Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
imigh as
dul ó áit nó ó chruth áithrid.
+
Tá sé ag imtheacht as ar fad le goirid = dhá ghoid as, ag tanuidheachan, ag cailleadh na feola, 'dul in ísle bhrigh.
D'imthigh sé as ar fad le mí = thanuigh sé; níor fhan bior eanga air.
TUILLEADH (23) ▼
Is mór atá sé imthighthe as, le sgathamh.
Ní fhaca mé le na cianta é go dtí indiu, agus tá sé an-imthighthe as = an-tanuighthe, an-tsuaidhte.
Ní raibh mé chomh h-imthighthe as ariamh a's tá mé.
I leabaidh a theacht chuige féin, is ag imtheacht as atá sé chuile lá = in áit biseach a fhághail, sé'n chaoi 'bhfuil sé ag dul chun laige.
Shílfeá nach bhfuil sé an-imthighthe as.
Shílfeá nach mbeadh sé chomh h-imthighthe as ar fad, agus an cothú (bheatha) atá sé a fhághail.
Shoraidh dhuit! Maran tú tá imthighthe as.
B'fhearr do dhuine imthighthe as féin ná séidhte suas mar í siúd = b'fhearr do dhuine suaidhte nó teithte chun feola.
Is suarach an t-iongnadh dhom a bheith imthighthe as agus laghad a bhfuil mé fhaghail de bheatha = ní iongnadh ar bith mé a bheith tanuidhe, agus nach bhfaghaim mo leath-sháith cothuighthe.
Is beag an dochar di a bheith imthighthe as, agus nach n-íosfadh sí stiallóg aráin in imtheacht seachtmhaine = ní h-iongnadh ar bith go bhfuil sí tanuidhe, agus nach mbeadh cion stiallóige aráin ithte aice i gcaitheamh seachtmhaine.
Tá'n gamhain sin an-do-thóigthe: d'imthigh sé as ar fad ó cuireadh ar an sliabh é = is deacair é a bheathú (is deacair a dhíol beatha nó a dhíol d'en bheatha a thiocfadh leis a thabhairt dó) mar thanuigh sé, agus d'imthigh an t-ordú de, ó cuireadh ar an sliabh é; níor fhan aon-sliocht air ó h-athruigheadh go dtí an sliabh é, mar is deacair a dhóthain cothuighthe a thabhairt dó, ingeall go bhfuil an-ghoile aige.
Tuige nach n-imtheochainn as, agus nach ndeacha greím ar mo bhéal le dhá lá. = is beag an dochar dom imtheacht; is suarach an t-iongnadh go n-imtheochainn as.
Ní h-ionann imtheacht as agus teacht chugad féin aríst = is fusa go mór an t-ordú a chailleadh, ná é a chuir suas aríst.
Má's cúrsaí imtheacht as é, níl mórán le cois na slainte ag ceachtar againn, ní ag ceasacht ar Dhia é = deirtear seo i gcómhradh, nuair a déarfadh duine amháin go raibh sé imthighthe as ar fad. Déarfadh an duine eile an leagan réamh-ráidhte, le h-innsean; ó's ag cainnt dóibh ar "imtheacht as" é, go raibh sé féin chomh h-imthighthe as leis an té a labhair (sin cainnt nach gcloisfeá ag fir. Ag mná a chloisfeá an leagan sin agus a mhacsamhail i gcomhnuidhe)
Tá mé imthighthe as, ní ag ceasacht ar Dhia é!
