—
slis nó gleann nó caitheamh le fána in áit.
+–
Siúil na fánáin. Níl na brakes sin in ann ag fánán ar bith — ó bharr aird go dtí n-a bhun
Bhí sé ceart go leor sna fánáin ach b'éigean dhom na haird ar fad a shiúl. Bhí an-ghála in m'aghaidh
TUILLEADH (5) ▼
Is bóthar é nach bhfuil mórán fánáin ann
Thiomáil (thiomáin) sé síos an fánán í
Seachain an capall sin anois sna fánáin. Is furasta léithe a theacht anuas. Tá truisle inti
Gabhfaidh muid taobh an fhánáin — síos le fána an aird, i leaba a dhul an cnoc
Beidh an fánán agat soir agus ní aireoidh tú é
Féach freisin
→
fánánach
fánán in iontrálacha eile (4)
→
cab
Tá an fánán aníos líonta (le clocha) aníos cab ar chab le ucht an aird. Is beag an caitheamh le fána a bheas ann ach iad siúd a bheith réidh leis.
Bhí díogaranach lae agam go dtí bóithrín Ch. E. agus ó bhí mé ar A. Th., níor airigh mé an chuid eile. Ar ndóigh fánán anuas uileag é uaidh sin amach. 'Sé an réim ó L. go bóithrín Ch. C. an chuid is buaine den bhóthar sin. Ó chuirfeas tú thart é sin, ní fiú trácht ar an gcuid eile
Meas tú glaicín leabhar a bhí ag na gasúir agus a bhí caite thiar ansin ar an urlár, nuair a chorraigh mé iad an lá cheana nach raibh gaibhte fúthu. Níl leath cheart leis an gceann seo (fear an tí). Ní bheadh sásamh ná séanadh aige ann go ndéanadh sé an teach ar an bhfánán bradach seo. Tá rud ar a shon anois aige. Ní thriomóidh an saol an áit sin