Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Feáin, Fí
sa dá leagan seo síos
1.
+
Ní raibh fí ná feáin ar Sheán nó go dteighinn in éindigh leis = bhí sé ag strócadh le mo thabhairt leis; ní ghlacfadh sé aon-leiscéal uaim gan a dhul leis; ní shásódh tada é mara dteighinn leis (an aimsir chaite a bhíos leis an "fí ná feáin" go hiondúil)
Ní raibh fí ná feáin ar Mh. J. go dteigheadh muid suas agus go dtóigeadh muid an fuisce. Chonnaic sé dhá chur i bhfalach iad. Ba bheag an scruball a bhí aige a ghoid uatha
TUILLEADH (4) ▼
Ní raibh fíth ná feáin air mara dteigheadh sé ar an bportach ag tógáil mhóna ar maidin. Diabhal aithne air nach tirm a bhí sí! "Dhá mba triomach go Nollaig é anois", adeirimse "dheamhan fód den tsraith siúd a bheadh le dhul i gcruach". Síleann sé má theagann anna mar sin go dtriomódh sí ar an bpuinnte. Tá sí réidh leis go haithbhliain muise
Níl fí ná feáin air ó mhaidin ach ag dul Gaillimh bog te más fíor dó fhéin. Sé an chloch is faide siar ar a pháidrín é muis! Ní chorródh fear agus píce as an gclúid siúd anois é. Tá a chuid Gaillimh ar iarraidh
Ní bheadh fí ná feáin air mara bhfádh sé an ágóidín sin le pósadh, agus nuair a fuair ba bheag an suaimneas a rinne sé léithi. Nar réití Samhain ná Bealtaine eatorra muis!
Ní raibh fí ná feáin air go bhfádh sé a dhul ar an Achréidh i mbliana. Ach is cosúil nar thaithnigh leis! Dhá mhéad scímhle a bhí ag dul soir air, bhí a dhá oiread sin ag teacht anoir aríst air. Leabharsa dhuit ní hé an chéad duine aríst é a bhfeicfidh tú a láighe ar a ghualainn aige ag dul ar an Achréidh!
2.
+
Rinne sé é sin muise cho siúráilte agus atá an feáin(?) ar an móin = is cinnte go ndearna sé é sin
Níor leag mise barr mo láimhe air. Tá sé sin cho siúráilte agus atá an feáin ar an móin
TUILLEADH (2) ▼
Beidh sé isteach agad anois gan mórán achair idir chlár agus chuinneóg. Tá sin cho siúráilte agus atá an feáin ar an móin. Níor fhága sé an baile seo ariamh gan a theacht ar cuairt annseo
Sé a rinne é. Níl aon-mhaith dhuit a pháirt a thógáil. Ní hé a mhalrait a rinne é, cho siúráilte agus atá an feáin ar an móin
3.
·
"Má chliseann bun feáin agus tóin Mhac Dabhach" = an drioball (fc. dorchaigh: dorchú)

Féach freisin

Feáin in iontrálacha eile (5)

 
Ceann feáin (fc. ceann)
 
Ní bhíonn dream ar bith líomhtha ag deargán ach muintir Mh. Tháinig P. anuas annseo anuiridh agus bhain sí slam duilisc agus ní bheadh fíth ná feáin uirre mara ndéantaí deargán di. Diabhal an raibh a fhios ag na gasúir céard a bhí sí a iarraidh. Ní fhaca siad sin aon-deargán ariamh. Ach m'anam go raibh a fhios aice siúd. Thug sí a sean-eire creathnaigh abhaile léithe. Nar ba hé amháin dhá bhfuil suas ann. 'Chuile bheaduidheacht dá mbíonn timcheall orainn a chrapadh leo, agus gan tada de bhrabach orra féin. Ní fhaca mé tada ag toidheacht anuas ariamh as. Uair a chuir muid fios suas annseo ar mhaingín cnothannaí aca, chuir siad scéala anuas go mbeidís againn an tseachtain a bhí chugad, ach ní fhaca muid aon-amharc ar na cnothannaí ó shoin
 
'Sé an fáth a bhfuil sé ar an diúgaireacht sin anois in áit a bhfaca sé bosca tae agam th'éis na Gaillimhe, agus ní bheadh fíth ná feáin air go bhfághadh sé é. An uair nach bhfuair, thosuigh sé ag gárthaighil, agus tharraingeochadh sé ba bodhra as coillte len a chuid síonaighle, nó gur thug mé cupla criogaide dhó. Tháinig meacan annsin ann — meacan droch-mhúineadha. Tá sé ag diúgaireacht ó shoin. Ag ceapadh go bhfuighidh sé an bosca sin agus gan goir ar bith aige air. Cé'n ghoir a bheadh aige air?
 
"A Dhonchadha, A Dhonchadha céard a dhorchuigh an poll?" "Ma chliseann bun-feáin agus tóin Mhic Dabhach, beidh a fhios ag do cheann céard a dhorchuigh an poll" (Beirt fhear a bhí ann agus chuaidh duine aca isteach i scailp le cuain madaralla a mharbhú. Bhí an fear eile (Donchadha) ag béal na scailpe. Cho uain agus a bhí sé in a n-éadan istigh tháinic an sean-mhadar-alla agus thug sí farradh isteach imbéal na scailpe. Nuair a fuair an fear amuigh a leath istigh agus a leath amuigh, aimsigheann sé ingreim driobaill tóna í, agus choinnigh sé í. Sin é an uair a d'fhiafruigh an fear istigh céard a dhorchuigh an poll, agus d'fhreagair an fear amuigh é, dhá gcinneadh air féin a ghreim a choinneál, go raibh cnaipe an fhir istigh déanta (bun-feáin = drioball? Cynffon = drioball Breathnais. Ffon = maide, bata, Breathnais na h-aimsire seo; Mac Dabhach = an madaralla)
 
Díocas iascaigh atá air. Ní bheadh fíth na feáin air indé mara bhfágainn mo ghort agus a dhul amach in éindigh leis. Chuaidh, mar is le bheith in m'amadán dom é. Dheamhan an priocadh féin a d'eirigh linn. Bhí sé ag strócadh liom indiu freisin, ach thug mé do'n diabhal é. Tá sé réidh go leor aige-san nach bhfuil imní guirt ná sléibhe air, ach ní hé sin domsa