Nach bocht dom a bheith imthighthe as, agus an ruaig a chuir mé dhíom = ní h-iongnadh ar bith go bhfuil mé tanuidhe agus an geábh tinnis a bhí orm.
Má bhíonn tú chomh h-imthighthe as sin i gcomhnuidhe, is truagh do'n bhean a phósfas tú. Beidh a sáith de'n tsaoghal aice ag iarraidh smaise a chur ort.
Is mairg a bheadh imthighthe as, agus feoil agus dole le faghail i mbarr-bachall (sgurach óg adubhairt é le duine eile, a bhí tanuidhe tabhartha, cupla bliadhain ó shoin, nuair a bhí mairtfheoil le faghail in aisce ag lucht "dole") = níor cheart do dhuine ar bith a bheith tanuidhe, tabhartha, agus feoil agus "dole" le fághail go fairsing.
Marach go bhfuil sé tolgtha, ní imtheochadh sé as mar sin = marach go bhfuil sé fabhtach istigh, ní rachadh sé 'un tanuidheachan ar an toirt mar chuaidh sé.
Céard a bhéarfadh dó imtheacht as d'aon iarraidh mar sin, marach go bhfuil lán a chruite den eitinn air = cé'n t-ughdar go dtanóchadh sé ar an toirt boise, marach an eitinn a bheith air, agus í air go maith.
Tá sé fabhtach. Sin é an fath go bhfuil sé ag imtheacht as
Tá chuile chosamhlacht air, ach cosamhlacht imtheacht' as. = déarfa go raibh sé ag tuitim chun feola ó'n a ghothadh, ach ar aon-chor, ní raibh sé ag tanuidheachan a dhath.
Cáit: Dubhairt sí go raibh tú imthighthe as go mór le tamall; Máire: Nár fhágh sí le'n innsean (n-innseacht) é, go mbeinnse imthighthe as!
+
Ní fhéadfadh sé a bheith chomh h-imthighthe as, marach go bhfuil claoidhteacht eicínt air (claoidhteacht = tinneas, galra, ughdar fuasaoide, lagachan).
Ná bac le duine ar bith atá chomh h-imthighthe as leis. Is ar a chruadh-chúis dó srianadh thríd = na bíodh aon-mheas agad ar dhuine ar bith, atá chomh snuighte, caithte leis, arae is ar éigin a thiocfas sé slán ó'n ngalra atá air.
TUILLEADH (3) ▼
Is deacair dhom aon-mheas a bheith agam air, a's chomh h-imthighthe as a's tá sé = ní fhéadfainn a rádh gurb í mo bharamhail go bhfuigheadh sé biseach agus chomh tuartha caithte agus atá sé
'Bhfaca tú aon-díthreabhach ariamh atá chomh h-imthighthe as leis = 'bhfaca tú duine ar bith atá imthighthe ar an uisce bruithte mar é.
Tá sé chomh h-imthighthe as sin, gur deacair leis a theacht chuige féin = tá sé chomh tanuidhe sin, agus gur doiligh feoil ná slacht ar bith a chur aríst air.
+
Tá sí an-imthighthe as de'n tsaoghal = tá sí chomh caithte leis an bhfitheoig; níl bior-eanga uirre; d'fheicfeá na beithidhigh thríthe.
Tá sé imthighthe as go diabhalta (go millteach, go h-uathbhásach agus rl.) le goirid.
TUILLEADH (1) ▼
Tá tú ag imtheacht as, chomh mór sin, agus nar mhór duit a dhul rómhat féin go goirid = níor mhór dhuit breathnú in do dhiaidh féin, dochtúr a cheadú nó eile.

