Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
imigh as
dul ó áit nó ó chruth áirid.
+
Tá sé ag imeacht as ar fad le gairid — dhá ghoid as; ag tanaíochan; ag cailleadh na feola; ag dul in ísle bhrí
D'imigh sé as ar fad le mí — thanaigh sé; níor fhan bior eanga air
TUILLEADH (23) ▼
Is mór atá sé imithe as le scaitheamh
Ní fhaca mé le na cianta é go dtí inniu agus tá sé an-imithe as — an-tanaithe, an-tsuaite
Ní raibh mé chomh himithe as ariamh agus atá mé
I leaba a theacht chuige féin, is ag imeacht as atá sé chuile lá — in áit biseach a fháil, 'sé an chaoi a bhfuil sé ag dul chun laige
Shílfeá nach bhfuil sé an-imithe as
Shílfeá nach mbeadh sé chomh himithe as ar fad agus an cothú (bheatha) atá sé a fháil
Shoraidh dhuit! Muran tú atá imithe as
B'fhearr do dhuine imithe as féin ná séidte suas mar í siúd — b'fhearr do dhuine suaite nó téite chun feola
Is suarach an t-ionadh dhom a bheith imithe as agus laghad a bhfuil mé a fháil de bheatha — ní ionadh ar bith mé a bheith tanaí agus nach bhfaighim mo leathsháith cothaithe
Is beag an dochar di a bheith imithe as agus nach n-íosfadh sí stiallóg aráin in imeacht seachtaine — ní hionadh ar bith go bhfuil sí tanaí agus nach mbeadh cion stiallóige aráin ite aici i gcaitheamh seachtaine
Tá an gamhain sin an-dothógtha: d'imigh sé as ar fad ó cuireadh ar an sliabh é — is deacair é a bheathú (is deacair a dhíol beatha nó a dhíol den bheatha a thiocfadh leis a thabhairt dó) mar thanaigh sé, agus d'imigh an t-ordú de, ó cuireadh ar an sliabh é; níor fhan aon sliocht air ó hathraíoadh go dtí an sliabh é, mar is deacair a dhóthain cothaithe a thabhairt dó i ngeall go bhfuil an-ghoile aige
Tuige nach n-imeoinn as agus nach ndeachaigh greim ar mo bhéal le dhá lá — is beag an dochar dom imeacht; is suarach an t-ionadh go n-imeoinn as
Ní hionann imeacht as agus teacht chugat féin aríst — is fusa go mór an t-ordú a chailleadh ná é a chur suas aríst
Más cúrsaí imeacht as é, níl mórán le cois na sláinte ag ceachtar againn, ní ag ceasacht ar Dhia é — deirtear seo i gcomhrá nuair adéarfadh duine amháin go raibh sé imithe as ar fad. Déarfadh an duine eile an leagan réamhráite le hinsean, ós ag caint dóibh ar imeacht as é, go raibh sé féin chomh himithe as leis an té a labhair. Sin caint nach gcloisfeá ag fir. Ag mná a chloisfeá an leagan sin agus a mhacasamhail i gcónaí
Tá mé imithe as, ní ag ceasacht ar Dhia é!
Nach bocht dom a bheith imithe as, agus an ruaig a chuir mé dhíom — ní hionadh ar bith go bhfuil mé tanaí agus an geábh tinnis a bhí orm
Má bhíonn tú chomh himithe as sin i gcónaí, is trua don bhean a phósfas tú. Beidh a sáith den tsaol aici ag iarraidh smaise a chur ort
Is mairg a bheadh imithe as agus feoil agus dole le fáil i mbarr bachall (scorach óg adúirt é le duine eile a bhí tanaí tabhartha, cupla bliain ó shin nuair a bhí mairteoil le fáil in aisce ag lucht dole — níor cheart do dhuine ar bith a bheith tanaí tabhartha agus feoil agus dole le fáil go fairsing)
Murach go bhfuil sé tolgtha, ní imeodh sé as mar sin — murach go bhfuil sé fabhtach istigh, ní rachadh sé chun tanaíochan ar an toirt mar a chuaigh sé
Céard a bhéarfadh dó imeacht as d'aon iarraidh mar sin murach go bhfuil lán a chruite den eitinn air — cén t-údar go dtanódh sé ar an toirt boise murach an eitinn a bheith air, agus í air go maith
Tá sé fabhtach. Sin é an fath go bhfuil sé ag imeacht as
Tá chuile chosúlacht air ach cosúlacht imeachta as — déarfaidh go raibh sé ag titim chun feola óna ghotha, ach ar aon chor, ní raibh sé ag tanaíochan a dhath
Cáit: Dúirt sí go raibh tú imithe as go mór le tamall; Máire: Nár fhaighe sí le n-insean (n-inseacht) é go mbeinnse imithe as!
+
Ní fhéadfadh sé a bheith chomh himithe as murach go bhfuil cloíteacht eicínt air (cloíteacht = tinneas, galra, údar fuasaoide, lagachan)
Ná bac le duine ar bith atá chomh himithe as leis. Is ar a chruachúis dó srianadh thríd — na bíodh aon mheas agat ar dhuine ar bith atá chomh snoite caite leis, arae is ar éigean a thiocfas sé slán ón ngalra atá air
TUILLEADH (3) ▼
Is deacair dhom aon mheas a bheith agam air agus chomh himithe as agus atá sé — ní fhéadfainn a rá gurb í mo bharúil go bhfaigheadh sé biseach agus chomh tuartha caite agus atá sé
An bhfaca tú aon díthreabhach ariamh atá chomh himithe as leis — an bhfaca tú duine ar bith atá imithe ar an uisce bruite mar é
Tá sé chomh himithe as sin gur deacair leis a theacht chuige féin — tá sé chomh tanaí sin agus gur doiligh feoil ná slacht ar bith a chur aríst air
+
Tá sí an-imithe as den tsaol — tá sí chomh caite leis an bhfíóig; níl bior eanga uirthi; d'fheicfeá na beithígh thríthi
Tá sé imithe as go diabhalta (go millteach, go huafásach srl.) le gairid
TUILLEADH (1) ▼
Tá tú ag imeacht as, chomh mór sin agus nár mhór duit a dhul romhat féin go gairid — níor mhór dhuit breathnú in do dhiaidh féin; dochtúr a cheadú nó eile

