Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dona

is dona (50+)

 
Ní baileach go bhfuil an tseachtain seo chomh dona is a bhí an tseachtain seo caite, ach dar mo leabhar, níl mórán d'earasbarr aici ach oiread
 
Is dona a théas fliuchán domsa — báisteach, nó mo chosa a fhliuchadh sa gcladach, sa sliabh srl.
+
fág
Dhá gcuimhníodh sé ar an arán a hitheadh, ba bheag a lua aige a dhul tharamsa gan cuireadh a thabhairt dom. Agus a liachtaí lá oibre a thug mé dhó. Ba dona é scaitheamh murach mise. Más thíos a fuair mé é is thuas a d'fhága mé é — bhí a chuid oibre gan déanamh. Rinne mise dhó í
TUILLEADH (1) ▼
Ba dona an teach a bhí ansin nó go ndeachaigh inín S. Th. isteach ann. Má tá brá gill orthu inniu dise is cóir dóibh a bheith buíoch. Más thíos a fuair sí é (an teach) is thuas a d'fhága sí é.
 
Níl a fhios agam a mbeidh a cuid gruaige chomh fáinneach siúd aici nuair a bheas sí scaitheamh i S. Gh. Bainfear obair aisti ansin. Dar fia is dona an mhalrait aici é, agus an cháil airgid atá uirthi, a dhul ag pósadh isteach ar an mbaile sin
 
fóir
Níl d’fhóirithint ag an dochtúr le déanamh air ach ceirín a chur leis. Is fóirithint é sin fhéin nó go bhfuaraí sé. Ansin bíonn sé chomh dona céanna aríst nuair nach gcuirtear malrait ceiríní sách minic leis. Scrúdfadh sé thú ag éisteacht leis scaití. Ach ní bhíonn neart ag an tinneas air
 
Giorróidh an carraeireacht leis as a dheireadh. Is olc é tuaradh na maidne a mhic ó, go mór mhór ag seanfhear dona atá ag tarraingt ar na trí scóir.
 
ceal 1
Is duine dona a bheadh cheal tine agus an méid coille atá ag titim ina críonach ansin thuas.
 
Meas tú tuige an coimhthíos atá sa mí seo chor ar bith? Ní fhaca mé an mhí seo ag teacht chomh dona ariamh cheana. Ach b'fhurasta a aithne é, agus an lá a dtáinig an ghealach. Gealach Sathairn agus í a theacht sa bhfómhar — uair sa seachtú bliain, is maith leis an mairnéalach í a fheiceáil.
 
Níor chomaoin dom an oiread sin fhéin a dhéanamh dhó agus chomh dona is a bhí sé fhéin. Ach is maith an rud maith in aghaidh an oilc.
 
cora
Ba mhór an t-ár é mac A. an R. seo thíos ag imeacht ar fud an aonaigh inniu, ag cur cara chainte ar chuile bhoicín, mar dhóigh dhe gur daoine muintreacha dhó iad! Ach théis a bhfuil de ghairéad agus de ghaisce aige, is dona í a léine ach an oiread liom fhéin!
 
Is cosúil go raibh sí ag iarraidh a dhul thar an díoga agus gur chaitheadh i ndiaidh a leataoibhe síos inti í. Dheamhan stró a bheadh uirthi meireach na cosacáin, ach is beag an rud atá in ann treampán a chur ar an rud dona ina dhiaidh sin.
 
Dheamhan cóineas agam, ná cuid de chóineas, ach na boinn. Ach dheamhan go dona de dhuine a fhad is atá siad sin fhéin ar fónamh aige.
 
Má thugann tú aird ar a chuid cóipíse sin, is gearr go mbeidh tú chomh dona leis fhéin. Cluais (cluas) bhodhar a bhí agat a thabhairt dó.
 
baing
Is beag an rud a bhainfeas baing as duine dona.
 
bannaí 1
Is beag an mhaith dhuit bannaí béil a chur uirthi sin, arae níl foscadh ar bith inti. Is dona na gnaithí a bhí ort é a inseacht di chor ar bith.
 