Féach freisin

imigh as in iontrálacha eile (50+)

+
Ní bheidh T. fearacht Mh. ag imeacht ag sceidínteacht leis an rud. Déanfaidh sé as láimh é, déanfaidh sin
TUILLEADH (1) ▼
Níl sí fearacht ná mná seo thoir ag imeacht ag solár, agus ag tárlú léithi as 'chuile áit dhá bhfuighidh sí é. Bean chuibhiúil í
 
fleet
"Ó bhí mé cho haerach ar dtús agus gur ghéill mé do do shlí Dhá n-imíodh sé an méid sin san spéir leis an ngaoith Ní phósfainn anois thú dhá dteighinn ar "an bhfleet" Ach bainfidh mé arán as mo shláinte" (As "na Ba Cíara agus Bána")
 
fág
'Ar ndó' má tá sé ag dul ag pósadh, sin é a d'fhágfadh nach bhfuil sé ag imeacht as an áit
 
Tá an gamhain an-fhágha ón aonach cheana. Bhí an-ordú air nuair a cheannaigh sé ó Ch. T. U. é, ach d'imigh sé as thar cionn ó shoin. Is cosúil nach dtugann sé aon-cheo dhó
 
fíóg
D'imigh sé as go mór ó a tháinig sé abhaile. Tá sé cho caite leis an bhfíóig anois. Shílfeá gurb éard a thiocfadh sé chuige fhéin. In a leabaidh sin, níor fhan sciolltar ar bith air
 
Is olc é an scamall sin. Níl ann ach an fheoil. Tá ábhar fós inte. Is furasta aithinte é, agus an bhoiric atá uirre. Tá sé thar am aice imeacht. Ní raibh le déanamh agad ach a dhul ag an dochtúr léithe agus gan a bheith dhá buachailleacht níos fuide. Tá sí ag seadú ro-fhada. Nioscóid ar bith nach ndealóidh léithe in imeacht coicís nó trí seachtainí, ní ceart trust ar bith a bheith aisti
+
faon-
Tá fíonn-oscal san doras = siunta a dtiocfadh an solas isteach thríd, nó cláirín a bheith imithe as (tabhair faoi deara gur "san" atá san leagan seo agus nach "ar". "Fíonn" adeirtear i gcomhnaí san gcás seo, agus ní "faon")
TUILLEADH (1) ▼
Céard a rinne an fíonn-oscal sin san doras. Tá an gath gréine isteach ann. An clár atá imithe as? Duine eicínt a thug "pound" dó. Nach bhfuil a fhios agaibh go bhfuil adhmad an dorais sin cho lag leis an luachair?
 
farae
Ná bac le seascachaí anois, d'fhuireasa neart farae san ngeimhreadh. Fadó leigeadh muid amach ar an sliabh iad agus cead aca beatha a bhaint as a gcrága, agus diabhal dhá shuaite chlaoite dhá mbeidís, go bhfuightheá imeacht orra. Ach dheamhan mórán áirge beart cnámha (beithigh caite) a thabhairt chuig aontaigh anois. Mara mbeidh siad cho sleamhain anois agus go sciorrfá dhíob, níl aon-fhiafraí orra
 
Tá an gamhain sin imithe ar an uisce bruite. Shílfeá go bhfuil sé ag fáil cinnireacht mhaith muis. Déarfaidís fadó gur imithe ag Fionnbheara go Cnoc Meádha a bheadh sé, nuair a d'fheicfidís ag imeacht as mar sin é, ach níl áird ar bith ar na scéalta sin anois
 
fonn
Tá fonn a gcroí orra a bheith imithe as
 
Deir tú leis an gcailín a d'imigh uaim. Tá mé in mo bhambairne ceart na laetheanntaí seo. Níorbh fhiú trumpa gan teanga í, agus in a dheidh sin féin b'fhearr ann ná as í. Ní airíthear fascadh na tuime nó go mbaintear í, adeir siad
 
foth
D'imigh bean as sin thíos i mB. an bhliain cheana, agus dheamhan ar fríodh ar futh ná ar féar ó shoin í
 
fuagra
Tá fuagra tugha aige dóibh go gcaithfidh siad a bheith imithe as an teach lá Bealtaine
 
Is ait an fátallach farraige thú bail ó Dhia ort má d'eirigh leat an méid sin éisc a thabhairt leat as "cur oíche". Dheamhan a mbeadh sé ag tuilleadh in imeacht seachtaine
 
fás 1
Dúirt sé nach raibh na "bicycles" ann: go raibh siad imithe. Chuir sé as m'fhás mé. Scanruigh mé gur goidhe a bhí siad. Ba mhaith an tsíleachtáil dom é … 'Ar ndú' ba é P. a thug isteach san teach iad
 
