Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
froigisí, freigisí, frogaisí
ainmfhocal san iolra
tá na trí leagan ann
a.
deiseacht, slacht, ornáidí, deisiú le cois nó thar mar is gá ar éadach, ar stocaí, ar rothair, ar thithe, ar chaint srl.
+
Tá frogaisí ar na stocaí aici síos sna colpaí — gan iad a bheith déanta sleamhain; lúba corracha, agus lúba iontaithe srl. a bheith iontu; slacht a bheith ar an gcniotáil
Ní bhíonn freigisí ar stocaí anois chomh coitianta agus a bhíodh fadó. An déanamh sleamhain a thugtar orthu ar fad ar an saol seo. Dheamhan a bhfuil sé de stuaim sna mná atá ann anois freigisí a chur iontu
TUILLEADH (10) ▼
Ní mór froigisí beaga ar thaobh na honóra den gheansaí sin. Ná bac leis an taobh thiar. Ní fheicfidh aon duine é — slacht agus ornáidí a chur ar an taobh abhus nó an taobh a bheadh os comhair an tsaoil
Chuirtí froigisí breá ar na léinteachaí fadó. Bhídís faoi phléataí anuas ar fad ar an taobh abhus ach sleamhain atá siad uilig anois, mar is léinteachaí siopa is mó atá ann. D'fheicfeá na seanfhroigisí ann i gcónaí ar léine T. Mh. Tá a bhean sin in ann a ndéanamh. 'Sí atá deas air!
Tá léinteachaí na bhfrogaisí caite in aer. Diabhal a bhfuil sé achar ar bith ó rinne mise ceann acu do Sheán anseo, ach dheamhan a chos a chaifeadh í. 'Leis an tír a bheith ag tabhairt suntais dom,' adeir sé. 'Ní bhíonn siad sin anois ach ar sheandaoine.' 'T'anam cascartha ón diabhal,' adeirimse leis. 'Tá sí sách maith agat. Chaith fir ab fhearr ná thú iad, agus ba bheag an locht a bhí acu orthu.'
'Sé an chaoi a bhfuil na freigisí sin ag cur an ghúna as a shlacht. Tá an iomarca acu ann. Bain as a leath
Ó bhó go deo nach ar a cuid éadaigh atá an frogaisí. Dhéanfadh sí cúis mhaith d'uireasa a leath
Gúna froigisí a bhí uirthi. Ba deas é
Ní chuirtear na freigisí sin anois ar chótaí cóirithe chor ar bith. Dheamhan cóta gibíneach a chonaic mé le mo chuimhne. Ba dheas iad na gibíní
Tá na seálta froigisí ag dul i léig. Seálta dubha is mó atá ag teacht amach anois. Chreidim gurb iad is fhearr le aghaidh na strácála, agus nach mbíonn an salachar chomh suntasach orthu le na seálta eile
Cé a chuir an freigisí sna stocaí dhuit? … Ba deas a rinne sí iad. Bean mhaith aráin agus abhrais í sin, agus ghreamaigh sí di. Bhí na Catháin uilig amhlaidh
Ní theastaíonn aon fhrogaisí ó thaobh bun os cionn. Ní fheicfear é
+
Is diabhalta an lear froigisí atá ar an mbicycle sin agat. Seo é an three speed an é? Cé le aghaidh an bícéad eile seo?
Ní dhéanann sé buille maitheasa ach ag cur caoi ar an mbicycle atá aige, ag cur iongáis agus freigisí air. Agus ní túisce thuas aige iad ná anuas aríst
TUILLEADH (7) ▼
Is iontach an lear frogaisí atá sa seomra siúd aici. Is seomra ordnáilte é. Ní ligfeadh sí isteach ann thú gan do bhróga a bhaint dhíot!
Ach cén sórt froigisí atá sé (seo) thíos a chur ar an teach? … Rud le aghaidh solais a thabhairt isteach ann! An n-éistfidh tú liom! Solas mar atá sna tithe i nGaillimh, nach bhfuil ort ach cnaipe a chasadh agus beidh sé lasta! Muise muise! Sa saol a tháinig sé! Agus nach raibh aige go dtí an bhliain cheana ach fáideogaí agus cam! Tá na caisleáin ag titim agus na carn aoilíochaí ag éirí i nDomhnach!
Ní iarrfadh sé go deo ach ag deismínteacht timpeall tí mar sin. Tá sé an-stuama ceart go leor, ach caitheann sé a shaol ag cipiléireacht agus ag déanamh rudaí nach mbíonn call ar bith leo. Rinne sé teach nua cupla bliain ó shin agus chuir sé an oiread freigisí istigh ann agus nach raibh an oiread áite fágtha aige ann sa deireadh agus go suífeadh sé síos! B'éigean dó tosaí dhá mbriseadh agus dhá gcaitheamh amach aríst ar ais
Sin é an ciseadóir! Rinne sé ciseán domsa anseo fadó agus chuir sé an oiread frogaisí air agus nach ngabhfadh mo láimh síos ann! B'fhada a chaith sé thiar ansin sa seomra. Bhí sé ródheas le dhul ag streachailleacht leis
Tá go leor froigisí ar an mótar nua sin a cheannaigh sé! Go dtí an radio féin tá sé ann!
Is diabhlaí an lán froigisí atá ar an gclog sin.
Ní thaitníonn na freigisí nua-aoiseach sin chor ar bith liom. Bheadh déanamh maith ag duine dhá bhfuireasa
+
Ní mian leis scéal ar bith a inseacht gan go leor frogaisí a chur air — áibhéil, corannaí agus casaíochaí, "ornáidí". Is drochmheas ar scéal é
Bíonn an t-uafás go deo froigisí aige ar an bpaidrín. Diabhal sinsir dhá dtáinig ariamh leis nach gcuireann sé faoi bhrí na guí. Choinnigh sé dhá uair ar ar nglúine muide. Mh'anam gurb úd é a rinne an rann dó agus nach í Áine den fhaoistin
TUILLEADH (2) ▼
Lig de do chuid frogaisí cainte anois! Tá ar ndíol dhi sin cloiste againn.
Nach bhféadfá a rá go ndearna tú é, nó nach ndearna agus gan bacadh le leath na bhfrogaisí sin! Diabhal aithne ort nach thar sheacht míle d'fharraige théachtaithe a chaith tú a dhul ina choinne!
b.
cóirí catha, gaileamaisíocht, bealaí beaga, suimiúleacht srl.
+
Tá an iomarca freigisí uilig ag an gceann céanna. Mharódh sé le cóirí catha thú — gaileamaisíocht; suimiúlacht; bealaí beaga corra a bheith leis
Ní thaitníonn an bhean chéanna chor ar bith liom. Is froigisí í ar fad. Ní fhéadfadh sí a iarraidh ort suí isteach ag cupán tae gan beadáin a dhéanamh faoi. Diabhal a leithide de chaoi!
TUILLEADH (1) ▼
Tá an iomarca froigisí agus suimiúlacht ar fad ag siúl leis. Duine ar bith a mbíonn talamh mar sin faoi, ní thaitneodh sé liom fhéin

Féach freisin

froigisí in iontrálacha eile (1)

 
Tá tú ag deismínteacht leis fós. Tá sé in am agat feasta do dhóthain slaicht a bheith air. I nDomhnach dhéanfadh geansaí a mbeadh i bhfad ní ba lú froigisí ná sin air mise. Níl tada ar an taobh thiar agat. Is cuma é ach taobh na honóra a bheith go deas!