Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

foghlach (7)

+
Fál ar an ngort i ndiaidh na foghlach; 'sé fálú an ghoirt (an ghairdín) é théis na foghla — an rud ba chóir duit a dhéanamh roimh ré, é a dhéanamh nuair a bheadh an millteanas déanta
TUILLEADH (1) ▼
Ní thabharfadh sé aon fhód móna don fhear chneasta féin anois gan a híoc ar an tairne ó d'imigh an fear siúd lena chuid airgid. 'Sé fálú an ghoirt é théis na foghlach. Ní dhearna sé in am é
 
Chuaigh mise suas aige cheana ag fuagairt foghlach dó agus mhaithfeá dó Dhia gan a bheith ag éisteacht leis, leis an bhfeannadh a thug sé dhom
 
Tháinig sé isteach anseo ag fuagairt foghlach, agus chreidim go mba bheag leis a bhfuair sé de shásamh. Diabhal blas a rinne sé ach breith ar an gclog agus a bhriseadh as faltanas
 
fál
M’anam más leis a dhul ag fuagairt foghlach go gcaithfidh sé deis a chur ar a chuid fálta thar mar atá orthu
 
Ná comhair na breaclachaí ná na clochair sin chor ar bith isteach le do chuid talúna. Ab iad siúd. Cén diabhal somhaoine iad? Fág iad siúd ag an deachma. Ar ndóigh ní maith atá leo. Níl siad le cur ná le fuirseadh. Agus má chuireann tú beithíoch iontu, is gearr gur basctha a bheas sé. Mura bhfaighe tú tréad gabhair agus cead scoir a thabhairt dóibh ann, agus a bheith sa gcúirt chuile mhí de bharr a gcuid foghlach. Ó siúd é atá agat a dhéanamh leo: tabhair don deachma iad
 
Tá sé chomh doghrainneach le aon Chríostaí dhá bhfaca mise ariamh. Má théann beithíoch thar claí isteach ar a chuid, is olc an peata é. Diabhal níos measa. Bhí diabhlánach de bhó bhradach agam anseo uair. Le M. Ph. Uí Dh. a dhíol mé í, agus mé reicthe aici ag dul i mbradaíl. Bhí an-tseasamh ag a raibh ar an mbaile léithe. Níl lá ar bith nach dtéadh sí ar dhuine eicínt, agus ba mhinic a rinne sí foghail freisin. Ach le chuile chamánaí ar chuma ar bith, ní dheachaigh sí airsean ach lá amháin. Bhí maolbhearna leagtha i gclaí Gharraí an tSléibhe an áit a raibh siad ag cur isteach coirce as an lá roimhe sin, agus ní mórán tógáil a thug siad uirthi. Casadh an bhó ann ar chaoi ar bith. Níor léithe ab fhaillí é ar ndóigh. Isteach léithe ar an gcoinleach, áit nach bhféadfadh sí mórán millteanais a dhéanamh. Ní raibh sí chúig nóiméad ann nuair a rug sé uirthi. Rinne sé a sheacht míle dícheall í a bhascadh, ach bhí sí siúd í féin sách aigeanta. Anuas leis anseo ina thine bhruite ag fuagairt foghlach agus dlí orm féin de ghorta gharta. 'Sé a thug fúm. D'éist mé féin. Ar ndóigh, mar adeir an fear fadó, bíodh an chluais bhodhar ag fear na foghlach. Agus bhí na seacht ndiabhail ar an mbó. Ach ina dhiaidh sin agus uileag, scáth ar mhill sí airsean, bhí aige a ligean thairis. B'fheasach dó go raibh fúm a díol ar aon nós, ach a bhfaighinn an té a thógfadh uaim í. Ach tá sé chomh doghrainneach sin agus go gcaithfeadh sé an ailp sin a bhaint asam faoi gur tangaíodh (teangmhaíodh) chor ar bith leis féin