Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

fóill (6)

 
Bhí sé thíos sa linn agam ar feadh leathuaire agus mé ag cur sámhas ann le frithghob na camóige. Ó diabhal cor a bhí ann ach an oiread le plíoma de ghamhain! Meas tú nach raibh mé ag cur scrúdtaí orm fhéin an gcuirfinn an chamóig ann beag ná mór, agus chomh socair agus a bhí sé! … Síleann tú gur ag sioscadh bréag atá mé! Fóill ort. Bhí mé go díreach ar thí sracadh a thabhairt faoi …
 
Rugadar isteach ar a chéile — lámh in íochtar, lámh in uachtar agus lámh uaisle na coraíocht. Rinneadar ardán den isleán agus bogán den chruán gur thugadar toibreachaí fíoruisce thrí lár na leacrachaí glasa le neart a gcuid coraíochta. Nuair a bhí an ghrian ag dul faoi tráthnóna, tháinig an spideoigín ar an gcraoibh. 'A mhic na scolóige,' adeir sí, 'níl fear do chaointe ná do shínte le fáil.' Ansin, thug mac na scolóige cor don fhathach agus chuir sé go corrógaí sa leic é. An darna cor, chuir sé go cóngar an uicht agus a mhuiníl é. 'Fóill ort a ghaiscígh,' adeir an fathach. 'Lig m'anam liom agus tabharfaidh mé mo chlaíomh solais agus m'each caol dubh duit a bhéarfadh ar an ngaoith Mhárta a bheadh roimpi agus nach mbéarfadh an ghaoth Márta a bheadh ina diaidh uirthi (cuid de chulaith gaisce na seanscéal)
 
Foighid!; foighid ort!; foighid ort anois go fóill!; foighid ansin! — fan; ná corraigh; ná bíodh deifir ort; glac go réidh tú féin; stop; bí in do shost srl.
 
Má tá sé róthe agat, fág ar fuarú ansin go fóill é — le go bfuaróidh sé; le go n-imí an teas as
 
Níl na ciarógaí dealaithe go fóill, ainneoin an chaoi a chuir an dochtúr siúd ar an teach. Ó rinneadh é sin leis, níor chuala mé aon chr[...]g[...] ann ó shin. Is cosúil gur mharaigh sé iad. Shíl mé go dtabharfadh sé fruisín faoi na ciarógaí freisin, ach níor thug, nó má thug tá siad ar ais aríst
 
Deir tusa gur talmhaí thú. Fóill ort anois. Céard iad dristiúirí … uaim … béim … hanlaí … dromacán … An bhfuil a fhios agat céard í céachta chor ar bith. Dheamhan pioc atá a fhios agat faoi thalmhaíocht!