Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

fréamhrachaí (9)

 
aníos
Tharraing sé an crann as na fréamhrachaí aníos.
 
Crainnte an-fhréamhach (fréamhrach) iad sin. Bíonn an cuimse go deo fréamhrachaí uathu. Níor mhaith dhuit a gcur in aice tí. Scoiltfidís an balla ort dá gcaithrídís amach faoina bhonn
+
Níl aon mhaith créachtachaí a bhaint mura dtuga tú leat as na fréamhrachaí iad
TUILLEADH (3) ▼
Tá fréamhrachaí (ata) ina chosa — féitheachaí; varicose veins
Tá na fréamhrachaí eile sin ina cois
M'anam muise má tá fréamhrachaí in do chosa nach mór duit a dhul rompu. Deir siad dhá bpléascaidís sin, go dtiocfadh an deoir deireanach de do chuid fola, crois Críost orainn!
 
dona
Tá na fréamhrachaí ag borradh sna cosa agat aríst. Ní measa ar bith é (ní measa beirthe é)
 
Anois, do chrainnín chomh beag leis, nach dúshlánach atá sé i dtalamh. Ní bhainfeadh an deabhac féin as na fréamhrachaí é
 
Tá sé sin anois chomh daingean istigh sa mbaile sin agus a bheadh seanchrann i gcoill. Tá fréamhrachaí amuigh aige i chuile áit, agus chaithfeá chuile cheann acu a bhriseadh shula d'fhéadfá a chur de dhroim seoil