Ar chuala tú ariamh faoin bhfear as an M. a cuireadh Gaillimh leis an mBéarla a thabhairt abhailí … Bhí sé aige nó go dtainig sé cho fada le faslach thíos ar an gC. Mh. Thuit sé san bhfaslach, agus nuair a d'eirigh sé, bhí an Béarla imithe! Bhí an-diomú san M. nuair a thainig sé d'uireasa an Bhéarla. Tá an Béarla thíos san bhfaslach sin fós dá gcartaí é!
 
fuaid
Bhí scoth-bhaile maith annsin le mo linn-sa seacht nó hocht de thithe. Dheamhan teach ar a fhuaid inniu. Imeacht as a rinne siad
 
Ar a theacht anoir dhó ón mbéiréiste, chinn air a bhullán fhéin a fheiceál, agus tháinig sé in a fhuile faile air ar an bpuinnte, agus soir leis ar feadh an aonaigh aríst ag ceapadh gur goidhe nó imithe a bhí sé. 'Ar ndú' bhí an bullán as comhair a dhá shúil dhá mba léar dó é. Níor léar, mar bhí na beithigh úmuithe beagán ó a chuaigh sé soir roimhe sin
 
Tá sé eirithe as na damhsaí. Is beag an dochar dhó sin. Dar príosta tá sé ag dul in aois, agus an croí ag imeacht uaidh. 'Ar ndú' nuair a stopas an síol stopann an foirseadh
 
Bhí leathtroma sna cléibh ar an asal, agus d'iarr mé air an leathchliabh thoir a fhuilint nó go ndírínn an cliabh eile, agus sin a thomhais ort céard a rinne sé: reacht gáire a chuir as fhéin, agus imeacht leis
 
Ba deas mé i lár Shráid na Siopaí (inGaillimh) agus mo hata iompuithe amach. M'anam nach fóidín meara a bheadh orm annsin ach go ndéarfaí gur imithe as Béal Átha na Sluaighe a bheinn (as an ngealtlann)
 
Tá fiacail imithe as an gcliath
 
Tá an an-fheoil imithe aisti anois. Sílim go bhfuil for-chneasú uirri
 
fuacht
Tá sé in am ag an bhfuacht seo anois imeacht as an uair. Tá sé dhá chothú an-fhada
+
Ól é sin ar a theas. Ná leig dhó fuarú. Beidh an mhaith imithe as má leigeann
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé aisti anois, tá faitíos orm. Sílim go bhfuil buachaill eile aici: mac J. Mh. as seo thiar. Tá an ceann eile caite i gcártaí aici ó d'imigh sé as an áit. Is amhlaidh é: an té a bhíos amuigh fuaraíonn a chuid
 
abair
Ní abróchainn nach hé J. Mór atá as an mbealach freisin, ach d'imigh an diabhal ar an gceann eile féin
 
