Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

idir (100+)

 
abair
Abair nár bhac fear le cur ar bith, ach tosaí ag baint mhóna sa Márta, agus tosaí ag cur potaí nuair a thiocfadh séasúr na gliomadóireachta, meas tú nach mó a bheadh dhá bharr aige, ná a bheith dhá mheath féin ag tochailt idir dhá chloich sna breaclachaí sin amach — cuir i gcás
+
Tá tú idir dhá dhoras na gaoithe ansin — duine ina shuí agus an seoide ón dá dhoras air
TUILLEADH (17) ▼
Tá sé in ann snámh idir dhá uisce
Níl rud ar bith is mire ná cat idir dhá theach
Tháinig mar a bheadh iomghaoth ann idir dhá cheach orainn agus bhuail ré roithleagán an churach ar an toirt
Tá sé ag mianadóireacht idir dhá leachta ansin thiar — ag iarraidh a bheith ag cur (fhataí nó eile) i dtalamh clochach
J. B. agus bean mhór bhog aige idir dhá thom shaileánaí ansin thuas — b'olc an dóigh d'fhear bean den tsórt sin nach mbeadh mórán déantús maitheasa inti, agus a bheadh mórthráthach, ar thalamh driseach saileánaí
Bíonn sé ag imeacht idir dhá thulán ansiúd mar a bheadh lon dubh ann — ag dul de léim ó thulán go chéile; fear sléibhe
D'imigh mise i gcoinne na mbeathach agus cheangail mé sa gcró iad, agus tháinig seisean idir dhá am — ó chuaigh mise amach i gcoinne na mbeathach nó go dtáinig mé isteach aríst
Ní raibh aon fhear maith ariamh idir dhá abhainn — an abhainn thoir agus an abhainn thiar
'Sé an ruta seo anois idir dhá abhainn an áit is boichte in Éirinn
Ní fhágfaidh sé fear idir dhá dhroichead nach maróidh sé
An tSráid idir Dhá Dhroichead (fc. droichead)
Tá hocht dteach is dá fhichead idir dhá Chuigéal
Tá mé idir dhá Mhac Uilliam (/wakəʟ′īəm/) — idir leic is losaid; idir ord is inneoin; i ladhar an chasúir; a bheith i dteannta. Deirtear idir dhá bhata Liam freisin. Cuimhne é, b'fhéidir, ar chogaí Mhac Uilliam Uachtair agus Íochtair
Ní bheidh aon lá suaimhnis aige lena shaol aríst má phósann sé a hinín sin. Beidh sí rite siar aige i gcónaí idir dhá shíon lena bhánú — chuile fháfall nó chuile dheis dhá bhfaighidh sí, beidh sí go dtí é dhá shladadh
Lá idir dhá shíon é
Is beag atá idir dhá scéal aige sin — tá sé luathintinneach, teagann malrait intinne dhó an-éasca; tugann sé áthas ar bhrón, nó an bharúil seo ar an mbarúil siúd go rísciobtha
Tá sé idir dhá chomhairle
 
dáil
Shílfeá go raibh sé i ndáil le idir dhá chomhairle faoina thabhairt dom nuair a chuir an bhean a ladar isteach
 