Féach freisin

imigh as in iontrálacha eile (50+)

+
Ní bheidh T. fearacht Mh. ag imeacht ag sceidínteacht leis an rud. Déanfaidh sé as láimh é, déanfaidh sin
TUILLEADH (1) ▼
Níl sí fearacht ná mná seo thoir ag imeacht ag soláthar, agus ag tarlú léithe as chuile áit dhá bhfaighidh sí é. Bean chuibhiúil í
 
"Tiocfaidh stoirm, tiocfaidh feothan, tiocfaidh gaoth mhór agus tiocfaidh fearthainn; Imeoidh an solas as na réalta, as an ngréin agus as an ngealaigh …" As dán diaga — Trí Scóir a bhí an Naomh Joseph)
 
fios
Is faide leis ná fios a shaoil go n-imí an ceann eile as an teach go dté sé fhéin isteach ann. Chítear dhom gur suarach an mhaise do dhuine a bheith mar sin
 
fleet
"Ó bhí mé chomh haerach ar dtús agus gur ghéill mé do do shlí; Dhá n-imíodh sé an méid sin sa spéir leis an ngaoith; Ní phósfainn anois thú dhá dtéinn ar an bhfleet; Ach bainfidh mé arán as mo shláinte" As Na Ba Ciara agus Bána
 
fág
Ar ndóigh má tá sé ag dul ag pósadh, sin é a d'fhágfadh nach bhfuil sé ag imeacht as an áit
 
Tá an gamhain an-fhágtha ón aonach cheana. Bhí an-ordú air nuair a cheannaigh sé ó Ch. T. U. é, ach d'imigh sé as thar cionn ó shin. Is cosúil nach dtugann sé aon cheo dhó
 
fíóg
D'imigh sé as go mór ó tháinig sé abhaile. Tá sé chomh caite leis an bhfíóig anois. Shílfeá gurb éard a thiocfadh sé chuige fhéin. Ina leaba sin, níor fhan scioltar ar bith air
 
Is furasta dhó a bheith imithe as a chranna cumhachta le ábhailleacht agus scabhaitéireacht. Dhá dtagadh sé isteach théis duine a mharú, dheamhan caidéis a chuirfeadh an t-athair ná an mháthair air. 'Sé an chaoi a bhfuil siad ag borradh leis.
 
