Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

gála (50)

 
Is mó faitíos mise roimh an ngála ná roimh an toirneach. Ach chreidim gur measa í an toirneach go sábhála Dia sinn. M'anam go bhfuil an gála féin damáisteach go leor
 
Tá fothram gála aríst ann. An gcluin tú? Tá sí (an ghaoth) ag neartú
 
Tá sé ina fhothramán gála — tormán nó torann mór ag an ngála
 
fága
Ní bheadh aon ghnaithe ag aineolaí bualadh faoin bhfarraige inniu. Théis nach bhfuil aon ghála ann, tá bun aice; agus fágannaí diabhalta ann. Ní bheadh aon stró ar churachóir mhaith. Ach ar ndóigh ghabhfadh curachóir maith amach dhá scréachta dhá mbeadh sí
 
Bhí sé ceart go leor sna fánáin ach b'éigean dhom na haird ar fad a shiúl. Bhí an-ghála in m'aghaidh
 
Nach diabhaltaí rite an áit ar dearnadh an teach an chéad uair, thuas ar an gcarracán garbh siúd. Is suarach an t-ionadh go mbeadh faitíos gála fhéin air agus a laghad foscaidh agus atá ag a theach.
 
An mbeadh a fhios agat faoi neamh nó néal, cén chóir a bhfuil siad in ann na haeroplanes sin a chinnireacht chor ar bith san aer. Shílfeá go mba deacair dóibh é lá gála go háirid, ach deir siad dheamhan cailm a bhíonns orthub ach an oiread le lá ar bith.
 
Ní bheadh iontas ar bith orm arbhar a bheith lofa agus an coimhthíos atá san uair. Ní bhuachfaidh mise aon phínn go deo ar an ngarraí atá ansin thíos agam, arae tá sé scortha as éadan ag an ngála.
 
Déarfainn go bhfuil sé corradh ar dheich mbliana ó cuireadh é. Cuimhním go maith gurbh é Lá'il San Bairtliméad a bhí sé dhá thabhairt chuig an roinnín. Ba gártha an lá é, le gála agus báistigh.
 
Tá cosúlacht bháistí, ghála, sheaca, thoirní srl. air.
 
"Do thug mé mo pháircín, faoi chlaí is faoi fhál duit; Tá sé in am agat é a chíosú liom anois punt nó dhó; Gur leat a dhéanfas mé gálaí go dteaga an Fhéil Pádraic; Nó go seoladh na gamhna sa mbaile seo siar." (As Dónall Ó Dálaigh — dúirt an t-aithrisí — B. R. — do)
 
bannaí 1
Cuirfear i dteannta na bannaíochaí (.i. na daoine a chuaigh i mbannaí), mura n-íoca sé gála eicínt dhe go gairid.
 
coiric
Shílfeá go mba deacair do na mná na hataí sin a chinnireacht chor ar bith lá gála agus na coiriceachaí atá astub.
 
As na cuaifeachaí a thagas an múr. Chomh luath is a bhíonns an ráig sin caite, déanann sé aitealla go neartaí an gála aríst.
+
D'éirigh beochan deas gála taca eadarshutha, ach lig sé faoi aríst gan mórán achair. Fhóbair go ndearna na míoltógaí géara cíor thuaifil dhíom tráthnóna.
TUILLEADH (2) ▼
Dheamhan a raibh ann ach beochan beag i dtosach, ach neartaigh sí go raibh sé ina ghála, agus ina ghealstoirm as a dheireadh. Tá mé ag ceapadh go mb'éigean don bhádóir a chuaigh siar taca am dinnéir rith cladaigh a thabhairt dó fhéin. Ní dhéanfadh sé choíchin é in éadan na stoirme siúd.
Is gearr go lagfaidh an beochan gála seo aríst.
 
beoigh
Shílfeá go bhfuil sé ag beochan amach go diabhalta chun gála.
+
aer
'Sé an gála a chuir in aer an staicín coirce, ach ar ndóigh b'fhurasta cur chuici
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé in aer aríst ag an ngála
+
Tá soitheach mór buailte ar Charraig an Mhatail de bharr gála na hoíche aréir.
TUILLEADH (2) ▼
D'fhuadaigh an gála isteach ar thanaíochan í nó gur buaileadh í i mbéal na trá.
Dhá dtagadh gairfean nó gála breá a bhuailfeadh seansoitheach eicínt ar an gcladach, agus lucht biotáille inti le go bhféadfadh na daoine ceas a chur orthub fhéin leis in aisce!
 
buail
"Bígí buíoch má bhuaileann sibh caladh in aon áit," adeir sé. "Tá an gála an-ghártha"
 
Tá buinneán mór de chrann fuinseoige ag fás ag tóin na binne aige. Ceapaim gur mór an foscadh dhó é mura bhfuagraíonn sé an iomarca gála.
 