Cad ar chad, cad os cionn cad agus cad idir dhá chad, agus sliogán eistre ina mhoirtéal orthu: sin é an déanamh a thugadh an Gobán Saor ar a chuid ballaí. Bhí a shliocht air: ní raibh aon bhallaí faoin domhan ba daighne ná iad
+
Idir shúgradh is dáiríre (dháiríre) cé aige a bhfuil sé? — b'fhéidir gur cúrsaí magaidh dhuitse é, ach tá mise dháiríre anois
TUILLEADH (4) ▼
Buaileann sé sin duine idir shúgradh is dáiríre — bíonn sé ag ligean air fhéin gur ag magadh a bhíos sé ach ní hea ach dháiríre
Idir shúgradh is dáiríre inis dom céard a thug go dtí sibh é — ní raibh muid ach ag déanamh grinn faoin scéal go dtí seo, ach caitheadh muid an greann i gcártaí agus téadh muid ar an dáiríre anois
Sílim idir shúgradh is dáiríre muis gur iarr sé le pósadh í. Is beag an mhairg a bheadh air siúd a hiarraidh má chaith sé ina cheann é
Ní bheadh a fhios agat barainneach an raibh sé dháiríre nós mura raibh (nó mura raibh). Idir shúgradh is dáiríre a bhí sé sílim. Tá sé chomh bréagach leis an bhfear adúirt go bhfaca sé an féar ag fás ar aon nós
+
dairt
B'fhearr duit tosaí ag caitheamh dairteachaí anois leis an mbogha báistí sin a fheiceas tú san aer ná a dhul ag cur chomhairle air sin. Is measa é sin ná Mac na Míchomhairle. Fuair Mac na Míchomhairle grásta idir an stíoróip agus an talamh, ach é sin: mura bhfuil ag Dia níl i ndán grásta dhó go ndéantar dhá leith glanoscartha dhá mhuineál i dtosach
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh ansin muise ach caitheamh dairteachaí nó go n-ionsaí sí féin é. Deirim leat go dtiocfadh sé ó Sh. Thabharfadh sé iarraidh dhó ceart go leor, ach ní dhéanfadh sé aon troid thútach. Ach í siúd! Is maith nach mór dó a bheith ar a airdeall féin nó cuirfidh sí an scian idir dhá easna ann. Tuilleadh ghéar den diabhal aige! Nach mór an spochadh a bhíos aige leo!
+
dall 3
Phléasc an buidéal, agus fuair sé a raibh ann idir an dá shúil agus dhall sé é. Tá sé dall ó shin. Deir siad nach léir dó an bhánshoilse féin
TUILLEADH (1) ▼
Deir siad gur bhuail sí rud eicínt idir an dá shúil air, agus gur dhall sí é. Bhí sé dall go bhfuair sé bás
 
danra
Fuair tú amach é muis an té a bhfaightheá sladmhargadh uaidh, an fear is danra sa tír faoi rud a cheannacht uaidh. An bhfaca tú an bullán a bhí thoir ar an aonach aige aonach beag na Samhna anuraidh. Bhí scoilteadh déanta againn míle uair, agus gan eadrainn ach leathchoróin. Thabharfainn dó de luckpenny é, ach ní ligfeadh sé laglabhartha as an airgead adúirt sé é, théis go ndeachaigh mé ar ais aige cúig nó sé de chuarta. Sin é a bhí danra agat!
 
daor 1
Casadh S. Th. istigh liom ag an mbearbóir, agus b'éigean dom deoch a thabhairt dó. Cé a thiocfadh isteach ina (ár) mullach ach M. Th. agus S. F. Ní raibh a dhul anonn ná anall agam, ach seasamh don bheirt sin freisin. Bhris mé mo ghloine agus b'éigean dom íoc uirthi. Idir chaon tsórt, ba daor an bearradh orm é sa deireadh
 
Is fadó an lá a bheadh sé caite amach ag S. ach go bhfuil sé ar an daoradh aige. Tá a fhios aige chomh luath agus a chaithfeas, go bhfáiscfidh sé dlí air faoin airgead. Tá sé idir ord agus inneoin ceart. Tuilleadh ghéar choscartha den mhí-ádh aige
 
Chruinnigh cluiche den dream seo thoir air, chuile lá dhá dtéadh sé soir, agus bhainidís an dara hairt as i gcónaí, dá bhrú agus dhá chartadh eatarthu, shul má theagadh sé anoir aríst. Dar fia muise, bhí sé ina dhóigh ceart acu! Ach tháinig an oiread críonnachta dhó faoi dheireadh agus gur fhan sé uathu uileag!
 
