhaigh sé leis nár éirigh an cleas céanna dhó
 
Creid mé dhuit ann go mba báisteach í. Bhí mé ag breathnú amach ar an abhainn, agus níl aon driúillín dhá raibh sí a chur ar an uisce nach raibh chomh mór le tornapa. Ní raibh achar ar bith go raibh na srathachaí siúd sceite. Dheamhan claochmú a tháinig uirthi go ndeachaigh muid a chodladh. D'éirigh mé maidin lá arna mhárach agus mo sháith iontais orm. Bhí loch ann nach raibh ann ag dul a chodladh dhom: an turlach mór siúd siar ón teach
 
droch-
Rinne mé droch-chodladh aréir — codladh corrach
+
Bhí an-drogall orm éirí ar maidin. Facthas dom nach raibh mé mórán le uair in mo chodladh
TUILLEADH (1) ▼
D'airigh mé asail Bh. ag dul isteach sa ngarraí sin amuigh théis a dhul a chodladh dhom aréir, agus ní ligfeadh an drogall dom éirí lena gcur amach
+
droim
An bhfaca tú ag dul a chodladh ariamh é. I ndiaidh a dhroma a théas sé isteach sa leaba — a dhroim a chur isteach i dtosach
TUILLEADH (4) ▼
Ní fear ar bith é le codladh leis. Ní thiocfadh iamh ná foras air i gcaitheamh na hoíche, ach ag iontú agus ag sníomh, agus dhá choigilt féin faoi na pluideanna. Ní fhágfadh sé leithead do dhroma féin agat inti (sa leaba)
Fuair tú amach muis, cé a bheadh grádiaúil. Ní thabharfadh sé tochas do dhroma dhuit, dhá gcaitheá a dhul a chodladh in do throscadh. Agamsa atá a fhios é
Déanadh an méid sin ar fad dhe dhroim oíche. Ní raibh pioc air ag dul a chodladh dhúinn san oíche agus bhí an bhail sin air ar maidin
Thug sé an bás ina chnámha leis de dhroim an lae sin. Ar a theacht abhaile dhó, ní íosfadh sé tada. Bhuail siar a chodladh dhó féin. Níor éirigh sé níos mó. Bhásaigh sé faoi cheann cheithre lá
 
Bhuail mé soir aige anseo uair nach raibh aon ghráinne diúain (guano) agam ná a luach. Bhí sé istigh romham sa siopa. 'An dtabharfá céad diúain dom a Mhister F.,' arsa mise, 'go ndíola mé na muca.' Thosaigh sé ag mungailt faoina fhiacla, agus síos leis go tóin an tsiopa. Tháinig beirt nó triúr cuisliméaraí isteach. Thosaigh sé ag dradaireacht leo agus choinnigh sé ag caint iad an fhad is a d'fhéad sé. D'imigh siad, ach d'fhan seisean thíos ag méirínteacht le páipéir, agus níor thaobhaigh sé aníos mé fhéin nó go dtáinig cuisliméara eicínt eile. 'Go brách aríst,' arsa mise liom fhéin, 'ní bhfaighidh tú an deis droimdhiúltú a thabhairt domsa aríst, dhá dtéinn a chodladh in mo throscadh.' Ón lá sin go dtí an lá atá inniu ann, níor sheas mise istigh ina theach ná níor fhága mé luach na cianóige aige
 
Cé leis an madadh droimeannach sin atá ag guairdeall ansin amuigh. Is madadh é muise a bhfuil a leas ar Dhia nó gheobhaidh sé fruisín uaimse. Tharraing mé iarraidh de chasúr air ar maidin agus chuaigh mé fhoisceacht mbeannaí Dia dhó, ach thug sé an eang leis ina dhiaidh sin. Meas tú nár dhúisigh sé as mo chodladh mé: ag cangailt an dorais ar a mhine ghéire madadh droimeannach — madadh a mbeadh droiminn bhán nó bhuí nó eile ann de réir an datha a bheadh air faoina bholg agus ina thaobhanna agus ina ucht
 
Diabhal mé go bhfuil an leaba seo an-bhog agus na leabthachaí dromannacha a raibh muid ina (ár) gcodladh orthu le bliain
 
dubh 2
Teann amach dubh na fríde nó go síne mé mo chois. Tá codladh driúilic inti … Teaga leis anois. Tá tú ar fheabhas. Is mór an fhuascailt dom an méid sin féin
 
dubh- 5
Rinne tú an dubhchodladh bail ó Dhia ort. Codladh mhná Dhoire an Fhéich adeir siad, ó Dhéardaoin go Domhnach
 
Éiríonn sé leis an dubhmhaidin agus bíonn sé ina chodladh leis an uan chuile oíche
 
Bhí sé ag cur dubhoighre an oíche chéanna mar a bheadh Dia dhá rá leis. Agus meas tú ina dhiaidh sin nach raibh sé caite ansin ar an mbóthar, agus dheamhan strompadh ná a dhath a bhí air nuair a frítheadh é ach é ina shrainn chodlata. Dhá dtéadh culaith leac oighre air siúd, dheamhan thiomanta ceo a dhéanfadh sí air. Tá sé chomh folláin leis an mbreac
 
Ó téirigh ar an ngeadán is trioma den dúiche. Tá tú in do dhall dúda le codladh