Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fonsa
ainmfhocal, fireann
fonnsa, fúnnsa an fhuaim
a.
buinní nó lataí adhmaid a bhíos ar bhairillí, ar dhabhachaí, ar channaí adhmaid, ar churachaí; ar ancaird agus ar phigíní a bhíodh ann roimhe seo.
+
Caithfear fonsa a chur ar an mbairille sin
D'imigh fonsa den dabhach agus é lán le leann rua
TUILLEADH (6) ▼
Tá na cannaí acu fós in Árainn — cannaí adhmaid agus fonsaí orthu. 'Siad a bhíodh anseo uilig fadó
Ní fheicfeá aon fhonsa ar na hancaird atá anois ann ach siad a bhíodh ar na hancaird fadó. Lataí a bhíos orthu anois
'Sé an fonsa béil atá imithe den bhairille (an ceann uachtair). Is fhearr sin fhéin ná an fonsa feire (an ceann ag an tóin in aice leis an bhfeire).
Ag cúipéara a bhíos an scian fhonsaí. Ní mór dhó í nuair a bheas sé ag cur fonsaí suas, nó ag tógáil tobáin nó stannaí
Na cléibhíní ime a bhíodh fadó ann bhíodh fonsa ag a mbéal. Cheal nach bhfaca tú ariamh iad? Bhíodh caiseal amach ar a mbéal mar a bhíos ar chiseoig. Níl an déanamh sin ar an gcléibhín ime chor ar bith anois
Tá an C. sin thuas in ann fonsa a chur ar bhairille. Fear an-stuama é sin. Níl ceird ar bith nach mbíonn sé ag cipiléireacht léithe
+
Níl a dhóthain tearra ar an gcurach sin. Ná bac le ceann ar bith a mbeidh na fonsaí leis mar sin inti. Níorbh fholáir trí bhrat a dhul os cionn a chéile uirthi sin — na clárachaí ina gcineál buinne nó na hoops atá trasna faoi chreatlachaí na curaí. Bíonn na liúrachaí taobh istigh dhíobh sínte ar a bhfad
Dheamhan lá ratha ar adhmad na hÉireann. Cloisfidh tú na liúrachaí ag pléascadh ar na fonsaí i gcurach ar bith a bhfuil sé inti. An churach seo a bhfuil mise ag dul ag breathnú uirthi inniu, roimh an gcogadh a rinneadh í agus ní hé atá inti
TUILLEADH (4) ▼
Fir iad a bhfuil síoraíocht iontu ach níl mórán gaisce orthu ina n-iomróirí. Bhí muid ag teacht isteach den mheath mhóir agus tháinig sé ina lom gaoithe aduaidh. Bhí an bheirt acu ag iomramh. Má bhí fhéin, bhí gíoscán ag na liúrachaí ag pléascadh ar na fonsaí. Ba in iomramh mhístuama ina dhiaidh sin … Dheamhan fabht ar bith atá in adhmad na curaí
Tá sí roiste ar fad (curach), agus cuid de na fonsaí briste. Murach go raibh siad siléigeach, ní eireodh rud den tsórt sin dhóibh
An bhfuil a fhios agat na corrfhonsaí (/kəūrūɴsī/)? Sin iad na lataí atá amach i dtús na curaí. Is corrfhonsaí iad nuair a phléascas an tairne iad
D'fheicfeá coipeadh na farraige ar na corrfhonsaí ó ghraidhp an bháid siar nuair a bhíos teannadh léithe ag imeacht.
b.
caiseal nó fidh.
·
Tá fonsa ar an gcoinneal — smál timpeall uirthi mar a bheadh buinne ann
c.
sórt cruinnithe a chuirtear in éadach, tuckannaí.
·
Cuirfidh mé cupla fonsa ar an ngúna seo. Ní mór dom an t-éadach a chruinneáil. Is beag an mhaith dom fáithim a chur air d'uireasa fonsaí
d.
pluiceannaí nó roic fheola a bheadh i muineál nó i mbolg duine a mbeadh athsmig nó stomán air.
+
Tá sé ina fhonsaí ina mhuineál le feoil — smig agus athsmig agus buinní feola amach air
Nach ar a phíobán atá na fonsaí feola bail ó Dhia air. Is furasta a aithinte air go bhfuil a chuid ag dul chun maitheasa dhó
TUILLEADH (2) ▼
Tá fillicíní ina bholg le na fonsaí feola atá air. Dheamhan a leithide de mhéadail! Má mhaireann dó, is gearr nach mbeidh gair ar bith ag bolg J. ar a bholg
Fonsaí saille iad sin atá air. D'éireodh dhó. Is maith é a ghreim sin. Ní fataí agus scadán caoch a bhíos aige fearacht cuid eile de na daoine

Féach freisin

fonsa in iontrálacha eile (4)

 
feoil
Is diabhlaí na fonsaí feola atá air (fc. fonsa)
 
feire
Tá an fonsa feire tite den dabhach — an fonsa nó an buinne ag an tóin
 
dálta
Bheadh na liúrachaí ag gíoscán ar na fonsaí sna curachaí atá agaibhse, ní hé dálta na gcurachaí atá anseo é. Ní mór do na curachaí a bhíos againne a bheith go maith. Níl de bhus ná de [...]
 
Deir siad go bhfuil sé dubhdhúlaí sa gcoffee seo. Ní thabharfadh sé bolg ar tae lena ais. Chuile lá ariamh, bhí galldachas eicínt ag siúl leis an dream céanna nach mbíodh le aon duine. Nach bhfuil a chomharthaíocht lena chois. Phós aint dhó — M. Th. — black i Meiriceá … Chonaic P. s'againne é. Bhí sé ag caint leis. Dúirt sé go raibh béal air — slán an tsamhail — mar a bheadh fonsa bairille ann. D'imigh leo in áit eicínt thart amach i Meiriceá