fínicín, finicín
—ainmfhocal, baineann
—
·
Sliogán fínicín — cineál sliogán faochan a fhaightear scaití sa mbruth faoi thír. Is annamh a d'fheicfeá iad. Ní cuid den chnuasach cladaigh iad ach go dteagann siad i dtír sa ngeimhreadh nó san earrach. Tá dhá shliogán ar an bhfinicín, agus iad ag breith trasna ar a chéile, agus siúnta ag dul isteach eatarthu go dtí an áit a mbíonn an fhaocha fhinicín. Tá siad ar na sliogáin is lú a d'fheicfeá sa gcladach. Níl thar mhéid méaróige iontu, agus iad ar dhéanamh iliopsa (ellipse): caol fada agus roinnt boilsceanta ina dtaobh. Sliogáin ghreadhnacha iad. Ní bhíonn sliogán ar bith sa gcladach a sháródh iad ar áilleacht datha. Is cosúil gurb amach ar an domhain a shíolraíos siad
Féach freisin
→
finicín