Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fóidín
fc. fód
1.
·
Thosaigh mé inniu (ag baint móna). Beidh mé ag baint fóidín asti anois de réir mo láimhe
"Fóidín isteach; fóidín amach; tá Sorcha ag teacht leis an dinnéar" — fear adúirt a raibh meitheal aige ag scaradh móna
2.
fóidín baic (fc. fód ar baic): dhá mbeadh talamh bán agat a bheifeá le chur, agus gan aon leasú a bheith air, agus é a tharraingt amach ina iomrachaí le dorú: ciumhaiseannaí gach iomaire a shioscadh agus feirbín beag nó fóidín a chasadh ar éigean leis an láí orthu go mbeadh comharthaíocht iomaire agus boird agat: sin fóidín baic. Tugtar freisin é — agus is air is mó a tugtar anois é — ar na leath bhoird a chastar ar na hiomrachaí i dtalamh bán, bíodh an leasú ar an bhfód nó na bíodh.
+
Tá sé ag casadh fóidín baic inniu — ag casadh isteach na mboird leis an láí gan na clascannaí a chur amach. Dhéantaí go dtí le gairid é le talamh i dtús bliana
Ní fhaca mé aon fhear ariamh a chinnfeadh air ag casadh baic (fóidín baic)
TUILLEADH (2) ▼
Chaith an bheirt an lá a choimhlint (ag coimhlint) le chéile ag casadh fóidín baic. Má bhí fhéin dheamhan ionga ná orlach a bhí ag ceachtar acu ar a chéile
Cas thusa an fóidín baic, agus cuirfidh mise isteach na clascannaí
3.
·
Fóidín na hAille, Fóidín an Bhóthair, An Fóidín — ainmneachaí garrantaí. Níl mórán doimhneacht sa gcréafóig iontu. Tá réimeanna den leic fúthu
4.
+
Tháinig fóidín mearaidh orm, agus dhá mbeinn ag dul síos agus suas choíchin ann, amach as ní thiocfainn — ciméar a bhuaileas daoine in áiteacha agus tosaíonn siad ag dul amú agus ní bhíonn siad in ann eolas a dhéanamh. Tugtar stray sod air i mBéarla na hÉireann
Bhí fóidín mearaidh san áit chéanna ariamh. Dheamhan duine dhá bhfaca mé ag teacht amach as ó rugadh mé nach bhfeicfinn a chaipín taobh bun os cionn air — deirtear go n-imeoidh an fóidín mearaidh dhíot ach ball eicínt de do chuid éadaigh a iontú amach
TUILLEADH (5) ▼
Ba deas mé i lár Shráid na Siopaí (i nGaillimh) agus mo hata iompaithe amach. M'anam nach fóidín mearaidh a bheadh orm ansin ach go ndéarfaí gur imithe as Béal Átha na Sluaighe a bheinn (as an ngealtlann)
Tháinig fóidín mearaidh air — bhuail fóidín mearaidh é
Tá fóidín mearaidh eicínt ar a cuid beathach i gcónaí le nach bhfaigheann siad garraí ar bith amach ach garraí na comharsan!
Nach diabhlaí an fóidín mearaidh atá air gurb é an teach ósta a gheobhas sé amach i gcónaí agus nach é teach an phobail!
Tá fóidín mearaidh eicínt ar T. le gairid — fleasc, smál, nó mearbhall; tá seafóid nó díth céille ag dul dó

Féach freisin

fód

fóidín in iontrálacha eile (20)

 
Tá féar agus fothair aige sin, agus is beag an dochar dhó agus a gcuireann sé de mhúirín agus de leasú air. Thug sé suas le trí thonna amach as an bhfóidín i mbliana
 
cora
Is diabhaltaí an chora síl froagannaí atá i lagchlaise an fhóidín.
 
Ní chasfadh an diabhal fóidín baic ar na híochtair fhliucha údaí. Tá siad ina gcíb ar éigean as éadan. Fhóbair mé feac a bhriseadh leob inniu.
 
Ba mhór an chóisir bainse í. Bhí carrannaí ó Mhullach an Aird go dtí Gleann an Fhóidín, agus ar ndóigh mo léan, bhí J. i dtosach cóisireach. Dheamhan gnaithe a dhéanfaí dhá uireasa.
 
