Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dochtúireacht
ainm-fhocal, buineann
1.
obair nó ceird an dochtúra, nó obair duine ar bith a bheadh ag giollaíocht leithide dochtúra.
+
Tá sí ag oiliúint agus ag dochtúireacht thíos annseo thíos ó mhaidin. Go deimhin, tá an páiste ag fáil aire uaithe
Is fhearr an bhean sin aige ag dochtúireacht ná dochtúr ar bith
TUILLEADH (3) ▼
Go deimhin níl mórán cúis leis ag dochtúireacht agus 'sé a chuma atá air. Céad slán le na dochtúir a bhí ar fónamh!
Cáid ag dochtúireacht é siúd? Shílfeá go bhfuil sé an-scáfar.
Chaith sé an lá ag dochtúireacht ar an mbó, ach má chaith féin, sin é a raibh dhá bhárr aige. Chinn air aon-leas a dhéanamh di
2.
méirínteacht nó ag dul do rud len a dheasú, nó caoi a chur air; gobántacht, laimhseáil (an rud is mó a dtugtar air anois é).
+
An bhfuil sé ag dochtúireacht leis an "mbicycle" fós? Cinnfidh sé ar a cheann-finne aon-chaoi a chur air
Leig de do chuid dochtúireacht annsin anois. Déarfainn gur mó go fada a mhillfeas tú ná a leasós tú faoin ngramafóin sin
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé suas annsin ag dochtúireacht le claidheachaí le dhá lá, ach ní fheicim mórán biorruithe aige in a dheidh sin
Sin é a mhaith agus a mhaoin: ag imeacht ag dochtúireacht mar sin timpeall an tí, ag deasú doirse, agus ag cur pabhsaes.

Dochtúireacht in iontrálacha eile (2)

+
droim
Ní thaithnigheann liom an chorruighe atá agad ar an teine sin chor ar bith anois. Bhí sí ag cnádadh go breagh gur thosuigh tú ag dochtúireacht uirre. Is mór m'fhaitíos go gcuirfidh tú de dhruim seoil ar fad í. Tá geis ar an teine sin nach bhfuil aon-duine indon a deargadh ach mise. 'Sí an tuagh a bhaint as láimh an tsaoir duitse a dhul in a h-éadan
TUILLEADH (1) ▼
Is maith a chruthóchas S. Ch. nó cuirfidh an coinnleoir de mhac sin aige de dhruim tighe é dhá mhéad í a dheis. Tá sé in ainm agus a bheith ag dul in a dhochtúr ach sin í an dochtúireacht eile. An uair a bheadh aige a bheith istigh ins an gColáiste 'sé an áit a mbíonn sé thíos i bpárlús J. in éindigh le bean na mbrístí, ag cur óil uirre as cosa idtaca. Is maith an dóigh dhó a bheith ar an gceird sin! Deirim leat nach bhfágfaidh sé bonn bán ar a athair, sin nó tá airgead in a chocaí beaga aige