Fóin
—/fūin/
—Briathar
—fónamh: fóinim; fóineann sé; fónann sé etc. Bíonn siad caol agus leathan, ach is minice thríd agus thríd an fhuirm chaol.
—Fuaim ú ar ó sna focla seo ar fad.
1.
a bheith úsáideach nó seirbhisiúil; a bheith go maith; leas a bheith ann; a bheith garúil, oibliogáideach; useful, utilitarian.
a.
+–
Is minic a d'fhóin N. Th. dósan roimhe seo = is minic a rinne sé gar nó leas dó
D'fhóin sé dhom in a dheidh sin nuair a tháinig mé in a chall
TUILLEADH (12) ▼
Ná caith amach an mhiodach de shluasaid sin. Is minic a fhónas (a fhóineas) sí dhomsa. Níl fad méire agam leis an luaith a chur amach ach í
Leag i dtaisce an cláirín sin. Fóinfidh sé fós
D'fhóinfeadh sé dhá mbeadh bacán ann le cur air ach níl
Sin é anois a d'fhóinfeadh ceart san doras údaí, dhá mbeadh sé agam
Níl rud ar bith is fhearr a fhóineas idteach ná scian mhaith ghéar, agus sin rud nach bhfuil annseo
A dhiabhail, sí an sean-"tiúb" sin a d'fhóinfeadh idtiarach asail. Croch leat í. Déan
Ná caith rud ar bith amach. Fóinfidh sé sin fós
Cheannóinn é, ach ní fhóinfeadh sé dhom. Tá sé buille ro-bheag
An bhfuil a fhios agad céard a d'fhóinfeadh duitse ag dul na phortaigh?: na sleamhnáin sin a d'fheicfeá ar chosa na ngasúir inGaillimh
M'anam gur fhóin an písín sin domsa. Bhí mé in mo ghamal dhá uireasa
D'fhóinfeadh sé le clocha a bhaint
Fóinfidh an t-ord sin ag réiteach an chasáin siúd
+–
"An fhad agus a sheasfas sé fóinfidh sé" = le rud ar bith; nach ceart a chaitheamh i dtraipisí, nó ar an bhfara, nó go mbí sé caite, nó briste amach agus amach
Fág annsin é sin. Dheamhan a bhfuil briste fós di. "An fhad agus a sheasfas sé fóinfidh sé", mar adeir an ceann eile
TUILLEADH (1) ▼
Cuirfidh muid an sean-"tyre" air aríst. B'fhéidir go dtiúrfadh sé babhta eile th'éis go bhfuil sí roiste. An fhad's sheasfas sé fóinfidh sé
+–
"D'fhóinfeadh (d'fhóirfeadh freisin) rud ar bith d'fhear nochtuithe" = an té atá ingéar-chall is fánach an rud a níos leas dó
Tuige nachar chaith tú chuige na cupla pínn féin. Deir siad go bhfóinfeadh rud ar bith d'fhear nochtuithe
TUILLEADH (1) ▼
B'fhearr liom an gasúr féin agam ná uaim. D'fhóinfeadh rud ar bith d'fhear nochtuithe. Dhá dteagadh orm, bhuailfeadh an gasúr fhéin buille liom
b.
+–
Níl aon-fhóint (fónamh, amanntaí) san láighe seo níos mó. Tá sí caite
Coinnigh é. B'fhéidir go mbeadh fóint ann duit (b'fhéidir go bhfóinfeadh sé duit) uair eicínt
TUILLEADH (5) ▼
Dheamhan fóint ná cuid d'fhóint san tsean chathaoir sin níos mó. Cá bhfuigheadh sí é?
Coinnigh leat an fear sin. Ní bheadh a fhios agad, nach mbeadh fóint ann duit uair eicínt
Caithfidh sé seo fóint dom, ó thárla nach bhfuil a mhalrait agam. Ach b'fhéidir go mbainfinn mo ghaisneas as
Sin é a bhfuil de mheas agad ar mo chuid oirnise. Dar fia tá fóint thairis sin inte
Níl d'fhóint anois sna sean-pháipéir chíosa sin (n)ach go lasfaidís an píopa do dhuine.