Chuaidh sé sin, an uair a bhí sé in a pháiste bheag ins na céad-déaga le convaidhlsiuns (convulsions). Ba mhinic nach rabh a fhios a imeacht nó a theacht dó. Chuir mé trí thuras air ag tobar Cholm Cille dhá dtugadh Dia biseach dó. Thug, míle buidheachas Leis Féin. Shrian sé as th'éis liostachais fhada. Sílim dheamhan áird ar na turais aige in a dheidh sin, aindeoin go mbíonn muid ag strócadh leis ag iarraidh air a gcur dó (dhe)
+
Dalláin ag an diabhal ort. Cá'il na dalláin? An caoch atá tú? Tóruigh an méid atá gearrtha agad aríst agus togh na síolta caocha as. Is deas iad mo chuid síolta! Bhí sé cho maith dhom imeacht ag gabhail "Laddie O'Lee" ar na cnocáin le dhul ag deargadh talmhana len a n-aghaidh sin
TUILLEADH (1) ▼
Bhí bó annsin thoir ar an aonach agus nuair a chuaidh siad dhá bleaghán bhí an úgh cho rithte len a bhfaca tú ariamh. Ach deoir féin ní raibh sí a thál in a dhiaidh sin. Chuaidh 'chuile dhuine di ach ba aon-mhaith amháin é. Tháinig an fear seo — ceannachthóir a bhí ann — agus chuaidh sé féin ag méirínteacht léithe. Chuir sé soipín tuighe isteach ins na dalláin aice, mar dhóigh dhe go raibh siad tachttha … ach dheamhan tachtadh ná cuid de thachtadh. Ní ar na dalláin ná ar a cuid sineadhachaí a bhí an "demur" (marach, locht) chor ar bith. Fear sáthach símplí — bádóir as Conamara — a casadh timcheall ann ins an deire agus é ar a ghlas-mheisce. Ní thiubharfá deich triuf air len a fheiceál. Sáthach adhartha a bhí sé ag imeacht. D'fhiafruigh sé céard a bhí orra, agus h-innsigheadh dó. Bhí an ceannóchthair an uair seo in éadan na ndalláin aice. "Leig do na dalláin" adeir an bádóir. "Tá na dalláin cho "freeáilte" agus a bhíos mo pholláirí-sa, agus an bád ag tabhairt leath-bhord ins an ngaoith thar an gCeann lá flichshneachta. Ach innseochaidh mise dhaoib céard a dhéanfas sibh. Stopainn an bhainne atá ar an mbó. Má tá bairille ann agus a lán uisce, árduigidh suas é ar áit árd eicínt. Tugaighidh an bhó len a ais. Coinnigidh annsin í. Scárdaigidh anuas an t-uisce as an mbairille de réir a chéile. Mara ndéanaidh an bairille sin, líonaigidh bairille eile, agus déanaigidh an cleas céadna. Nach mairg gan galún taosca an bháid agam, agus is gearr a bheinnse dhá cur ag tál." Tugadh isteach i "ngárd" Sh. í. Tá a fhios agad an bairille árd siúd a raibh an "teaip" air a bhí thiar le balla. Thiomáil siad an bhó suas len a thaobh, agus chuir siad an "teaip" ag rith. Leigeadh cho maith le trí bhuicéad uisce as. Ná raibh ann nar thosuigh an bhó ag tál an bhainne cho briosc agus dhá mbadh as béal gloine a bheadh sé ag teacht. B'éigin buicéad a chur fúithe de léim. "Anois" adeir an bádóir "ab iad na dalláin a bhí dúinte" agus "haway" leis isteach indorus cúil Bh. gur chuir cáthadh pórtair ar an smut aige féin. Cé a mb'fhearr é sin ná do "wireen"-sa ar ball?
 
Má's lib imeacht cuirigidh crudh in a thosach, nó beidh sé an damhadh réag ins an oíche shul dhá mbeidh sib ar ais. Is buan an t-aistir as seo é go G.
+
daol
Bhí an bheirt againn ag teacht as Gaillimh oíche agus sé an áit ar bhuail an donacht é ag Áirdín an D. Badh é an rud ba tobainne é a chonnaic mé ariamh: daol ceart. Bhí sé domhain go maith ins an oíche agus an áit sin sáthach uaigneach freisin. Ní raibh mé in mo bhambairne ariamh go dtí an oíche sin: gan fios agam a dtiocfainn ag iarraidh an tsagairt dó nó an bhfanfainn in a chionn. Ach d'imigh sí aríst cho tobann agus a tháinig sí, cho luath agus a bhí an daol sin dó (dhe) aige
TUILLEADH (1) ▼
Sháith sé sin fear cheana agus dheamhan ceo a chuaidh air ach bliain. Rinne siad amach gurb as daol a d'eirigh sé dhó. Tá sin breagh go leor ach ba suarach an sásamh é do'n té a raibh a phutógaí ag imeacht in a ghlaic aige. Ní raibh sé indon a gcur ar ais aríst as daol
 
Ní raibh sé daor-bhasctha as tús a óige. Minic go maith a d'fheicfeá ag imeacht ar a bhog-mheisce é agus glaodhmaireacht an tsaoghail mhóir aige. Ach ó buaileadh an tsuaróigín siúd air leig sé faoi, agus rinne sé fear críonna. Cé a d'fheicfeadh anois ag teacht súgach d'aonach ná de mhargadh é. Siúd í an cailín aige!
 