de
Ní raibh de lá ann an uair sin, ach go bhfeicfeá duine idir thú agus léas ar éigean
+
Is fadó fiannach an lá ó bhí na deachmaí sin ann. Ní hé an ministéara a chruinníodh chor ar bith iad, ach bhí proictéara aige a théadh thart. Chuala mé an tseanmhuintir ag rá go mbíodh conacra acu thíos i mB. an Ch. agus go bhfágaidís na hiomrachaí ansin gan baint go dtigeadh sé féin agus go mbaineadh sé iad. Gach deichiú hiomaire a d'fhágaidís aige. Déantaí an cleas céanna le na stucaí coirce: stuca as chaon deich stuca a fhágáil gan tarlú, nó go dtugadh an proictéara leis é. Ba in é dualgas an mhinistéara. Bhí na daoine in ainm is an teampall gallda a chothú freisin. Thigeadh na sagairt ansin, agus chaithfidís a ndualgas féin a fháil: coirce freisin. Sin é an uair a raibh an chreachadh ann. Chuile dhuine agus a bhuille féin ar an duine bocht. Ba doiligh dhó é a sheasamh eatarthu … Ní raibh cur in aghaidh dualgas an tsagairt chor ar bith, ach chloisinn na seandaoine ag rá go mbídís ag blaoch i dtóin an phroictéara nuair a thigeadh sé i gcoinne an deachma, nó dhá dhalladh le scrathachaí ó chúl an chlaí. Bheadh rud ar a shon agat dá mbeirtí ort. Chuirfí isteach thú (sa bpríosún). Ach ní raibh baol orthu siúd go raibh siad chomh hadhartha agus go mbéarfaí orthu. Measaim go mbíodh an ministéara féin ann scaití, mar chuala mé P. N. ag rá nuair a bhí siad ina bputaí, go gcuirtí suas leo a dhul isteach ar chúla an chlaí ag fuagairt i ndiaidh an mhinistéara: "a mhinistéirín cár fhága tú do bhean?" Deir siad gur sagart a d'iontaigh, a bhí sa ministéara a bhí anseo … (Cuntas faoi na deachmaí sa gceantar sin ó Sheán Ó Beáin, Páirc Gharbh, An Carn Mór, Baile Chláir)
TUILLEADH (1) ▼
Fágfaidh muid na cupla crúbán úd idir dhá chlaise ag an deachma. Chaithfeadh muid lá dhá socrú, agus ní bheidh aon fhata go brách orthu, tá siad chomh huisciúil sin
 
Mura ndealaítear iad, gortóidh siad a chéile. Téadh muid eatarthu. Is mór an ní iad a fheiceáil mar sin
 
dealbh 1
Chomh luath agus a chonaic sé a dhealbh ag teacht ar an tsráid, siar leis de rite reathach sa seomra agus as sin ní chorródh sé gur bhailigh sé leis aríst. Níl iarracht ar bith aige air, ná ní raibh ariamh. Is suarach an t-ionadh sin, lá is gur shíl sé é féin agus a bhean a chur in aghaidh a chéile. Ní shílfeadh duine ar bith a dhul idir lánúin phósta mar sin ach áibhirseoir de dhuine. Ach bíonn siad sin féin ann
 
Chonaic mé fear ag déanamh orm idir mé agus léas. Shíl mé i dtosach gur duine de mhuintir na dTamhnachaí a bhí ann. Nuair a bhí sé tuairim is leath bealaigh go dtí mé, d'iontaigh sé soir aduaidh. 'Dar príosta,' arsa mise, 'is gearr go mbeidh a fhios agam cé atá ann … '
 
Ba dual athar dó a bheith ar an sceaimhínteacht sin. Ar chuala tú faoin oíche ar tháinig an triúr acu anoir ón S. agus iad buailte ag duine eicínt. Bhuail aon fhear amháin an triúr dearthár. Ag teacht aníos in ucht Chnocán na gC., agus fios acu nach raibh duine ar bith ann le aon tréas a chur orthu, sheas siad suas i lár an bhóthair. 'Séard a bhí le déanamh leis,' adeir T., 'cor a chur ina mhuineál.' 'Agus an fíonnach a bhaint de phlaic a thóna le cic,' adeir L. 'Agus scian a chur ann idir boilg is barreasnacha,' adeir M. 'Agus summons a thabhairt air ina dhiaidh sin.' Ba in iad an triúr bullies agat. Is suarach an t-ionadh go mbeadh mac duine acu ag imeacht as a chranna cumhachta scaití
 
Tuilleadh diabhail aici anois muis mura bhfuil deannach ag éirí den sprémhóin inniu. Ní bheidh na sreanganna féin fágtha i bportach móin bhán Mh. Fuadóidh na soinneáin seo léithe uileag í idir chorp chleite is sciathán
 
