Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

comhartha (16)

 
Téirigh ag an dochtúr leis an taobh sin agat faitíos na timpiste. Deir tú go bhfuil an phian ag smearadh amach. Sin dea-chosúlacht. Deir siad má smearann an phian gur comhartha é nach bhfuil aon easna briste. Ach ní bheadh a fhios agat. Is fhearr a dhul roimhe in am
 
Chuala mé go raibh sé ina bhruithshléacht aige anseo thíos aréir i ngeall ar imirt. Bhí sé ag déanamh amach go raibh daoine ag déanamh comharthaí dhá chéile ag an gclár.
+
féith 1
Má tá sé le dhul ann, níl féith na comhartha aige air — níl aon chosúlacht fós air (go bhfuil faoi a dhul ann)
TUILLEADH (5) ▼
Lao ag an tseanbhó siúd ab ea? Dheamhan féith ná comhartha aici air
Go dtiocfaidh sé abhaile as Sasana! Níl féith ná comhartha aige air, fós ar chaoi ar bith
Chonaic mé an póilí sin istigh ansin aréir agus gan féith ná comhartha ó fhlaithis Dé air — bhí sé ar meisce; ní raibh mothú ná arann ann; ní móide go raibh sé tite, ach bhí a mheabhair agus a aithne caillte aige
Níl féith ná comhartha air ach é sínte ansiúd ag giorrú an bhealaigh leis — duine a mbeadh tinneas an bháis air
Nuair a fuair mise é, bhí sé ligthe isteach ar an gclaí agus gan féith ná comhartha ó neamh na ngrást air. Nach raibh sé sách dona lá is nár aithin sé mise stunned
 
Is olc an comhartha iad na léasáin sin ar an aer — brisfidh an aimsir mar tá léasannaí gileachta breactha ar dhuifean na spéire mar a bheadh giotaí de thuar cheatha ann. Is minic a feictear iad le athrú aimsire
 
fuath
Ní bheadh fios fuath ná feannóige agat faoi mholt beag a d'imigh uaim tá seachtain ó shin. An comhartha cluas a bhí air: béim sa gcluais dheas. Cloigeann dubh a bhí air agus é i gcruth mhaith
 
Ní dea-chomhartha (dea-thuar) na géabha riabhacha sin a bheith ag déanamh ar an bhfarraige
 
Ceannaigh staic den deargán eile sin — cén t-ainm atá air — raddle — le na caoirigh a mharcáil. Beidh muid dhá mbearradh lá eicínt an tseachtain seo chugainn, agus caithfear comhartha eicínt a chur orthu más linn a gcur chun sléibhe … Gheobhaidh tú i siopa Ch. nó tigh Gh. é. Tóraigh an baile mór go bhfaighe tú é ar aon chor
 
droim
Tá comharthaí ar dhroim na gcártaí uileag acu. Ní imreodh Rí na Méaracán orthu. Is dona na gnaithí a bhí ort nach thíos in do phóca a choinnigh do dhá scilling thar is a ligean leis an dá ghleacaí sin
 
Mise a bhí sa gcladach i dtosach, ach bhí siadsan ann go dlúth in mo dhiaidh. Chuir mise comhartha ar ar fhéad mé den fheamainn, ach bhí a thrí oiread acusan liom droimscoilte. Ba dóibh ab fhusa. Nach raibh cúigear acu ann agus mise in m'aonraic
 
Déanfaidh mé comhartha dhuit
 
Caithigí suas na dólámha agus téadh muid i bpáirt. Tá an comhaireamh ag dul amú orm le chuile chor. Níor mhór cléireach lena choinneáil comhartha