fóin
—/fūin/
—briathar
—fuaim ú ar ó sna focla seo ar fad.
1.
a bheith úsáideach nó seirbhísiúil; a bheith go maith; leas a bheith ann; a bheith garúil, oibleagáideach; useful, utilitarian.
a.
+–
Is minic a d'fhóin N. Th. dósan roimhe seo — is minic a rinne sé gar nó leas dó
D'fhóin sé dhom ina dhiaidh sin nuair a tháinig mé ina chall
TUILLEADH (12) ▼
Ná caith amach an mhiodach de shluasaid sin. Is minic a fhónas sí dhomsa. Níl fad méire agam leis an luaith a chur amach ach í
Leag i dtaisce an cláirín sin. Fónfaidh sé fós
D'fhónfadh sé dhá mbeadh bacán ann le cur air ach níl
Sin é anois a d'fhónfadh ceart sa doras údaí dhá mbeadh sé agam
Níl rud ar bith is fhearr a fhónas i dteach ná scian mhaith ghéar, agus sin rud nach bhfuil anseo
A dhiabhail, sí an seantiúb sin a d'fhónfadh i dtiarach asail. Croch leat í. Déan
Ná caith rud ar bith amach. Fónfaidh sé sin fós
Cheannóinn é, ach ní fhónfadh sé dhom. Tá sé buille róbheag
An bhfuil a fhios agat céard a d'fhónfadh duitse ag dul 'na phortaigh? Na sleamhnáin sin a d'fheicfeá ar chosa na ngasúir i nGaillimh
M'anam gur fhóin an písín sin domsa. Bhí mé in mo ghamal dhá uireasa
D'fhónfadh sé le clocha a bhaint
Fónfaidh an t-ord sin ag réiteach an chosáin siúd
+–
"An fhad is a sheasfas sé fónfaidh sé" — le rud ar bith; nach ceart a chaitheamh i dtraipisí, nó ar an bhfara, nó go mbí sé caite nó briste amach is amach
Fág ansin é sin. Dheamhan a bhfuil briste fós di. "An fhad is a sheasfas sé fónfaidh sé," mar adeir an ceann eile
TUILLEADH (1) ▼
Cuirfidh muid an seantyre air aríst. B'fhéidir go dtabharfadh sé babhta eile théis go bhfuil sí roiste. An fhad is a sheasfas sé fónfaidh sé
+–
"D'fhónfadh (d'fhóirfeadh freisin) rud ar bith d'fhear nochtaithe" — an té atá i ngéarchall is fánach an rud a níos leas dó
Tuige nár chaith tú chuige na cupla pínn féin. Deir siad go bhfónfadh rud ar bith d'fhear nochtaithe
TUILLEADH (1) ▼
B'fhearr liom an gasúr féin agam ná uaim. D'fhónfadh rud ar bith d'fhear nochtaithe. Dhá dteagadh orm, bhuailfeadh an gasúr fhéin buille liom
b.
+–
Níl aon fhóint (fónamh, amantaí) sa láí seo níos mó. Tá sí caite
Coinnigh é. B'fhéidir go mbeadh fóint ann duit uair eicínt (b'fhéidir go bhfónfadh sé duit)
TUILLEADH (5) ▼
Dheamhan fóint ná cuid d'fhóint sa tseanchathaoir sin níos mó. Cá bhfaigheadh sí é?
Coinnigh leat an fear sin. Ní bheadh a fhios agat nach mbeadh fóint ann duit uair eicínt
Caithfidh sé seo fóint dom ó tharla nach bhfuil a mhalrait agam. Ach b'fhéidir go mbainfinn mo ghaisneas as
Sin é a bhfuil de mheas agat ar mo chuid oirnise. Dar fia tá fóint thairis sin inti
Níl d'fhóint anois sna seanpháipéir chíosa sin (n)ach go lasfaidís an píopa do dhuine.