Lá de na laethanta deannachtacha sin i dtús an Aibreáin a bhí ann: laethantaí na seanbhó. Bhí mé ag fódú súileog fhataí i ngarraí Mh. G. Ar éigean saoil a bhí mé in ann seasamh ar an iomaire idir dhá ráig. Shantaigh mé míle uair a dhul abhaile, ach déarfainn liom féin aríst nuair a d'fheicfinn fáfall beag triomaigh aige, go mbaininn scaitheamh eile amach. Tháinig P. anuas an bóithrín agus chuir sé cara chainte orm. 'Cá'il tú ag dul,' adeirim féin. 'Síos ar snámh,' adeir sé. Shíl mé féin gur ag déanamh grinn a bhí sé, gur chuala mé aríst ag dream a bhí síos ag an gcladach nárbh ea. Ní raibh sé seachtain ón lá sin go raibh sé i mBéal Átha na Sluaighe (sa ngealtlann)
+
dearc
Chaith sé chúig nóiméad ag dearcadh idir an dá shúil orm nuair adúirt mé an méid sin leis. Déarfá gur faitíos a bhí air mé a chreistiúint. Thosaigh sé ag cur dathannaí dó (dhe) fhéin ansin
TUILLEADH (1) ▼
Bhí sé ag dearcadh idir an dá shúil orm ag ceapadh go dtairgfinn deoch dhó, ach dhá dtiteadh déidín aige dhá uireasa, dheamhan deoir de mo chuidse a gheobhadh sé le n-ól
 
An bhfeiceann tú an deatach sin thiar idir thú agus léas. Níl ansin ach gail thriomaigh. An-uair ag móin í ar chuma ar bith.
 
Ní déidín ar bith a bhí tite aige sin ach sine siain. Is mór atá eatarthu a mhic ó. Is furasta an tsine siain a leigheas, ach ní hé sin don déidín é. Drochéadáil ceart é sin. Bíonn an tseamair Mhuire ag an té a theagas uaidh. Buaileann sé caiple agus beithígh chomh maith leis an duine agus níl a fhios agam nach measa a bhíos sé orthu ná ar an duine. Tabhair faoi deara nach measa freisin
 
deil 2
Nach é atá in ann a deil. "'B'éigean dom foireann nua a fháil do na scorachaí. Bhí siad ag stróiceadh, agus shílfeá nach daorbhasctha a bhí siad mar a bhí siad.' 'Tá sé chomh maith dhuit anois froc nua a fháil domsa ó tá do láimh ann,' adeir Peadar." A Mhuire agus a Chríosta, nach é atá in ann an aithris a dhéanamh uirthi! An chaint chéanna agus na goití ceannann céanna, chomh maith agus dhá mba í fhéin a bheadh ann idir chlár is chuinneoig
 
An bhfeiceann tú an díthreabhach sin thoir — M. J. Ní díol trua go dtí é. Nárbh fhearr dhó sin go mór fada anois, an geadán sin a dhíol amach agus imeacht ar an scoir, sin nó mála na déirce a chur air fhéin, ná a bheith ag iarraidh muiríne a thógáil idir dhá chlochar ansin
+
"Bean a chas le Mícheál Mhac Suibhne agus páiste suirí aici. Thosaigh Mícheál ag magadh fúithi: Mícheál: Cá bhfuair tú an páiste? Ise: Fuair mé ar sop é. Bhí an ithir agam féin, agus fuair mé an síol in aisce. Mícheál: Cé dhár díobh é? Ise: De chlann Donnchadha é idir bhonn agus uachtar. Mícheál: Cé dhár díobh na deiriúchaí? Ise: Dhá mbeifeá ann aimsir an lasctha, bheadh a fhios agat sin. Mícheál: Cáide uainn Margadh Bhaile an Dubhghaill (/dūl′/)? Ise: Má chuireann tú do theanga in mo thóin, beidh do shrón ar an margadh. (Scaoil sé cnaipe). Mícheál: Tóg é sin uaim. Ise: Níor tógadh aon lao ó aon bhó ariamh go líodh sí é. Ligh an chéad uair é. 'Óra a dheaide,' adeir an mac (.i. mac Mhichil), 'nach géar í gan gob'" (Giota faoi bhean ar chuir Mícheál Mhac Suibhne caidéis uirthi. Tá an iomad leagan air seo ar fud na Gaillimhe, ach tá siad uileag gáirsiúil. Tá mé dhá thabhairt anseo mar tá samhail mhaith ann agus magadh focail faoin ngréasaíocht deiriúchaí, lascadh)
TUILLEADH (4) ▼
Dhá bhfágtaí eatarthu é, agus gan eadarascán ar bith a dhéanamh, chaochfadh an droinníneach beag é as a dheireadh
Chaith sé an-fhada idir chamánaí nó go ndeachaigh mé féin síos chucu faoi dheireadh agus faoi dhó, agus gur fhiafraigh mé dhíobh céard a bhí fúthu a dhéanamh leis, agus é a chur ar thaobh eicínt …
Bhí an lao suas le uair idir chnámha agus é ag cinnt orm fhéin a thabhairt liom. D'fhan mar sin go ceann dhá lá, agus shílfeá nach raibh daorbhasctha di chor ar bith. Ach bhuail donacht ansin í, agus chaith sí mí mhór fhada idir luí agus éirí. Diabhal mé gur shíl mé féin go srianfadh sí as, ach cailleadh í faoi dheireadh agus faoi dhó
Bainfidh ceann eicínt acu amach é, má théann siad chun dlí, ach i ndeireadh na scríbe, is cuma eatarthu é. Is beag is fiú an áit nuair a bheas na dlíodóirí réidh leis
 