+–
Dheamhan a mbrisfidh mé é. Cuirfidh mise i bhfóint fós é sin
Ní dhíolfadh sé an carr. Tá sé ag ceapadh go gcuirfidh sé i bhfóint fós é. Dheamhan cur ná go héag, mar beidh sé críonta
TUILLEADH (1) ▼
Tá an tsean-bhó sin ó fhóint anois = tá a cuid fóinte ar iarraidh; tá a cuid fónamh ar iarraidh
·
Dhá bhféadainnse fóint ar bith a bhaint as an tsean-láighe seo, ghabhfainn do chúnamh dhaoibh = dhá bhféadainn obair ar bith a dhéanamh léithe
Bhí sé ag iarraidh fóint a bhaint as an sean-asal, ach mo chreach maidne é! Ní túisce a bheadh an t-ualach líonta air ná a luighfeadh sé faoi
+–
Is iomdha fóint a dhéanfadh S. A. timpeall an bhaile dhá mbeadh sé ann = leas, gar
Diabhal mé gur hiomdha fóint a níos madadh i dteach. Choinneódh sé amach na cearca fhéin len a shaghdadh ionta
TUILLEADH (5) ▼
Sílim go gceannóidh mé gunna gráin. Is iomdha fóint a dhéanfadh gunna. Ní bheitheá lá ar bith gan anlann
Is iomdha fóint a rinne an sean-asal fhéin do na daoine, nó gur cailleadh é
Is mór an ní an áit a bheith d'uireasa dochtúr. Déanann dochtúr cuid mhaith fóinte
M'anam muise go bhfuil an maide sin ag déanamh fóinte (ag fóint) dhomsa ó a buaileadh suas as na cosa mé
An bhfuil an sean-pheann sin a thug mé dhuit ag déanamh a rath fóint duit? Is fhearr é ná a bheith gan tada, nó go ndeasuighe tú do pheann fhéin
2.
Claise fóinte (/fūɴ′t′ə/, ach /fīɴ′t′ə/ freisin) = claise srotha i ngarraí. Deirtear gur tugadh an t-ainm sin uirre, ó thárla go bhfóireann sí ag tabhairt an uisce léithe, ach níl annsin ach "folk etymology"
3.
An chiall "ómós nó adhradh a thabhairt do"; nó "a bheith faoi dhílsine do", tá sí seirghe, ach san leagan "a Dhia dhá bhfónaim", agus tá an leagan sin fhéin ionann agus seirghe anois. Bhíodh sé ag corr-sheanduine roimhe seo.
·
"A Dhia dhá bhfónaim" adeir sé, "cuir ar mo leas anois mé, mar is fear idteannta mé" = Ye God whom I serve
A Dhia dhá bhfónaim, céard a dhéanfas mé chor ar bith
Fóin in iontrálacha eile (36)
→
fara
M'anam muise gur beag an baol atá orm na stocaí sin a chaitheamh ar an bhfara. An fhad agus a sheasfas siad, fónfaidh siad, mar adeir an ceann eile. Dhá dteigheadh bean mhaith in a n-éadan ba bheag an stró uirre péire nua a dhéanamh dhíob aríst
In a bhfiolladóirí mar sin a chaith S. Ph. Sh. agus a mhuinntir ag imeacht ariamh. Rud ar bith a gheobhaidís ar sliobarna — agus mara mbeadh sé te nó trom — bhí sé árdaithe leó aca. Is leitheadaí a labhaireóidís ná duine ar fónamh in a dheidh sin
Dhá mbeadh fear fobhairne ar fónamh san gcurach agam an lá sin, ní loicfinn. Bhí an-fharabógaí farraige ann, ach bheadh cóir againn isteach. Ba bheag an stró a bheadh ar dhá churachóir mhaithe a theacht abhaile. Maidir leis an gceann a bhí in éindigh liomsa ní raibh ann ach sbogán nar cheart dó a dhul chun farraige chor ar bith
→
foláir
Ní fuláir do dhuine a dhul san bpraghas le culaith éadaigh anois. Mara dteighe ní bhfuighidh sé aon-éadach ar fónamh
→
fothair
Bíonn féar agus fóthar annsin mar is minleach ar fónamh é, ní hé sin don spíontán bradach atá anuas annseo. An bhfeiceann tú an baile sin thiar. Dheamhan dhá sheamaide istigh ar a fhuaid. Go deimhin ní talamh féir atá ann
→
fáinne
Tá sac-ghadhair fút ar chaoi ar bith. Níor chumaoin dóibh a dhul i mbárr do chúig ort — cúig do láimhe dhéanta agus eile. B'fhéidir go gcaithfeá rud eicínt asta (.i. go mbeadh mámh eicínt in do láimh chártaí) … Fáinne óir ort! Mo chuach annsin thú! Tá Bainríon Hairt in a lionnán agad, ach dar príosta d'fhóin sí dhuit an babhta sin.