Bhí na h-eiricigh (Protasdúin) go dona an uair sin a dhearbhráthair mo chroidhe. Ag imeacht le Bíoblaí agus le "soup", agus dhá bhaint siar as na daoine le deachmaí th'éis sin. Ba bheag an cheart a bhí le fáil ag an Rú(mh)ánach (Rómhánach: Caitliocach) an uair sin. Mo choinsias ba bheag. Nach cóir adubhairt an ceann eile féin ins an amhrán: "'S go bhfuil an dlí ar fad aca ó a mharbhuigheadar Rí Seumas". Nímé an faoi na deachmaí sin a rinneadh an t-amhrán do "Chac i Mála" a bhí siar faoi Chonamara … Ach ní h-eadh. Ag ionntú daoine a bhí sé sin. Níor mhaith dhuit é sin a luadh siar in áiteacha ann fós. Chriogfaidís thú faoi.
 
Ní dhealóchaidh an smál sin leo choidhchin nó go ndealuighidh siadsan amach as an teach sin ar fad. Ní ag comhaireamh na h-anachain é, d'imigh a gceart orra le cupla bliain: beirt mhac agus an t-athair, agus a raibh d'eallach ag gabhail leo. Is millteach an díleághadh atá orra, ní dhá roint leo é
 
dealbh 2
Níl aon-tSatharn dhár dhealbh an ghrian nach dteigheadh sí G., an fhad agus a mhair sí. Ní raibh lá dhá dheannachtaighe indon a coinneál istigh. Is minic a chonnaic mé ag teacht abhaile trathnóna í, agus an sruth as a cuid éadaigh. Dheamhan ruaig shlaghdáin a tholg sí ariamh as in a dheidh sin. Bhí an follántas mór ag imeacht leo sin ar fad
 
Bhí beirt cheannaidhe ag dul an bóthar fadó. Thosuigh siad ag sáraidheacht. Dubhairt ceann aca go mb'fhearr an bhréag ná an fhírinne. Sháruigh an ceann eile air nacharbh fhearr. Fágfamuid ar bhreitheamhnas an chéad rud a chasfas linn ar an mbóthar é, adeir duine aca. Tá go maith adeir an ceann eile. Chuir siad geall as. D'imigh leo dhá siubhal ionnsaidhe. Ba ghearr go dtáinic siad ar dhearga daol ar an mbóthar. Chrom an ceannaidhe bréagach síos. "Cé is fhearr an fhírinne ná an bhréag" adeir sé leis an dearga daol. "An bhréag, go' deile", adeir an dearga daol. Sín amach mo gheall agam, adeir an Ceannaidhe bréagach. Shín. Scar siad len a chéile. Ba ghearr a chuaidh an ceannaidhe bréagach, nuair a thosuigh sé ag cur scrúdaidh air féin. Dheamhan easna dhó nach bhfilleann ar a chois aríst, nó go dtáinic sé suas leis an dearga daol. Cromann sé síos agus baineann sé póg dó. Ghreamuigh an dearga daol dhá bhéal. Is gearr go raibh seacht mbrat dearga daoil air, agus bhí siad dhá ithe isteach go grinneal. Cuireadh fios ar an sagart dó. Tháinic an sagart. Nuair a chonnaic sé an deis a bhí air, chuaidh sé amach as an seomra agus thosuigh sé ag léigheamh a leabhair. "Gabh isteach" adeir sé leis an gcailín faoi cheann tamaill "agus feacha cé'n chaoi a bhfuil sé." Chuaidh an cailín isteach. "Tá sé faoi dhearga daoil ar fad" adeir sí. "Níl sciolltar fágtha air, nach bhfuil ithte dhó." Léigh sé leis eádradh eile. "Gabh isteach anois" adeir sé "agus feacha cé'n chaoi atá air." "Tá fiche brat dearga daoil anois air," adeir sí. "Níl ann ach na cnámha geala. Is gearr an bás uaidh." "Tá an cholainn ag an diabhal," adeir an sagart, ach beidh an t-anam aghamsa dhá bhuidheachas." Tháinic an oiread eile díocais air ag léigheamh … (Scéal a fuair mé ó m'athair faoi na dearga daoil)
+
Mo dheatach air, mara deas an cheird atá air, ag imeacht as a chranna cumhachta mar sin le postamhlacht
TUILLEADH (1) ▼
Gabh amach, 'gcuiridh Dia an t-ádh ort, agus bain deatach as an mbulán sin amuigh. Nach hé eallach an Diabhail anois é go gcaithfeadh sé imeacht as an áit a raibh sé go bolg i bhféar ann. Béidh a shliocht air: ní go m[aith] a ghabhfas an imirce uabhair sin dó muis
 