Níl aon tsúil acu leis, agus níl aon tsúil le bheith leis ach oiread. Tá sé deireanach déarfainn. Tá scéin an bháis idir a dhá shúil
 
deis
Is beag an deis atá acu anois aon deoir a dhéanamh ó cuireadh an droichead ar an abhainn. Níl a fhios acu, cén pointe a mbuailfidh póilí isteach acu idir chlár is chuinneoig
 
Teach deisithe é anois deirimse leat. An bhfaca tú an foireann nua a chuir sí isteach. Bhainfidís an solas as do shúile leis an loinnir atá iontu, idir chathaoireachaí boga agus boird
+
dia 1
Ná déan é sin, Dia idir sinn agus an anachain (Dia idir sinn agus an t-olc!)
TUILLEADH (2) ▼
Bheadh faitíos orm láimh ná cois a leagan air agus gan a fhios agam nach séalú idir mo dhá láimh a dhéanfadh sé. Tá an t-anam caite ann mar atá sé. Is beag leis é ar chaoi ar bith
An bhfeiceann tú anois é sin dhá mharú fhéin ag tochailt idir leacrachaí ansin ag iarraidh fataí agus arbhar a shaothrú, agus mo chreach mhaidne na fataí agus an t-arbhar a bheas ansin. Tá faochain agus gliomaigh agus muiríní go barr bachall lena ais ansin amuigh, agus is mó a bheadh aige de bharr seachtaine leo, ná dhá gcaitheadh sé dhá lá a shaoil ag mianadóireacht sna clocha sin, ach is fhearr leis ag scríobadh leis an nganntan ina dhiaidh sin. Chreidim gur hiomaí duine ag Dia, agus nach ionann tréathra do chuile dhuine mar adeir siad
 
dia 2
Ar ndóigh sí an Aoine í, agus caithfidh sí a bheith in aghaidh na seachtaine. Lá idir dhá shíon é déarfainn. Feicfidh tú an lá amárach ina dhórtadh aríst, nó tá mise ag dul amú go mór
 
diabhal 2
Is cuma sa diabhal eatarthu é. Aon chás amháin é ar chaoi ar bith!
 
Is mór an siamsa é. Nach fearr é ná a bheith ag gearradh na comharsan. Is mór atá eatarthu mo léan. Deir siad an áit a mbíonn fiannaíocht nach mbíonn diabhlaíocht. Ach 'sí an diabhlaíocht uileag atá anois ann, agus níl aird ar bith ar an bhfiannaíocht
+
diaidh
Ní raibh a ndóthain acu féin leis an teach a chríochnú, ach chuir an deirfiúr siúd atá imithe ina dhiaidh, agus críochnaíodh ansin é. Chosain sé, idir chaon tsórt, trí chéad agus dá fhichead punt. Ba diabhaltaí an lab airgid é
TUILLEADH (1) ▼
Hé brí cén breathnú a thug mé i ndiaidh mo ghualann nach bhfaca mé ina phlíoma ansin é, ag féachaint idir an dá shúil orm. 'Shíl mé gur fhága mé thusa in mo dhiaidh sa mbaile,' arsa mise. 'Ní hamhlaidh,' arsa seisean. 'Tusa a d'fhága mise in mo dhiaidh sa mbaile.'
+
An bóthar L., bóthar an-díbeartha é. Tháinig oíche shneachta orm cheana idir M. agus an áit seo, agus shíl mé nach srianfainn anuas go deo é. Bhí an bóthar plúchta, agus gan a fhios agam cén nóiméad a gcaithfí ar mo bhéal agus ar m'fhiacla soir le fána sna lagphoill domhaine siúd mé. Is mise a bhí buíoch ach ar rug mé anuas ar na fálta ag tigh Ph. Ch.
TUILLEADH (1) ▼
Is díbeartha an áit a bhfuil sé ag cur a iníne: isteach ar an mbáinseoigín luachra sin idir dhá chíocra, agus nach síon dá séidfidh nach mbainfidh cleite aisti (fuadóidh sí an teach uirthi)
 