Tá S. anois mar a bheadh an chaolóid riabhach i ndiaidh na cuaiche. Dheamhan gair ag an D. a chois a chur amach as an teach, nach bhfuil sí imithe dhá shiúl ionsaí ina dhiaidh. Agus mura bhfuil mearbhall mór ormsa, dheamhan gnaoi ar bith ag an D. uirthi.
 
Shílfeá go mba chosúil é le fear a bheadh ar a chaomhúint. Dheamhan fonn ar bith a bhí air aon duine a thaobhachtáil agus dhá bhfeiceadh sé aon duine ag teacht, d'imeodh sé as an mbealach. Duine é a tháinig as cathadh eicínt dhá mbeadh an saol ag caint.
 
Beithíoch cuideáin é sin a d'imigh as áit eicínt. Ó tharla nach bhfuil aon choimhthíos ag na beithígh leis, níor mhiste é fhágáil ina mbail go dtagadh duine eicínt ar a thóraíocht.
+
D'imigh mé as bealach an mhótair.
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh aon lá ariamh fhéin nach raibh muintir na mbealaí sin ag imeacht as a gcranna cumhachta le leithead.
 
Barr cuanla í agus í chomh bealtaithe agus go n-imeodh sí lofa as do chrúba (barr cuanla — feamainn barr chladaigh, fc. barr cuanla)
 
beart
Ní bheadh beart ar bith ba chríonna dhuitse a Phat, ná a bheith imithe as seo, shula dtige M. Tá sé bruite ar bhainne aige dhuit, agus is ait a chruthós tú nó tabharfaidh sé faoi na fabhraí dhuit é.
+
Bhí cromnasc orthub uileag go dtí ceann amháin, ach ná raibh ann nuair a shíl mé breith uirthi sin, nár imigh sí as an loc orainn! Ár gceann fine ní sháinneodh aríst í.
TUILLEADH (1) ▼
Má imíonn sé aríst as, déanfaidh mise cleas leis — maistín de chromnasc a fháscadh air. Feicfidh tú fhéin air go mbaine sin an t-uabhar dhe.
+
Déarfainn nach áit buaile ná seanbhaile dhúinn an áit seo anois má fhéadann muid imeacht as, ach sin é an buille! Ní mé an bhféadfaidh?
TUILLEADH (1) ▼
Ní áit buaile ná seanbhaile d'aon duine an geadán seo má fhéadann a chumhachta imeacht as.
 
bocht 2
B'fhurasta a aithinte ar an imeacht a bhí faoi go ndéanfadh sé rud eicínt as a dheireadh. Is deacair an seanfhocal a shárú: nuair a théanns bocht go nocht, téann sé go gabháil éadain.
 
Is furasta leis an bhféar luibheannach sin breo mura bhfaighe sé neart gréine. Shílfeá go mbeadh sé tirim agus thú dhá chur i gcoca, ach ní bhíonn an sú imithe as ina dhiaidh sin.
 
Tá an putach sin thíos ag L. Mh. buailte suas as na cosa ar fad. Feicim é ag imeacht agus buadán ar leathchois aige, agus an ceann eile craptha.
 
buille
D'imigh an buille sa mbéim as uileag le gairid.
+
buinne 1
Tháinig bairille faoi thír anseo an bhliain cheana ach bhí an buinne uachtair imithe dhi, agus má bhí aon éadáil ann, thit sí amach as. Scríbhneoireacht aisteach a bhí air. Deir cuid acub sin gur ón bhFrainc a tháinig sé.
TUILLEADH (1) ▼
Nuair a d'imigh an bainne dhi, thit canta as. Dheasódh fear stuama fós é.
 
buíog
Imíonn buíograchaí chuile bhliain as na halltrachaí sin.
 
ailp
Tá ailp imithe as cnapán mo ghlúnach de bharr an leagan a d'éirigh dhom.
 
aire
Ar an dá luath is ar thit an oidhreacht air, d'imigh sé as a chrann cumhachta ar fad agus níor thug sé aire ar bith don airgead.
 
amach
Níl sé ach imithe amach; is gearr ó chuaigh sé amach as an teach seo.
 