+–
Dheamhan a mbrisfidh mé é. Cuirfidh mise i bhfóint fós é sin
Ní dhíolfadh sé an carr. Tá sé ag ceapadh go gcuirfidh sé i bhfóint fós é. Dheamhan cur ná go héag, mar beidh sé críonta
TUILLEADH (1) ▼
Tá an tseanbhó sin ó fhóint anois — tá a cuid fóinte ar iarraidh; tá a cuid fónamh ar iarraidh
·
Dhá bhféadainnse fóint ar bith a bhaint as an tseanláí seo, ghabhfainn do chúnamh dhaoibh — dhá bhféadainn obair ar bith a dhéanamh léithe
Bhí sé ag iarraidh fóint a bhaint as an seanasal, ach mo chreach maidne é! Ní túisce a bheadh an t-ualach líonta air ná a luighfeadh sé faoi
+–
Is iomaí fóint a dhéanfadh S. A. timpeall an bhaile dhá mbeadh sé ann — leas, gar
Diabhal mé gur hiomaí fóint a níos madadh i dteach. Choinneodh sé amach na cearca fhéin lena shaighdeadh iontu
TUILLEADH (5) ▼
Sílim go gceannóidh mé gunna gráin. Is iomaí fóint a dhéanfadh gunna. Ní bheifeá lá ar bith gan anlann
Is iomdha fóint a rinne an seanasal fhéin do na daoine, nó gur cailleadh é
Is mór an ní an áit a bheith d'uireasa dochtúr. Déanann dochtúr cuid mhaith fóinte
M'anam muise go bhfuil an maide sin ag déanamh fóinte (ag fóint) dhomsa ó buaileadh suas as na cosa mé
An bhfuil an seanpheann sin a thug mé dhuit ag déanamh a rath fóint duit? Is fhearr é ná a bheith gan tada, nó go ndeasaí tú do pheann fhéin
2.
Claise fóinte (/fūɴ′t′ə/, ach /fīɴ′t′ə/ freisin): claise srutha i ngarraí. Deirtear gur tugadh an t-ainm sin uirthi ó tharla go bhfóireann sí ag tabhairt an uisce léithe, ach níl ansin ach folk etymology.
3.
an chiall "ómós nó adhradh a thabhairt do"; nó "a bheith faoi dhílsine do", tá sí seargtha, ach sa leagan "a Dhia dhá bhfónaim", agus tá an leagan sin fhéin ionann is seargtha anois. Bhíodh sé ag corrsheanduine roimhe seo.
·
"A Dhia dhá bhfónaim," adeir sé, "cuir ar mo leas anois mé, mar is fear i dteannta mé" — Ye God whom I serve
A Dhia dhá bhfónaim, céard a dhéanfas mé chor ar bith
fóin in iontrálacha eile (50+)
→
fara
M'anam muise gur beag an baol atá orm na stocaí sin a chaitheamh ar an bhfara. An fhad is a sheasfas siad, fónfaidh siad, mar adeir an ceann eile. Dhá dtéadh bean mhaith ina n-éadan ba bheag an stró uirthi péire nua a dhéanamh dhíobh aríst
Fág an cheirt sin d'earasbarr ar an snáth nó go bhfeice tú leat. B'fhéidir go bhfónfadh sí amach anseo
→
feadhnóg
Níl aon chleachtadh agatsa ar na feadhnachaí seo. 'Siad a bhíos againne ar fad. Ní fhónfadh aon chléibh eile dhúinn ach iad ag tarraingt ualaigh anseo
In a bhfiolladóirí mar sin a chaith S. Ph. Sh. agus a mhuintir ag imeacht ariamh. Rud ar bith a gheobhaidís ar sliobarna — agus mura mbeadh sé te nó trom — bhí sé ardaithe leo acu. Is leitheadaí a labhróidís ná duine ar fónamh ina dhiaidh sin
Dhá mbeadh fear fobhairne ar fónamh sa gcurach agam an lá sin, ní loicfinn. Bhí an-fharbógaí farraige ann, ach bheadh cóir againn isteach. Ba bheag an stró a bheadh ar dhá churachóir mhaithe a theacht abhaile. Maidir leis an gceann a bhí in éindí liomsa, ní raibh ann ach spogán nár cheart dó a dhul chun farraige chor ar bith
→
foláir
Ní foláir do dhuine a dhul sa bpraghas le culaith éadaigh anois. Mura dté, ní bhfaighidh sé aon éadach ar fónamh
→
fothair
Bíonn féar agus fothair ansin mar is mínleach ar fónamh é, ní hé sin don spíontán bradach atá anuas anseo. An bhfeiceann tú an baile sin thiar. Dheamhan dhá sheamaide istigh ar a fhuaid. Go deimhin ní talamh féir atá ann
→
fáinne
Tá sacghadhair fút ar chaoi ar bith. Níor chomaoin dóibh a dhul i mbarr do chúig ort — cúig do láimhe dhéanta srl. B'fhéidir go gcaithfeá rud eicínt astu (.i. go mbeadh mámh eicínt in do láimh chártaí) … Fáinne óir ort! Mo chuach ansin thú! Tá banríon Hairt ina leannán agat, ach dar príosta d'fhóin sí dhuit an babhta sin.
