—
rud is annamh, rud áibhéil, cúrsa sé nó seachrán; scéal sna naoi n-aird.
a.
·
Siúd é an t-ionadh agus ní ionadh go dtí é! — rud iontach, cuirim i gcás rud eicín a rinne duine amach le stuaim agus as a intreacht fhéin
Tá ionadh agus ionadh ann
+–
An té a chonaic iontaí an tsaoil, dúirt sé nár chall do dhuine corraí ó leic an teallaigh s'aige fhéin le iontais a fheiceáil
Chonaic sé iontaí an tsaoil
TUILLEADH (2) ▼
Is mór iad iontaí an tsaoil, an té a shiúlfadh lena bhfeiceáil
"Is mór iad iontaí an tsaoil", adeir fear Chonamara nuair a chuala sé na préacháin ag grágaíl i gcoill an Chnoic (ní raibh coill ná crann siar faoi Chonamara)
+–
Ar chuala tú caint ariamh faoi sheacht n-iontaí an domhain?
Dhá bhfeictheá iontaí an domhain faoi chéad, ní fhaca tú a leithide siúd d'iontas
TUILLEADH (1) ▼
An simléar atá tigh Mhicilín, tá sé ar iontaí an domhain, arae níl poll deataí ar bith ann
b.
+–
Is mór an t-ionadh liom nach mbeadh unsa céille agat — cuireann sé ionadh orm nach mbíonn ciall agat
Is beag an t-ionadh an saol a bheith mar atá sé agus an chaoi a bhfuil na daoine
TUILLEADH (11) ▼
Is suarach an t-ionadh daitheachaí a bheith ort agus a n-itheann tú de sweets — is beag an t-ionadh srl.
Is suarach an t-ionadh an saol a bheith corrach agus chomh hamplúch agus atá na daoine
Ní tada é sin. Is mó an t-ionadh go mór nár bhuail sé
Liam: Tá Pádraic tinn; Cáit: Is suarach an t-ionadh sin (is beag an t-ionadh sin; ní chuirfeadh sé a dhath ionadh.)
Ní ionadh mór é bheith taobh leis an déirce
Is millteach an t-ionadh nach bhfuil sé éirithe bréan den áit feasta
Is diabhaltaí an t-ionadh nach dtagann sé abhaile
Is mór an t-ionadh nach dtáinig tú in am
Is beag beag an t-ionadh é
Níor fhan mise i bhfad ann, ní nach ionadh
Is gearr a chuaigh mise dhá thíolacan, ní nach ionadh
+–
Ní bheadh lá ionadh orm dhá dtiteadh an t-aer ar an talamh agus a laghad suime agus atá ag daoine i nDia agus sa Maighdean Ghlórmhar
Ní chuirfeadh sé lá ionadh orm dhá mbascadh an capall é agus chomh hóltach agus a bhí sé
TUILLEADH (5) ▼
Ní bheadh a dhath ionadh orm é a theacht anocht
Sin é a raibh d'ionadh air muis (deile)
Deir tú leis nár tháinig a dhath ionadh air nuair a chuala sé an scéal
Chuir an scéal sin mo sháith ionaidh orm (mo dhóthain, mo dhíol, mo dhá dhóthain, mo dhóthain go mór d'ionadh, lán mo chraiceann d'ionadh; mo sheacht sáith d'ionadh, mo sháith go maith ionadh, lán mo chruite d'ionadh, leithead mo dhroma d'ionadh srl.)
Ní bheadh ionadh ar bith orm céard a bheadh ar siúl anois
+–
Ná bíodh ionadh ar bith ort faoi
Ná tagadh ionadh ar bith ort faoi é bheith ag ól. Is fada go mbeire sé ar an gcéad cheann aige
TUILLEADH (1) ▼
Ná cuireadh sé ionadh ar bith ort céard a chloisfeas tú ar an saol seo, arae tá cúl a gcainte uilig le na daoine
c.
+–
Ná déan ionadh (iontas) ar bith dhi — ná cuireadh an chaint, nó an rud nó an scéal sin, ionadh ar bith ort
Ná déan ionadh ar bith faoi aon rud a chloisfeas tú faoi siúd mar bhainfeadh sé an bhraillín den chorp
TUILLEADH (1) ▼
Ní call dhuit ionadh ar bith a dhéanamh faoi, is minic a ghoid tú féin rud
Féach freisin
→
iontas
ionadh in iontrálacha eile (50+)
→
focal
Dhá mba leis an sagart a bheadh sé sin ag caint ní thabharfadh sé aon lascainí dhó ach an oiread le fear den bhaile. Níl modh focail aige le aon duine. Is mór an t-ionadh nár mharaigh duine eicínt ariamh é, agus chomh coilgneach agus a bhí an dream siúd timpeall air. Ach is le diabhal mar sin a rithfeadh sé!