Feictear dhom go bhfuil an oíche ag ardú, murab iad na crainnte atá ag fuagairt an ghála
 
Tá an-fhoscadh i gcrainnte ach go bhfuagraíonn siad gála na hairí
+
Fuagraíonn crainnte an-ghála i gcónaí — níonn an gála fothramán mór i gcrainnte
TUILLEADH (1) ▼
Tá an teach sin an-chrochta agus fuagairt an ghála ann thar cionn
 
Fhóbair don ghála an teach a chur isteach in mo mhullach.
 
Ag tarraingt isteach dúinn ar Árainn, shéid sé ina ghála
+
"Trí ghaoth gála; trí ghála feothan; trí fheothan gaoth mhór" (nó stoirm); trí ghaoth mhór (stoirm) haraicéin (hurricane) — comhairtear an ghaoth mhór i gcónaí níos láidre ná feothan .i. "Oíche na Gaoithe Móire" (1839)
TUILLEADH (1) ▼
Oíche an Fheothain Mhóir ceathair nó cúig de bhlianta ó shin, ba in í an oíche thar oícheantaí an domhain a raibh sé anseo. Bhí sé líonraithe, mar tá an-fhuagairt ar ghála ag na teach seo
 
Meas tú an ndéanfaidh an gála seo foighid ar bith
 
dealg
Níl sé inrásta a dhul chuig an teach aige anois chor ar bith le deilgne. Bhioraigh sé an iothlainn le sceacha, agus streachail na gasúir nó an gála anuas aríst iad agus tá an bóithrín druidte leo anois. Níl a fhios agam cén chaoi a seolann siad bó ar bith acu
 
Níl aimsir dá dheannachtaí nach dtéann curachóirí na T. B. sin chun farraige. Tá siad in araíocht é a bharraíocht ar ghála ar bith. An lá nach dtiocfá síos 'na chladaigh, ná tada leis, bheidís amuigh an lá sin. Ar ndóigh níl curachóirí ar bith inchinniúint orthu
 
dearg 1
'Sé an fáth a dtugann siad stoirm dhearg uirthi: dearg atá an gála agus an ghaoth. Chuala mé fadó é (deirtear seo)
 
deis
Bheadh an scéal ceart go leor dhá bhféadthaí na gálaí sin a íoc ar ais uair ar bith a dtiocfadh sé ar dheis duine, ach ní fhéadfaí. Caithfidh duine a bheith suas leis an lá cairde. Mura mbeadh "bháfaidís" a mbeadh ag gabháil leat
 
Sin oíche, dar leat, atá deisithe amach ar ghála. An gcloiseann tú na soinneáin sin? Diabhal cleith a fhágfas siad ar an teach mura bhfuil ag Dia
 
dian
Tá an gála seo dubhdhéan ar an arbhar. Scoirfidh sé uileag é
 
dochar
Is beag an dochar do Ph. fuacht féin a bheith air, thuas ansin ar aghaidh na riteachta ó mhaidin sna barrannaí garbha sin, agus an gála dhá chriathrú. Áit gan foscadh ar bith é. Is maith an clúdadh nár mhór do dhuine a bheith air agus an aimsir atá ann — aimsir choimhthíoch críochnaithe
 
dual 2
Níor mhór dhó sin súgán dhá dhual. Tá fuagairt an ghála ansin
 
dáil
Diabhal mé go bhfuil sé i ndáil le ina ghála
 
déan 1
Rinne sé an-ghála aréir. Shíl mé go dtógfadh sé an seanbhothán dhá lúdrachaí
 
Tá an áit siúd a bhfuil sé chomh rite, chomh díbeartha le tamhnóig i lár an tsléibhe. Ní fhaca mé aon áit go hiomaí is mó a fhuagraíos gála ná é. Bhí mé thuas ann oíche ar cuairt anuraidh, agus shílfeá go raibh an teach dhá thógáil dhá lúdracha leis an gcaoi a raibh an ceann ag sníomh agus ag gíoscán
 
Tá an aimsir an-dímheasctha. Ní túisce ina shamhradh ná ina gheimhreadh é. Bhí scaitheamh den tráthnóna inné go haoibhinn, ach chuaigh sé ar ghála ansin ag dul a chodladh dhúinn. Is aimsir í nach bhfuil muiníneach chor ar bith
 
dún
Is beag an dúnadh atá ag teastáil uaithi. Níor chall bacadh chor ar bith léithe mura mbeadh an iomarca gála isteach inti agus go bhfuadódh sé a bhfuil ar an mbord seo
 
B'aisteach an bhliain í sin. Bhí spalpadh ann ó Lá Bealtaine go dtí Lá Fhéil Shan Seáin, agus chuaigh sé ar ghála ansin: gaotalach bhradach as gaoith aniar aduaidh. Bhí garraí an tS. curtha agam faoi fhataí an bhliain chéanna, agus ní raibh barrann ag gabháil leis nach raibh scortha an chéad tseachtain de July
 
Is cosúil le tráthnóna é a rachadh chun gála
 
Chuaigh an gála sin thart an-éasca — níor bhain sé mórán as; ní raibh an gála i bhfad ar siúl