deifir
Is mó an deifir a rinne tusa ná mé ag imeacht as an mbaile mór, agus bhí mé sa mbaile romhat in a dheidh sin
 
Bhí sé ag imeacht ag mungailt faoin a fhiacail, agus ag giorán (gearán) go neámhaí, agus thob ann agus thob as aige. D'eirigh mé féin faoi dheireadh agus faoi dhó. "Mara bhfuil rún agad a thabhairt uait" arsa mise, "coinnigh é," agus amach liom an dorus
 
deoch 1
Tá sé as deochannaí anois má d'imigh M. Choinnigh sé snáth faoi'n bhfiacail an fhad agus a bhí sé sin sa mbaile, ach troiscfidh sé anois
 
deoin
Mara bhfanaidh sí ann dá deoin, níl agad a dhéanamh ach a díol. Ní fhaca mé aon-bhó ariamh as an ruta céadna nach mbeadh an bhradghail agus an chneámhaireacht ag imeacht léithe
 
diabhal 2
Go dtuga an diabhal thairis amach as a phutóig é! Cannda aráin mar sin imithe ag madadh agus a liachtaí créatúr bocht ar fud an tsaoil anocht, ar mhaith leis a fháil. Ach ní hé an madadh is measa ach a gcuid sraoillíocht fhéin a fhágas ar forbhás an rud
 
diaidh
D'imigh gasúr de thamhnóig shléibhe thuas annsin an bhliain cheana. Dheamhan a fhios agam nach as L. é. Ceann eicínt de na tamhnachaí iargcúlta sin ar chaoi ar bith. Ní raibh sé ach h-aon déag nó dó dhéag de bhlianta. Tháinig sé abhaile deich mbliana ina dhiaidh sin, agus níor aithin duine ar bith é, nó gur leig sé a aithne leo. Shíl siad gur báidhte nó marbh a bhí sé le na cianta roimhe sin. Bhí dalladh airgid aige
+
Ní fhaca tú a leithide de dhíogáil ar phóilí ariamh agus a bhí air sin ag imeacht dó. Bhí scoilte cho díreach le gró in a chuid gruaige agus mara raibh sé bearrtha, ní lá go maidin é. Agus an "glass" a bhí in a bhróga, bhainfeadh sé an t-amharc as do shúile. Níor ba thaise len a dhrad óir é ach oiread.
TUILLEADH (1) ▼
Ní bréag "Doll" a thabhairt air agus cho gíogáilte agus a bhíos sé i gcomhnuí. Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo de'n lá ar bhaist M. idtosach air é thiar ar bhóithrín an T. Spréach sé. B'éigin do M. imeacht as an mbealach nó speirfeadh sé é — speirfeadh a mh'anam. 'Sé an "boss" a fuair an spóirt air, an uair a chuala sé é