Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
feáin, fí
sa dá leagan seo síos
1.
+
Ní raibh fí ná feáin ar Sheán nó go dtéinn in éindí leis — bhí sé ag stróiceadh le mo thabhairt leis; ní ghlacfadh sé aon leithscéal uaim gan a dhul leis; ní shásódh tada é mura dtéinn leis (an aimsir chaite a bhíos leis an fí ná feáin go hiondúil)
Ní raibh fí ná feáin ar Mh. J. go dtéadh muid suas agus go dtógadh muid an fuisce. Chonaic sé dhá chur i bhfolach iad. Ba bheag an scrupall a bhí aige a ghoid uathu
TUILLEADH (4) ▼
Ní raibh fí ná feáin air mura dtéadh sé ar an bportach ag tógáil mhóna ar maidin. Diabhal aithne air nach tirim a bhí sí! 'Dhá mba triomach go Nollaig é anois,' adeirimse, 'dheamhan fód den tsraith siúd a bheadh le dhul i gcruach.' Síleann sé má theagann ana mar sin go dtriomódh sí ar an bpointe. Tá sí réidh leis go hathbhliain muise
Níl fí ná feáin air ó mhaidin ach ag dul Gaillimh bog te más fíor dó fhéin. 'Sé an chloch is faide siar ar a phaidrín é muis! Ní chorródh fear agus píce as an gclúid siúd anois é. Tá a chuid Gaillimh ar iarraidh
Ní bheadh fí ná feáin air mura bhfaigheadh sé an ágóidín sin le pósadh, agus nuair a fuair, ba bheag an suaimhneas a rinne sé léithe. Nár réití Samhain ná Bealtaine eatarthu muis!
Ní raibh fí ná feáin air go bhfaigheadh sé a dhul ar an Achréidh i mbliana. Ach is cosúil nár thaitnigh leis! Dhá mhéad scímhle a bhí ag dul soir air, bhí a dhá oiread sin ag teacht anoir aríst air. Leabharsa dhuit ní hé an chéad duine aríst é a bhfeicfidh tú a láí ar a ghualainn aige ag dul ar an Achréidh!
2.
+
Rinne sé é sin muise chomh siúráilte agus atá an feáin (?) ar an móin — is cinnte go ndearna sé é sin
Níor leag mise barr mo láimhe air. Tá sé sin chomh siúráilte agus atá an feáin ar an móin
TUILLEADH (2) ▼
Beidh sé isteach agat anois gan mórán achair idir chlár is chuinneog. Tá sin chomh siúráilte agus atá an feáin ar an móin. Níor fhága sé an baile seo ariamh gan a theacht ar cuairt anseo
'Sé a rinne é. Níl aon mhaith dhuit a pháirt a thógáil. Ní hé a mhalrait a rinne é, chomh siúráilte agus atá an feáin ar an móin
3.
·
"Má chliseann bun feáin agus tóin Mhac Dabhach" — an drioball (fc. dorchaigh)

Féach freisin

feáin in iontrálacha eile (5)

 
Ceann feáin (fc. ceann)
 
Ní bhíonn dream ar bith líofa ag deargán ach muintir Mh. Tháinig P. anuas anseo anuraidh agus bhain sí slám duilisc, agus ní bheadh fí ná feáin uirthi mura ndéantaí deargán di. Diabhal a raibh a fhios ag na gasúir céard a bhí sí a iarraidh. Ní fhaca siad sin aon deargán ariamh. Ach m'anam go raibh a fhios aici siúd. Thug sí a seaneire creathnaigh abhaile léithe. Nár ba é amháin dhá bhfuil suas ann. Chuile bheadaíocht dá mbíonn timpeall orainn a chrapadh leo, agus gan tada de bhrabach orthu féin. Ní fhaca mé tada ag teacht anuas ariamh as. Uair a chuir muid fios suas anseo ar mhaingín cnónnaí acu, chuir siad scéala anuas go mbeidís againn an tseachtain a bhí chugat, ach ní fhaca muid aon amharc ar na cnónnaí ó shin
 
'Sé an fáth a bhfuil sé ar an diúgaireacht sin anois, an áit a bhfaca sé bosca tae agam théis na Gaillimhe, agus ní bheadh fí ná feáin air go bhfaigheadh sé é. Nuair nach bhfuair, thosaigh sé ag gárthaíl, agus tharraingeodh sé ba bodhra as coillte lena chuid sianaíola nó gur thug mé cupla cniogaide dhó. Tháinig meacan ansin ann — meacan drochmhúineadh. Tá sé ag diúgaireacht ó shin. Ag ceapadh go bhfaighidh sé an bosca sin agus gan gair ar bith aige air. Cén ghair a bheadh aige air?
 
"A Dhonnchadha, A Dhonnchadha, céard a dhorchaigh an poll? Má chliseann bun feáin agus tóin Mhic Dabhach, beidh a fhios ag do cheann céard a dhorchaigh an poll" (Beirt fhear a bhí ann agus chuaigh duine acu isteach i scailp le cuain madra alla a mharú. Bhí an fear eile (Donnchadha) ag béal na scailpe. Chomhuain is a bhí sé ina n-éadan istigh tháinig an seanmhadra alla agus thug sí farra isteach i mbéal na scailpe. Nuair a fuair an fear amuigh a leath istigh agus a leath amuigh, aimsíonn sé i ngreim driobaill tóna í, agus choinnigh sé í. Sin é an uair a d'fhiafraigh an fear istigh céard a dhorchaigh an poll, agus d'fhreagair an fear amuigh é, dhá gcinneadh air féin a ghreim a choinneáil, go raibh cnaipe an fhir istigh déanta. Bun feáin — drioball? Cynffon — drioball (Breatnais). Ffon — maide, bata (Breatnais na haimsire seo); Mac Dabhach — an madra alla)
 
Díocas iascaigh atá air. Ní bheadh fí na feáin air inné mura bhfágainn mo ghort agus a dhul amach in éindí leis. Chuaigh, mar is le bheith in m'amadán dom é. Dheamhan an priocadh féin a d'éirigh linn. Bhí sé ag stróiceadh liom inniu freisin, ach thug mé don diabhal é. Tá sé réidh go leor aigesean nach bhfuil imní goirt ná sléibhe air, ach ní hé sin domsa