→
cinceach
Níl bounce ar bith sa spadalach sin. Breá ó fuaidh sibh dhá tabhairt libh, nár thug sibh móin ar fónamh libh, seachas an chinceach sin nach ndeargfadh ó mhaidin go faoithin.
Deireadh M. Ph. fadó nach raibh rud ar bith chomh siúráilte le cothromacan síne na huaire, ach dhá mbeadh sé básaithe faoi chéad, deirimse go dtug sé a éitheach. B'fhurasta ar tháinig de laethantaí ar fónamh i mbliana a chomhaireamh — b'fhurasta sin.
+
Má théim ag cur aimsire ar dhuine, cuirfidh mé aimsir ar fhear ar fónamh, agus ní ar a leithide sin de chíosáinín é.
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan aithne air, an cíosáinín bocht, nach fear ar fónamh é fhéin.
→
cóineas
Dheamhan cóineas agam, ná cuid de chóineas, ach na boinn. Ach dheamhan go dona de dhuine a fhad is atá siad sin fhéin ar fónamh aige.
→
cóisir
Fuair tú an chóisir litreachaí inniu, shílfeá. Ní raibh aon cheo ar fónamh (airgead) in aon cheann acub?
→
baing
Leag de leataobh an chloch sin go fóilleach. Fónfaidh sí sin nuair a theastós baing uaim ar ball.
+
→
bealach
Níl bealach ar fónamh ar bith leis an gceann sin.
TUILLEADH (1) ▼
Níl aon bhealach ar fónamh (den rath srl.) aige. Seachtaineachaí b'fhéidir dhó lán laidhre a dhéanamh, ach ar a shon sin, b'fhéidir go mbeadh sé mí aríst gan cianóg rua a dhéanamh.
→
beart
B'ait liom fear ar fónamh lá an fhómhair nó lá an earraigh; a chuirfeadh agus a bhainfeadh an eorna agus a chomhairfeadh í ina bearta. In áiteachaí comhairtear trí dhornán i bpunainn, agus punann is fiche i mbeart. Mar seo a chomhairtear in áiteachaí eile é (Doire an Fhéich cuirim i gcás): trí ghlaic nó trí shracadh dornán, dhá fhichead dornán stáca, dhá stáca beart, agus deich mbeart fhichead cruach. Mar seo a chomhairtear stuca nó beart i gCois Fharraige: trí ghlaic dornán, fiche dornán cois, agus cheithre dhornán caipín stuca. Sin cheithre dhornán fhichead sa mbeart.
Dheamhan mórán ar fónamh a rinne mé an tseachtain seo, cé is moite de chreachlaoiseachaí beaga timpeall an tí, ach teastaíonn sin fhéin a dhéanamh.
→
críoch
Ní fhéadfadh aon chríoch ar fónamh a bheith ar an gceann céanna, arae ba holc é fhéin agus is iomaí créatúlacht a rinne sé ar bhoicht na tíre.
Shílfeá go bhféadfá fear ar fónamh a shamhlú liom ó chuaigh tú dhá dhéanamh chor ar bith, tharas an cuimleachán sin. Dheamhan a bhfuil sna fir chor ar bith dhó sin.
