Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

crígheannaí (16)

 
fara
Níl aon lonta dubha ná aon chéirseachaí ag taithí anseo chor ar bith anois ó réitíodh na crígheannaí ansin siar. Dheamhan fara acu ann
 
Déan bráideog fhíógaí agus gabhfaidh muid ag coinnleoireacht. Tá na crígheannaí sin siar beo beathach le smólaigh agus lonta dubha
 
catóg
Tá plá choiníní sna crígheannaí agus sna catógaí sin siar. Tá a shliocht orthub! Dheamhan ceo geamhair agam de bhláth bliana nach bhfuil crinnte acub!
 
B'fhéidir dhá ndúntaí súile na gcoinicéar sin go n-éireodh cupla coinín linn atá ag taithiú thart sna crígheannaí seo le gairid.
+
crígh
Tá na crígheannaí sin druidte le coiníní.
TUILLEADH (3) ▼
Dheamhan gair a bheadh ag madadh ar bith iad a leanacht isteach sna crígheannaí sin. Tá siad ró-achrannach agus róchoilgneach.
Tá mo chuid éadaigh stiallta agus mo chraiceann roistithe ag na crígheannaí bradacha sin siar. Dheamhan tada uaibhreach i mBaile an Gh. ach driseachaí agus draighean!
Ba mhaith an dóigh a dhul ag coinnleoireacht anocht sna crígheannaí sin síos. Lonnaíonn an saol brách éanachaí iontub anois.
 
Ní fiú deich triuf a bhfuil aige fré chéile. Céard é fhéin ach talamh curásach agus crígheannaí as éadan a chéile.
 
beo 1
Tá na crígheannaí sin suas beo ar fad le broic le gairid anuas. Is iontas é agus a laghad acub agus a bhíodh ann roimhe seo.
 
folach 2
Níl folach éadaigh orm ag na crígheannaí sin siar. Is iontu atá máithreach na ndriseachaí
 
danra
Nach é a bhí danra anois agus gur fhuagair sé orainn a dhul amach as na garrantaí breaca ansin thuas anuraidh agus muid ag fiach ann. Cén bhrí ach gan tada iontu ach raithneach agus crígheannaí. M'anam gur fhuagair, agus gurb é a bhí francaithe freisin nuair nár fhága muid d'aon léim iad … é siúd ag magadh! Is minic leis!
 
Ní choinneodh a dtáinig ariamh na cearca céanna giogáilte. Is mór an chéim iad. Ní túisce galra cleiteach dhaob (díobh) ná orthu aríst. Agus bíonn siad i bhfostós i ndriseachaí agus sna crígheannaí sin siar chuile ré solais. Dheamhan mo chos-sa a bhacas leo chor ar bith anois: cead acu fanacht gan diogáil. Chiapfaidís an té a thabharfadh aird orthu
 
dlúth 2
Tá crígheannaí siar ansin atá sách dlúth deirimse leat é
 
Tá an ruta sin siar dubhdhriseach. Breaclachaí agus crígheannaí ar fad é
 
Bhí muid ag coinnleoireacht oíche anuraidh thíos sna crígheannaí sin thíos agus dhúisigh muid éan aisteach eicínt sa sceich chuilinn