Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

dlaoithiú (3)

+
Bhí sí ag dlaoithiú a cuid gruaige — gruaig chuileach nó gruaig a bheadh in aimhréidh; a réiteach nó go mbeadh sí ina dlaoitheachaí
TUILLEADH (2) ▼
Tá sí ag spíonadh agus ag dlaoithiú na holla. Má tá féin, ní beag dhi sin. Dheamhan mórán bean tí anois a gheobhadh an oiread sin dhá hanró. Sníomhfaidh sí féin ar ball í freisin. Tá an tuirne aici i gcónaí
An bhfuil a fhios agat cén chaoi ar chaith mé an lá: ag dul ag dlaoithiú sailí le aghaidh ciseáin. Tá rud beag seifte aici féin, agus dheamhan a dhath de chiseán aici a d'iompródh Gaillimh aon tSatharn beo é. Deir siad go bhfuil ciseáin dhá ndíol i nGaillimh, ach mo chreach mhaidne, ní saill gan fiacha iad sin