→
fothair
Bhí titim feoir ann ag an gcodladh. Is suarach an t-ionadh agus a bhfuil de ragairne déanta aige le coicís
Níl cló stiúrtha ar bith fanta ar an teach anois ag lucht cuart? Chloisfeá an chantaireacht a bhíos ann chuile oíche thiar sa mbóithrín beag. Is mór an t-ionadh nach dtugann Seán-J. an tsráid amach dóibh.
→
carracán
Nach diabhaltaí rite an áit ar dearnadh an teach an chéad uair, thuas ar an gcarracán garbh siúd. Is suarach an t-ionadh go mbeadh faitíos gála fhéin air agus a laghad foscaidh agus atá ag a theach.
Má tá sé ag fáil cinnireachta chomh maith sin, is mór an t-ionadh nach mbeadh slacht a chodach air. Ina leaba sin, is geall le leath deiridh cait an giall atá air.
→
cleite
Is mór an t-ionadh dhó a dhul ag coiriúint ar Nóra muise, ós í an cleite is fearr ina sciathán fhéin í. Ach is cosúil go bhfuil an brachán dóirtithe!
Tá cúigear cleathairí mac aige agus iad gan chló stiúrtha ar bith dhá bhfaca tú ariamh. Má mhaireann dófa, is gearr nach bhféadfaidh na daoine an bóthar a shiúl chor ar bith acu. Is mór an t-ionadh nach gcuirfeadh sé iad siod amach ag saothrú; seachas iad a bheith ag baint na sála dhá chéile istigh ansiod aige.
Nach í an eorna a bhíos cuileach coilgneach thar an gcoirce. Is suarach an t-ionadh gur aisti a déantar an braon broghach fhéin — tá coirce mín seachas eorna. Ní iontas ar bith gur as eorna a déantar poitín (an braon broghach — tús an phota, na féans. Tá sé láidir agus borb thar an gcuid eile. Deir siad gur nimh é)
Dheamhan mac an éin bheo in do thír nach bhfuil ag casaoid (ar shlaghdán, nó tinneas) agus údar acub. Ach is suarach an t-ionadh sin agus an aimsir ag cothú chomh coimhthíoch agus atá sí.
+
Coinicéar mhór mhillteach í, gan slacht gan cuid súl ar bith. Is mór an t-ionadh gur phós sé chor ar bith í, fear chomh breá leis.
TUILLEADH (1) ▼
Is beag duine a bhfuil aon ghnaoi aige ar an gcoinicéar sin, agus ar ndóigh ní hionadh é. Cé a chuala an dea-fhocal as a béal ariamh?
Bíonn an dream sin siar ag saighdeoireacht nó ag coinnleoireacht chuile oíche anois ó buaileadh síos ceann na maor. Dheamhan mórán airde ag na maortha eile orthub, ní nach ionadh, ó tharla nach bhfuil tada dhá gcaillteamas fhéin leis.
→
coirigh
Nach mór an t-ionadh nach n-éireofá as an gcoiriúint uair eicínt, agus gan a bheith ar an táirm chéanna i gcónaí ag sciolladh agus ag béadán ar an gcomharsa.
→
colg
Tháinig colg air leis an sagart, ní nach ionadh, arae bhí sé dhá chur i dteannta críochnaithe gan ala gan ábhar.
→
cuideáin
Chuir mé an madadh sa gcaora chuideáin sin a bhí thuas i mbarr Sh. an lá faoi dheireadh, ach feicim thiar ar chuid (talamh) Mh. inniu í. Tá sí ag loiceadóireacht thart ansin le seachtain, agus is diabhlaí mór an t-ionadh nach dtagann aon tóir uirthi feasta.
Is mór an t-ionadh nach gcrochfadh an uair suas feasta agus an fhad is atá sí ina chíréabachaí anois. Má mhaireann di ar an táirm seo, beidh chuile rud lofa.
→
cóineas
Níl cóineas ar bith dhá bhfaca tú ariamh ansiúd aige. Is mór an t-ionadh go bhfanfadh sé ansiúd agus a fhusacht dó teach a dhéanamh ar an ngeadán talún atá abhus le bóthar aige.
Breá nár ghlac tú go réidh é agus gan a bheith míchuntanósach. Is suarach an t-ionadh gur bhuail spadhar fhéin é.
+
→
bannaí 1
Ní bhfaighidh drochdhíolaí fear bannaí in aon áit, agus is suarach an t-ionadh nach bhfaigheadh.
TUILLEADH (2) ▼
Tá S. Mh. in imní anois más é a bhí i mbannaí air, agus ní hionadh dhó.