ana
Ní thriomóidh an féar ar ana na Féile Míchil. Is beag an baol atá air, mar bíonn an ghrian rómhaolaithe sa spéir an t-am sin agus an teas imithe aisti
 
anam
Imíonn an t-anam as an gcorp thrí logán na baithise (sin é adeirtear)
 
Nach aoibhinn Dia dhuit má bhíonn tú ag imeacht as seo! — nach méanra dhuit
 
arann
Is mór a d'imigh an t-arann as le bliain anuas
+
ardú
Mura n-imí sé as an ardú seo, tá leis — mura bhfaighe sé bás as an donacht seo, srianfaidh sé thríd
TUILLEADH (1) ▼
Imeoidh sé as sin anois — ardú na Céadaoine
 
Tá sí tugtha anuas agus imithe as ar fad
 
faon-
Céard a rinne an fionnoscal sin sa doras. Tá an gath gréine isteach ann. An clár atá imithe as? Duine eicínt a thug pound dó. Nach bhfuil a fhios agaibh go bhfuil adhmad an dorais sin chomh lag leis an luachair?
 
farae
Ná bac le seascachaí anois d'uireasa neart farae sa ngeimhreadh. Fadó ligeadh muid amach ar an sliabh iad agus cead acu beatha a bhaint as a gcrága, agus diabhal dhá shuaite chloíte dhá mbeidís, go bhfaightheá imeacht orthu. Ach dheamhan mórán áirge beart cnámha (beithígh caite) a thabhairt chuig aontaí anois. Mura mbeidh siad chomh sleamhain anois agus go sciorrfá dhíobh, níl aon fhiafraí orthu
 
Tá an gamhain sin imithe ar an uisce bruite. Shílfeá go bhfuil sé ag fáil cinnireacht mhaith muis. Déarfaidís fadó gur imithe ag Fionnbheara go Cnoc Meá a bheadh sé nuair a d'fheicfidís ag imeacht as mar sin é, ach níl aird ar bith ar na scéalta sin anois
 
Tugann an gabha foghairt don drill. Coinníonn sé dhá chur síos is aníos san uisce nó go mbíonn foghairt ann. Ní ligeann an fhoghairt don fhaobhar maolú. Ní imeoidh an géaradas as má bhíonn foghairt ann. Ní théann foghairt ar bith i gcrú. Cuireann sé san uisce é, ach má chuireann féin, ní chuireann sé aon fhoghairt ann. Ní bhíonn aon chall dó leis. I gcruach a théas foghairt — foghairt a chur i gcruaigh: to temper steel
 
fonn
Tá fonn a gcroí orthu a bheith imithe as
 
Deir tú leis an gcailín a d'imigh uaim. Tá mé in mo bhambairne ceart na laethantaí seo. Níorbh fhiú trumpa gan teanga í, agus ina dhiaidh sin féin, b'fhearr ann ná as í. Ní airítear foscadh na toime nó go mbaintear í, adeir siad
 
foth
D'imigh bean as sin thíos i mB. an bhliain cheana agus dheamhan ar frítheadh ar foth ná ar féar ó shin í
 
fuagra
Tá fuagra tugtha aige dóibh go gcaithfidh siad a bheith imithe as an teach Lá Bealtaine
 
Is ait an fáiteallach farraige thú bail ó Dhia ort má d'éirigh leat an méid sin éisc a thabhairt leat as cur oíche. Dheamhan a mbeadh sé ag tuilleadh in imeacht seachtaine
 
Chaith sé an lá imithe ach ba bheag é a fháiteall ag teacht. Thóraigh sé chuile shiopa siar i chuile áit agus diabhal blas a d'éirigh leis ach deich gcinn (de thoitíní). Dhá mbeinnse chomh scrúdtha sin dhá bhfuireasa, chítear dhom go n-eireoinn astu ar fad
 
fás 1
Dúirt sé nach raibh na bicycles ann: go raibh siad imithe. Chuir sé as m'fhás mé. Scanraigh mé gur goidte a bhí siad. Ba mhaith an tsíleachtáil dom é … Ar ndóigh ba é P. a thug isteach sa teach iad
+
imigh
Bí ag imeacht uaim nó bainfidh mé an t-anam asat
TUILLEADH (1) ▼
Imeacht as air! (sórt eascaine adéarfaí le duine a samhlófaí imeacht leis)