Ní bhfaighinn eolas an bhealaigh dhá mbeinn ann ó shin. Chaithfeadh sé gur bhain fóidín mearaidh, nó mearbhall eicínt dom, nach raibh treoraíocht thairis sin ionam.
 
Ní bhuachfaidh aon duine mórán ar a bhfuil de choirce i nGarraí an Fhóidín i mbliana, arae tá curásach déanta aige as cnáimh éadain.
 
Bhí fóidín mearaidh nó ciméar eicínt orm mar chaith mé an oíche ag dhul síos is suas agus é ag cinnt orm an bóthar a dhéanamh amach.
 
Ag casadh fóidín baic ar an iomaire a bhí sé — talamh bán nó bran(t)ra gan aon leasú ach a bheadh roinnte amach ina iomrachaí agus casfaí fód nó scrath le láí air
+
fód
Casann tú an fóidín baic ar fhataí atá tú a chur ar an bhfód. Fód boird é má tá leasú ann. Sin é adéarfainnse ar chaoi ar bith (dúirt fear é seo liom, ach níl an t-idirdhealú seo ann níos mó)
TUILLEADH (4) ▼
D'fhan sé as fóidín an mhí-áidh, agus bhí an tseamair Mhuire aige gur fhan
Fan amach as an teach mallaithe sin. B'iomaí duine a raibh sé sin ina fhóidín an mhí-áidh dó. 'Sé a chuir P. Sh. féin ag caitheamh na miotán
Ba é Meiriceá fóidín an ádh dhó ar chaoi ar bith (fód an t-ádh: an tsáith? adeirtear go minic) — d'éirigh an saol leis ann
M'anam gurb é an baile sin fóidín an ádh di. Ó rinne sí taithí ann, tá sruth is gaoth léithe. Meas tú dhá bhfanaíodh sí san áit a raibh sí, an mbeadh mórán dhá bharr aice?
 
Níl sé sásta mura mbeidh chuile spreab den fhóidín baic ina dhaibéid mhóra millteacha aige. Chinnfeadh air fóide deasa slachtmhara a iontú. Is cuma leis sa tubaiste é ach é a bheith casta
 
danra
M'anam má tá tú ag mianadóireacht sa ngarraí P. go bhfuil do sháith den tsaol agat. An bhfuil sé chomh danra anois agus a bhíodh sé fadó. Chaith mé féin agus T. seachtain ag casadh fóidín baic ann agus ba beag nár chinn sé orainn. Bhí na lántaí ag lúbadh ann le teann fórsa
 
Daoirsíonn an mhóin taca an ama seo chuile bhliain. Nuair a theangmhaíos cruas an Mhárta le na seanágóideacha, níl déanamh d'fhuireasa an fhóidín móna acu. Is maith leo na loirgne a bhreacadh go maith — scadáin a chur iontu — le faitíos nach mbéarfaidís ar bhliain eile!
+
deis
Chaith mé lá ag casadh fóidín baice in aghaidh mo dheise do J. ansin thíos. Mura gcasainn mar sin é, chaithfeadh seisean an chlaise a chur isteach in aghaidh deise, agus ó bhí sé ina sheanfhear, ba mhór liom a dhul ag fiachadh air
TUILLEADH (1) ▼
Féadfaidh muid a dhul ag baint fóidín aisti (ag baint mhóna) lá ar bith feasta. Tá muid ar a (ár) ndeis aige
 
dreas 2
Seo í anois an aimsir nach mbeidh i bhfad ag cur dreasa ar an bhfóidín móna. Má fhaigheann sí coicís dhe seo, beidh sí ina barrach
 
droim
Mura bhfuil mearbhall mór ormsa a mhic Uí Ch., sin gaoth atá ag éirí de dhroim sneachta. Tapaigh an portach agus is cuma dhuit sa diabhal cén chaoi a dtiocfaidh an uair ansin. Ach mura mbeidh an fóidín móna istigh agat le do loirgne a bhreacadh, is fear in anchaoi thú ansin, deirimse leat