Má théann tú i mbannaí air sin, ort fhéin a bheas díol a dhéanamh as a dheireadh. Chuala tú an cleas a d'éirigh do Sh. Mh. cheana, go mb'éigean dó fiche punt a íoc istigh sa mbainc ar aon láimh amháin. Is mór an t-ionadh nach múinfeadh sin thú! Pléifidh sé siúd leat é má fhaigheann sé in t'amadán aige thú!
+
→
bealach
Is mór an t-ionadh nach mbeadh sé le feiceáil ar bóthar ná ar bealach uair eicínt. Tá sé ag cothú na háite istigh go maith.
TUILLEADH (5) ▼
Is mór an t-ionadh nach bhfeicfí i mbealach nó i ndearmad anois é nó an bhfuil sé ag coinneáil na leabthan i gcónaí?
Tá sé na cianta ó chonaic mé i mbealach ná i ndearmad í go dtí inné i nGaillimh. 'Sí atá tuartha snoite as a ceannaghaidh, agus má tá fhéin, cé hionadh dhi sin agus an fhad is a bhí sí buailte síos.
Tabharfaidh an oíche anocht fuílleach le déanamh dhó, agus is suarach an t-ionadh é, arae is fada anois é ag giorrú an bhealaigh — 'sé a dhícheall an oíche anocht a shárú srl.
Is suarach an t-ionadh go n-éireodh sé i mullach na ndaoine agus a bhfuil sé a fháil dhá bhealach fhéin.
Is suarach an t-ionadh go mbíonn an cuntas as bealach agus laghad an staidéir a ghlacann sé leis fhéin dhá dhéanamh suas. Fhóbair gur bhain sé scilling is chúig phínn thar an gceart díom an lá faoi dheireadh murach gur ghoin m'aire mé agus gur iarr mé fhéin an leabhar.
→
bealaigh
Is mór an t-ionadh go bhfuil an talamh ag cothú chomh bealaithe agus atá sé agus an triomach a bhí ann ó mhaidin!
→
bálta
Bhí glae ar a báltaí inniu, nuair a chuaigh mé dhá bleán sa ngarraí. Is mór an t-ionadh liom go dtiocfadh athdháir uirthi aríst.
→
beo 1
Dheamhan ginealach an bhéil bheo istigh ar an mbaile a bheannódh dó, ná a thaobhódh é anois. Tá chuile dhuine gráinithe air anois agus ní hionadh dhóibh.
→
beoigh
Is mór an t-ionadh nach mbeofá amach mar a dhéanfadh fear agus gan a bheith chomh righin agus atá tú. Faoi dhó a bheinn ón bportach ó d'imigh tú.
Is mór an t-ionadh nach gcuirfidís biorach ar an laoidín siúd agus gan é a bheith ag diúl fós.
+
→
bior
Níl bior eanga ar an mbean bhocht, ach is suarach an t-ionadh sin agus lán an tí aici ar aon chéill. Níor bhris cearc an áil a heagán ariamh, agus sin é a fhearacht aicese é. Is geall le dhul ar a muirín an saothrú beag sin atá ag a fear.
TUILLEADH (1) ▼
Tá tú ag imeacht in do cheann ar bior ó mhaidin. Nach mór an t-ionadh nach bhféadfá cónaí a dhéanamh uair eicínt.
+
→
bocht 1
Is suarach an t-ionadh dhó a bheith bocht agus an dola atá air
TUILLEADH (1) ▼
Bíonn sé ag stróiceadh le pian ina láimh agus is suarach an t-ionadh dhó sin, arae is bocht an lot atá air.
+
→
bollaire
Ní bhíonn sult ná suáilce in aice an bhollaire mhóir. Is mór an t-ionadh nach dtiocfadh iamh ar a bhéal uair eicínt agus gan a bheith ar an nglagaireacht chéanna go hacht is go háirid.
TUILLEADH (1) ▼
Is mór an t-ionadh nach dtiocfadh tuirse ar an mbollaire uair eicínt.
Is mór an t-ionadh go dtiocfadh sé i láthair comhluadair ar bith le na seanbhreallachaí stiallta salacha atá air! Is mór an ghráin iad!
+
Nach mór an t-ionadh nach gcuirfeadh sé malrait éadaigh air fhéin, tharas a bheith ag imeacht chomh breallach agus atá sé.
TUILLEADH (1) ▼
Is mór an t-ionadh nach mbuailfeadh sí boslach ar a cuid éadaí agus nach bhfuafadh sí iad, tharas a bheith ina breallach mar atá sí.
→
bruach
Is beag an t-ionadh má tá an chlaise céanna thar bruach. Nach uirthi atá uisce an dá bhaile ag teacht