Tá an cat mara ar a béal sin. Chuala mise í ag gíbliú (díbliú) ar J. Sh. seo thoir cheana — rud eicínt a tháinig eatarthu — faoi shinseáil, agus má chuala féin tabhair gíbliú air. D'fheann sí isteach go smior é. Ní éadáil mhór ar bith do dhuine a tarraingt air, dhá bhféadadh sé a ligean thairis
 
Tá an saol ag teacht an-aisteach anois. Idir díchreideamh agus chaon tsórt, ní bheadh a fhios agat céard adéarfá le na daoine. Ar ndóigh deir siad go mbeidh díchreideamh as éadan ann nuair a thiocfas AntiChrist. 'Sé a chosúlacht go bhfuil sé ag tarraingt ar dheireadh an domhain ar aon chor
 
Níl de dhídean aige anois ach dídean an tincéara: brat idir é féin agus an t-aer
 
Bhí sruth is gaoth leo an fhad is a bhíodar thuas, ach ón lá ar athraigh siad síos chuaigh an saol ina n-aghaidh. Tháinig díleá ar a raibh ag gabháil leo. Go fiú is an síol féin a chuiridís, ní bhíodh sé ag éirí leo. Is minic a loiceadh a gcuid fataí agus togha an bharr ag chuile dhuine eile. Bhí anachain muc agus anachain daoine orthu in éindí — ní dhá roinnt leo é. Fuair triúr mac breá bás i mbéal a chéile orthu. Dheamhan a fhios agamsa a raibh eatarthu ach an bhliain. An fear acu atá sa gcomhaireamh ceann inniu, is beag fear tí ná urláir in do thír is boichte ná é. Ní maith a chuaigh an imirce do na créatúir bhochta sin
 
Sin anois searrach nár ól a lacht ariamh, agus déarfá nach donaide é murar ól féin. Is dílleachta é. Bascadh an mháthair i seanchlochar ansin thiar trí nó ceathair de laethantaí théis searrach a bheith aici. Chuaigh sí isteach ann ar chuma eicínt, agus cuireadh ar chúl a cinn idir dhá chloich í agus ní raibh ann ach go raibh sí díbheo nuair a frítheadh í. Más ea féin, níor tháinig sí as
 
ding
Feictear dhom, muran ar mo shúile atá sé, go bhfuil ding sa mballa sin idir an dhá fhuinneoig. An gceapfása go bhfuil? Dar mo choinsias, tá log eicínt ann. Is furasta a aithinte é
 
An mbeadh a fhios agat faoi do rí anois cén chaoi a bhfuil an láí sin — láí nua — dingthe. Chaith mise an bhliain anuraidh ar fad ag mianadóireacht sa tseanbhreaclach sin thiar, agus níor chuir mé an bhail sin ar an láí a bhí agam. Chaithfeadh sé gurb í a sníomh idir dhá chloich a rinne sé
 
