Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Deoin
Fuaim /d′ūn′/
ainm-fhocal; buineann
tuiseal geineamhnach uathaidh = deona is cosamhail (fc. toildheona?).
toil; rud a thogairt; rud a dhéanamh uait féin.
+
Rinne sé dhá dheoin féin é = dhá thoil féin
Mara ndéanaidh sé dhá dheoin féin é, fág mar sin é. Níl gnatha ar bith a dhul 'un droch-mhúineadha leis
TUILLEADH (11) ▼
Mara n-ólaidh sé dhá dheoin féin é, ná tabhair méir ar bith dhó. 'Sí an tsean-mhéir aige anois í. Troisceadh sé anois má's breagh leis = laogh nach n-ólfadh bainne d'fhuireasbhaidh méire
Mara n-ithidh sé dhá dheoin féin é, cé'n mhaith a bheith ag sáraidheacht leis. "Tairg biadh do dhuine beo, agus mara n-ithidh sé é leigeadh sé dhó." Mise i mbannaí dhá mbeadh ocras air, go mba deacair é a choinneál uaidh
Ní scarfaidh sé leis dhá dheoin ar chaoi ar bith. Ach sin é an buille: an bhfuil an dlí in don a bhaint dó. Dheamhan a fhios aghamsa an bhfuil
Ná bac len a leithide sin. Fear ar bith nach bhfaca tú ag dul amach ariamh dhá dheoin féin ag an Aifreann, go gcaithfí a dhul dhá shaghdadh amach ann!
Ní ceart cur faoi ndeara do bhean ar bith fear a phósadh, marab é a deoin fhéin é. Ise a bhéas síos leis, agus ní h-iad an dream a chuirfeas 'un caitheachtála di é
Tháinic sé aníos agus ní dhá dheoin é = ní raibh aon-fhonn air a theacht
Mara marbhuighidh sé S. ar chaoi ar bith ní dhá dheoin é. (tá rún a mharbhtha aige). Níl cruinneál ná oireachtas nach ag faire air atá sé go gcriogaidh sé é. Ach tá an fear eile féin sáthach áirdeallach. Is maith nach mór dhó a bheith ar a mhaidí muis, nó tiubharfaidh sé siúd faoi é uair eicínt
Mara mbeidh iasc aige, ní dhá dheoin é. Ní leigeann sé lá ar bith thairis gan a dhul ar meath. Ach níl aon-bhualadh 'e rath orra chreidim
Deirimse leat mara ndéanaidh sí siúd airgead nach dhá deoin é. Cnuastóir ceart í. Diabhal mé go bhfeicfeá í, nuair a bheadh leith-phighinn sinseála ag dul duit, agus go sílfeá gur carghas a bhíos uirre scaradh léithe. Níor mhór do dhuine a bheith ar an áirdeall, nó ní bhfuigheadh sé an tsinseáil cheart uaithe
Mara bhfanaidh sí ann dá deoin, níl agad a dhéanamh ach a díol. Ní fhaca mé aon-bhó ariamh as an ruta céadna nach mbeadh an bhradghail agus an chneámhaireacht ag imeacht léithe
Mara ndéanaidh sé dhá dheoin é, déanfaidh sé dhá aindeoin é = déanfaidh sé dhá dheoin nó dhá aindeoin é (fc. aindeoin)

Deoin in iontrálacha eile (3)

 
dána
Ba é a labhair go dána drochmhúinte freisin. Dubhairt sé mara dteigheadh T. amach dhá dheoin féin, go gcuirfeadh seisean ag imeacht é agus deifir air!
 
deara
Mara ndéanaidh sé dhá dheoin féin é muis, cuirfear faoi ndeara dhó a dhéanamh. Meastú a bhfuighidh sé cead a chomhairle fhéin mar sin. Gheobhaidh muis
 
Tá sé an-tsáruigheach. Is mian leis a bheith ag dul duit i gcomhnaí, nó go gcuirfidh sé faoi ndeara dhuit a chomhairle a dhéanamh de do dheoin nó de t'aindeoin. Ní maith le duine a bheith francuighthe, agus de ghrádh an réidhtigh ghéillfeá dhó, ach dheamhan géilleadh a dhéanfas mise níos mó. Thug sé i dtromásc mé cupla uair le goirid, agus fhobair mé rud a bheith ar a shon agam