Shíl mé go dtiocfadh an bhanríon timpeall biorach agus bheadh titim imeartha agam ansin leis an gcuileata, arae bhí drámhaisí ar fónamh agam. Ina leaba sin, is amhlaidh a bhánaigh mé mé fhéi, ag gabháil san áit nár bhain dhom.
+
Dheamhan fód móna ag gabháil linn anois ach bodhránach de spadalach bhradach nach féidir ceart ar bith a bhaint di. Aon fhód ar fónamh a bhí againn, díoladh í i dtús bliana.
TUILLEADH (1) ▼
Ná bac le greas ná teas a bheith i bhfeoil chapaill ná i mbarrannaí íochtair. Tá sé amhlaidh le na portaigh atá agamsa ar chaoi ar bith. Dheamhan fód ar fónamh ar a bhfuaid ach bodhránach agus spadalach.
→
brabach
Má bhíonn aon bhrabach suimint ansin agat (théis na hoibre a bheith déanta), d'fhónfadh sé dhomsa.
+
→
bratainn
Bhí bratainn bhrocach sin na Gaillimhe uileag ar an mbainis ann agus chuir siad an áit faoina gcosa. Diabhal aithne orthub nach daoine ar fónamh iad lena bhfuil de ghaisce agus de chóirí catha acub.
TUILLEADH (1) ▼
Tá an oiread floscaí ag an mbratainn sin agus a bheadh ag duine ar fónamh.
B'fhearr dó go mór capall ar fónamh a cheannacht, pé ar bith céard a thiocfadh sí air, ná bheith dhá mheath fhéin leis an seanghearráinín aibéiseach sin
+
→
buail ar
Buaileadh air an straoilleoigín faoi dheireadh thiar, ainneoin ar eitigh sé de mhná ar fónamh.
TUILLEADH (1) ▼
Buailfidh sé sin bleid ort, uair ar bith a fheilfeas sé dhó fhéin, ach má bhíonn duine ar bith ar fónamh in éindí leis, ní ligfidh sé air fhéin go bhfeicfidh sé chor ar bith thú.
→
bualadh
Bhí an-bhualadh ar chinn chruacháin agus ar mharlaí Cháit ar Charraig Mhurchaidh, ach níor éirigh breac ar fónamh ar bith liom. (Ceanna (nó cinn) chruacháin agus malraigh Cháit = iasc beag gan mhaith. Go hiondúil tugann an t-iascaire an poll amach aríst dóibh)
→
buil
'Sé a chosúlacht nach buil leis tada ar fónamh a dhéanamh ar chuma ar bith, hé brí cén mhístaid ná millteanas a dhéanfas sé
+
→
buille
Dhá mbeadh tada ar fónamh agamsa, ní ligfinn do shean-naoi thar mo dhoras gan buille na speirthe a thabhairt dó, ach bhí mé fuar folamh mar is minic liom a bheith
TUILLEADH (1) ▼
Fuair tú amach an té a dhéanfadh aon bhuille ar fónamh — é sin!
+
→
airigh
Ní airíonn sé pian ná tinneas, agus níl sé ar fónamh ina dhiaidh sin
TUILLEADH (1) ▼
Níl mé ag aireachtáil (níl mé do m'aireachtáil féin; ní airím mé fhéin) ar fónamh (go maith, ar mo chóir fhéin srl.) le fada — tá rud eicínt ag gabháil dom le fada.
→
féirín
Is deas é m'fhéirín: píopa a bhfuil poll ar a thóin. B'fhurasta a aithinte, dhá mba rud ar fónamh é nach dhomsa a thabharfadh sé é
+
→
fónamh
Dheamhan a bhfuil ar fónamh dhíom muis — go maith
TUILLEADH (4) ▼
Tá an lá ar fónamh — go maith
Ní aimsir ar fónamh í seo don té atá ar phortaigh
Ní bhím ar fónamh le tamall
Ní hé an rud ar fónamh adéarfas tú ar chaoi ar bith — rud maith; rud cuibhiúil