Níl aon fhéith thuas ar a chorp nach gcuirfidh sé faoi dhíocas oibre nó go mbuailfidh sé amach an fear thoir. Níl ag dul idir é agus codladh na hoíche ach an fear thoir
+
díol 2
Tá díol cúl fataí d'fheamainn idir a ladhrachaí — ghreamaíodh an oiread feamainne dá ladhrachaí agus a leasódh cúl fhataí, agus ní ghlanfadh sé iad rómhinic
TUILLEADH (2) ▼
Tá S. Ó. D. ansin thoir anois ina dhíol trócaire chomh mór agus atá sa tír, agus gan é ag fáil faice — dole, airgead páistí, pinsean caoch, ná ní dhár dhealbh an ghrian — ach ag mianadóireacht ansiúd idir dhá leic ag iarraidh cupla fata a shaothrú. Ach ní taise le fear ar bith istigh ina bhaile é. Níl slí do choise de thalamh acu fréna chéile
Chuala mé go raibh C. Mh. agus bean Dh. in oighear an chochaill an lá faoi dheireadh. Bhí sé ina ropaireacht thar cionn acu chuala mé. Thug bean Dh. chuile dhíol uirthi. Níor fhág sí ceo ar bith seansíomálachaí dhá raibh ariamh ann nár chas sí léithe. Ina chéile dhóibh muis, agus ná raibh suaimhneas eatarthu!
 
Deir siad go mba an-díolaí é an tAthair M. ach nach raibh rath ná ríocht ar an Athair D. Bhíodh S. Ph. Th. ag imeacht ag carraeireacht aige — ag an Athair D. — ag tabhairt mhóna agus phlúir agus chuile shórt dhá dteastaíodh uaidh chuige. Bhí dubhphlód beithíoch aige agus bheathaíodh sé thar cionn iad le bran, agus min mhór, agus cácaí. Idir chaon tsórt bhíodh S. Ph. Th. ar bóthar chuile lá, nó ionann is é. Meas tú chuile uair a dteastaíodh a pháí uaidh nach gcaithfeadh sé a dhul agus a mheabhrú don tsagart, agus ansin féin, b'fhéidir go gcaithfeadh sé an cleas sin a dhéanamh faoi dhó agus trí huaire, shula gheobhadh sé aon phínn. Ba deacair leis an Athair D. scaradh le tada. Níorbh fhéidir díolaíocht a bhaint as
 
Céard a dhíol tú as … Dó triuf. Sin é an áit ar chac tú ar na huibheachaí. Dhá gcoinníteá an triuf agus an muileata a dhíol as, bhí a gcosa nite. Ní mór duit a bheith chomh maith san airdeall ar do chuid drámhasaí agus a bheas tú ar do chuid mámhasaí idir ceathrar
 
Tá diomalú an domhain mhóir sa gcaoireoil sin idir chnámha agus gheir. B'fhearr punt amháin muiceola ná trí phunt di, ach is rud í muiceoil nach bhfuil aon fháil uirthi anois. Níl ná ar an teampall a bhfuil sí
 
díon 1
Siad bróga an fhear oibre iad mo léan! Dheamhan an deoir féin a bheadh ort ó na glúine anuas dhá mbeadh péire acu sin agat. Is mór eatarthu féin agus na clogs bhradacha sin nach bhfuil díon deor iontu dhá mbeifeá gan a dhéanamh ach an t-urlár a shiúl. Ná bac le tada ach leis an gcois fhliuch! Tá sí in ann fear a tholgadh gan achar ar bith
 
Dírigh dhíom nó déanfaidh tú spruáin de mo láimh. Tá sí i bhfostós idir thú féin agus an balla
 
Má bhíonn an seachadadh amach ann, beidh sé fáilí agus an-ghairm aige romhat. Ach más ag iarraidh cairde a bheas tú go ndíoltar an mhóin, deirimse leat gur diúltach an feithideach é le breathnú idir an dá shúil air
 
Bhí ceart ag an gcáca sin a bheith fuinte ar chuma ar bith agus an fhad is a chaith sí dhá dhiurnadh idir a lámha. Ach chreidim gur cáca grandáilte a bhí ann, agus nár mhór fuint duine uasail a thabhairt air
 
Ní bheadh a fhios ag duine cé is dlúsúla an fheamainn dearg ná an mhóin. Mura mbaintear an mhóin, beidh na daoine ina mbambairne ag iarraidh a bheith dhá triomú amach anseo agus an ghrian maolaithe; agus mura dtapaí muid an fheamainn dearg, dheamhan is móide sop a thiocfadh aríst i mbliana. Tá duine idir ord agus inneoin i gcónaí
 
dlúth 2
Nuair a bhí sé istigh aige, bhí sé chomh dlúth sin anois. Ní ghabhfadh do mhéir isteach eatarthu
 