→
féirín
Is deas é m'fhéirín: píopa a bhfuil poll ar a thóin. B'fhurasta aithinte dhá mbá rud ar fónamh é, nach dhomsa a thiúrfadh sé é
+
→
fónamh
Dheamhan a bhfuil ar fónamh dhíom muis = go maith
TUILLEADH (13) ▼
Tá an lá ar fónamh = go maith
Ní aimsir ar fónamh í seo don té atá ar phortaigh
Ní bhím ar fónamh le tamall
Ní hé an rud ar fónamh adéarfas tú ar chaoi ar bith = rud maith; rud cuíbhiúil
Ní hé an rud ar fónamh a chloisfeas tú san teach céanna
Is fhearr a bheith ar fónamh ná saidhbhreas an tsaoil
Dheamhan a bhfuil ar fónamh den fhear chor ar bith = duine fabhtach é; tá sé fealltach
Is fiú an rud ar fónamh a cheannacht
Dhá mba rud ar fónamh é, ní thiúrfadh sé dhuit é
"Is fhearr an fhairsinge ná ar fónamh"; "is fearr fairsingeacht ná ar fónamh" = is fhearr go leór de dhroch-rud ná beagán de rud maith; quantity is better than, or preferable to quality
Cuirfidh muid uisce thríd (fuisce) agus fairsingeóidh sé é. Is fhearr an fhairsinge ná ar fónamh, adeir siad
Níl ionta sin ach fataí muc. Tá méid ionta ceart go leór, ach cén mhaith méid, nuair nach bhfuil siad len ithe. Ach is fhearr libse fairsingeacht ná ar fónamh
Deir siad gur fearr an fhairsinge ná ar fónamh. Is fhearr leo sin i gcomhnaí go leor den droch-rud ná beagán den rud mhaith. Ghabhfadh an beagán a mbeadh maith ann cho fada leis an droch-rud faoi dheireadh.
Is fhearr an fhairsinge ná ar fónamh; is fearr fairsinge(acht) ná (ar) fónamh (fc. fónamh)
→
farc
Is breá an drisiúr é sin fós agus an aois atá aige. Dheamhan a bhfuil ag breathnú farcha dhe. Bhí buaineadas san adhmad sin. Fadó a gheobhthá an ball ar fónamh
+
→
fuil 1
Tá an fhuil ar fónamh annsin; tá an fhuil mór ann = tá an braon maith ann; is mianach maith daoine é; tá an fhuil uasal ann
TUILLEADH (1) ▼
Tá braon den fhuil ar fónamh inte; tá braon den fhuil mhór inte = níl an braon tuatach inte; is plannda den fhíor-fhuil í
Má fhanann aon-chosamar den fheamainn sin d'fhuighleach thar éis an garraí a bheith leasuithe, caith le claidhe í, agus fónfaidh sí l'aghaidh múirín a dhéanamh
→
deachma
Muise níl mé ach réasúnta slán an té a fhiafraíos. Ag crochadóireacht liom ar éigin. Tá deachma na sláinte orm ó fuair mé an ruaig mhór an t-am seo anuiridh. Diabhal a bhfuil ar fónamh dhíom ó shoin
→
dia 1
A Dhia dá bhfónaim (bhfúnaim)! (chuala mé é seo uair amháin ag sean-fhear. Sin é an méid ariamh)
→
dia 2
B'fhurasta aithinte go mbeadh an lá inniu ar fónamh. Is deacair an tsean-chaint a shárú: an Aoine in aghaidh na seachtaine, adeir siad
Go deimhin níl mórán cúis leis ag dochtúireacht agus 'sé a chuma atá air. Céad slán le na dochtúir a bhí ar fónamh!
→
dona
Go mba seacht míle measa a bheas sé bliain ó inniu, an címleachán caca, mara deas a gheobhadh sé ann féin a dhul ag baint fogha ná easba as duine ar fónamh
→
donán
Tá an donáinín sin muise cho suimiúil le fear ar fónamh. Cén bhrí ach go gcuirfeá seacht n-iomairí agus seacht n-eitrí uait an dreóláinín bocht de shéideóig
→
díol 2
Siúd é atá indon an díol a thabhairt ar dhuine. Fainicíodh 'chuile dhuine a theanga, mar go deimhin, níl sí ar fónamh