Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dochtúireacht
ainmfhocal, baineann
1.
obair nó ceird an dochtúra, nó obair duine ar bith a bheadh ag giollaíocht leithide dochtúra.
+
Tá sí ag oiliúint agus ag dochtúireacht thíos anseo thíos ó mhaidin. Go deimhin, tá an páiste ag fáil aire uaithi
Is fhearr an bhean sin aige ag dochtúireacht ná dochtúr ar bith
TUILLEADH (3) ▼
Go deimhin níl mórán cúis leis ag dochtúireacht agus 'sé a chuma atá air. Céad slán le na dochtúir a bhí ar fónamh!
Cáid ag dochtúireacht é siúd? Shílfeá go bhfuil sé an-scáfar.
Chaith sé an lá ag dochtúireacht ar an mbó, ach má chaith féin, sin é a raibh dhá bharr aige. Chinn air aon leas a dhéanamh di
2.
méirínteacht nó ag dul do rud lena dheasú, nó caoi a chur air; gobántacht, láimhseáil (an rud is mó a dtugtar air anois é).
+
An bhfuil sé ag dochtúireacht leis an mbicycle fós? Cinnfidh sé ar a cheann fine aon chaoi a chur air
Lig de do chuid dochtúireacht ansin anois. Déarfainn gur mó go fada a mhillfeas tú ná a leasós tú faoin ngramafón sin
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé suas ansin ag dochtúireacht le claíochaí le dhá lá, ach ní fheicim mórán bioraithe aige ina dhiaidh sin
Sin é a mhaith agus a mhaoin: ag imeacht ag dochtúireacht mar sin timpeall an tí, ag deasú doirse, agus ag cur pabhsaes

dochtúireacht in iontrálacha eile (2)

+
droim
Ní thaitníonn liom an chorraí atá agat ar an tine sin chor ar bith anois. Bhí sí ag cnádadh go breá gur thosaigh tú ag dochtúireacht uirthi. Is mór m'fhaitíos go gcuirfidh tú de dhroim seoil ar fad í. Tá geis ar an tine sin nach bhfuil aon duine in ann a deargadh ach mise. 'Sí an tua a bhaint as láimh an tsaoir duitse a dhul ina héadan
TUILLEADH (1) ▼
Is maith a chruthós S. Ch. nó cuirfidh an coinnleoir de mhac sin aige de dhroim tí é dhá mhéad í a dheis. Tá sé in ainm is a bheith ag dul ina dhochtúr ach sin í an dochtúireacht eile. Nuair a bheadh aige a bheith istigh sa gColáiste, 'sé an áit a mbíonn sé thíos i bparlús J. in éindí le bean na mbrístí ag cur óil uirthi as cosa i dtaca. Is maith an dóigh dhó a bheith ar an gceird sin! Deirim leat nach bhfágfaidh sé bonn bán ar a athair, sin nó tá airgead ina chocaí beaga aige