Tá siad ródhlúite agat. Fág áit bheag idir iad
 
dóigh 1
An bhfeiceann tú an péire bróg a cheannaigh mé achar is lú ná dhá mhí ó shin. Is maith an dóigh iad sin. Tá siad rodta idir bhoinn agus uachtair. Breathnaigh uirthi sin, ar son Dé ort! An feire féin níl inti
 
dóigh 3
Ní hé an bualadh a fuair sé a dhonaigh é amach is amach, ach i dteannta chaon tsórt, thit sé ina phleibistín isteach i dtom neantógaí thiar ag bóithrín Sh. Ú. agus dódh agus bruitheadh é. Nuair a baineadh dó (de) thiar ag an teach, idir neantógaí agus gearraíochaí agus brúnnaí, ní raibh orlach bacairt slán ina chorp
 
dóirt
Dhóirt sé a raibh d'airgead aige amach ar an mbord gur comhaireadh é. hOcht déag is sé pínne a bhí ann idir airgead glas agus airgead rua. Ba mhian leis a shárú ina dhiaidh sin go mba cheart dó an punt glan a bheith aige
 
dol 1
Pé ar bith cén t-airgead atá sé a dhéanamh nó nach bhfuil, tá sé báite i bhfiacha. Is furasta a rá go bhfuil sé ag saothrú an oiread seo céadta punt. Ach cá'il a bhfuil de chéadta de dhola air. Tá seisear clainne aige ag dul ag coláistí, agus measann tusa nach gcosnaíonn siad sin airgead, idir éadach, leabhra agus luach na scoile. Bí siúráilte go gcosnaíonn
 
Ní féidir comhaireamh a choinneáil idir seisear le dólámha. Téigí ina (bhur) mbeirteannaí. Ní bheidh an bun amuigh choíchin más dólámha a dhéanfas sibh
 
domlas
Bhí capall agamsa anseo uair: Ceannfhinn a bhí uirthi. Cailleadh í leis an domlas mór. B'fhada a bhí sí idir chamánaí agus gan fios ar theacht nó imeacht di. Ach níor dhúirt an luí fada bréag ariamh. D'imigh sí sa deireadh
 
Tá an teach sin ar a dhonacht anois. Dheamhan bonn bán orthu. Is mór idir inniu agus inné, adeir tú …
 
Donóidh sé sin duine eicínt sula n-éirí sé as. Is furasta a aithinte nach í bara a leasa a bhí faoi an lá ar thosaigh sé ag tabhairt chomhluadair don bhithiúnach seo thoir. An bhfuil a fhios agat céard a rinne siad an oíche cheana: a dhul isteach go dtí seanN. bhocht agus an cúpla tosaigh dhá phlioncadh eatarthu. Murach T. Sh. a casadh isteach, dheamhan deoir a d'fhágfaidís ann
+
Ní thiocfadh ceachtar den bheirt acu suas ar réiteach Sh. Bhí ruainnín beag sa tórainn agus ba mhór le chaon dhuine acu é don cheann eile … b'éigean a chaitheamh in aer ar fad nó go dteaga seilbhéara ann. Ní hea ach sin é: roinn mé ina dhornán agus ina dhornán é, agus bhí dornán corr ann. An fear fadó a bhí ag dul ag déanamh dhá leith den pháiste lena claimhe nuair a bhí chaon duine den bheirt mhná dhá chlaimáil di féin, agus ní réiteodh sé eatarthu sin
TUILLEADH (3) ▼
Shílfeá nach raibh roinnt punann ná dornán eadraibh, le go mbeadh sibh ag troid (Ros Muc) — shílfeá nach raibh sibh ag teacht salach ar a chéile ar bhealach ar bith le go mbeadh sibh ag troid
Ba mhór adéarfá le beirt a bheadh ag béal an dorais agá n-a chéile, ach an bheirt sin a bhí ar chaon cheann de bhaile agus gan roinnt punann ná dornán eatarthu, agus go gcaithfidís tosaí ag troid ina dhiaidh sin! Ach is smál é a bhíos ar dhaoine mar sin
Dheamhan roinnt punann ná dornán eatarthu, agus mura bhfuil féin, ní beo iad gan a bheith ag sciolladóireacht ar a chéile chuile ré solais. Sílim gur faisean é a thugas daoine faoi deara dóibh féin. Bhainfeadh cuid de na daoine troid as na clocha