Is beag an mhairg air sin, mo léan, an bealach a dhéanamh, nó dhá mbeadh sé a fhad eile. Ag ligean cluanaíochta air fhéin a bhíonnsé sin nuair adeireanns sé go mbíonn sé go dona.
 
beann
Is dona a frítheadh (nó a fágadh) mé má tá beann agam ortsa (adéarfadh duine le cur i gcéill go raibh sé neamhspleách ar dhuine eile)
 
beo 2
Is cuma liom beo nó marbh, tá mé chomh dona sin.
 
biorach 2
Is dona an rud biorach a chur róluath ar an gcéad lao, mar ní mian le na máithreachaí tál má chuirtear.
+
bocht 1
Is breá an rud a bheith bocht le hais a bheith go dona don chomharsa.
TUILLEADH (3) ▼
Is bocht an rud d'aon duine a chuid a chaitheamh go dona nó go drabhlásach i dteach an óil.
'Is dona an rud a bheith go holc agus go bocht ina dhiaidh' (seanfhocal — ní móide go gciallódh "bocht" anseo daibhir. Bheadh sé chomh dóichíde go gciallódh sé éalangach, aithiseach, nó in anchaoi. Chiallódh sé amantaí freisin go mbeadh caitheamh ina dhiaidh ag an té a rinne an t-olc, arae nach dtiocfadh sé chun tosaigh ná chun tairbhe dhó fhéin)
Sin é a bhfuil dá bharr anois aige. Is dona an rud a bheith go holc agus go bocht ina dhiaidh.
 
Is dona a chlis tú ar an bportach móna sin gur fhága tú ina bhratscair mar sin é. D'fhéadfadh sé a bheith athghróigthe agat ar an triomach mór
 
Is dona na breacáin éadaí atá air. Meánn tú an bhfuil foireann nua ar bith aige? (fc. foireann)
 
breá
Muran breá leis fhéin é, is dona na gnaithí a bheadh ar aon duine eile bacadh leis.
 
bruach
Ná bac le go dona. Murach go bhfuil sé ar bhruach na huaighe, ní fhailleodh sé ina ghnaithí anocht. Baol air siúd rud is lú ná bainis a ligean thairis!
 
brád
Is dona na gnaithí a bheadh ort a dhul 'na phortaigh agus an brádán báistí atá ann.
 
agús
Is dona a chruthaigh tú nár chuir an méid sin san agús freisin — ba cheart duit an méid sin a rá, nó a chur sa gcaint, nó de chuntar sa margadh
 
Is dona an déanamh a bhí uirthi má thit brúisc dhi chomh haibéil sin.
 
Is furasta cois a bhualadh ar dhaoine dona — is furasta créatúlacht nó éagóir a dhéanamh orthu
+
buail
Is dona a chuaigh an bualadh dhó faoi dheireadh thiar — chuaigh sé ina aghaidh; buaileadh nó gortaíodh é féin
TUILLEADH (1) ▼
Is dona an ceart an feilméara a bheith buailte, arae murach é, ní dhéanfadh duine ar bith sa tír aon ghnaithe. Nach é atá dhá dtógáil uileag?
 
buille
Is dona a chruthaigh tú nár bhain an garraí sin as a bhuille inniu agus ní aireofá go mbeadh sé in alt a choctha agat.
 
buinne 1
Fuair T. C. agus N. bairille beag sa mbruth faoi thír tá suim blianta ó shin. D'áitigh ar an mbeirt ag dul dó ag ceapadh gur ól a bhí ann, agus ba ea freisin, agus ná raibh Dia leis murar thit an buinne tónach anuas lofa dhe agus dheamhan deoir a d'fhan ann nár dóirteadh amach sa snátha mara. Shuigh an cúpla síos ar an duirling ag caoineadh na héadála! Deir siad fhéin gur 'rum' a bhí ann, ach is dona a chreidfinn é.
 
Ná géill dá chuid áibhéil. Má ghéilleann, is gearr go mbí tusa chomh dona leis féin — ná tabhair aon aird ar a chuid áibhéil srl.; ná creid a chuid áibhéil srl.
 
ainm
Tá siad in ainm is Béarla a mhúineadh do na gasúir ach is dona uathub.
 
Is dona atá a chuid ag dul dó, ainneoin a n-itheann sé
 
aire
Is olc an oidhe aire é, mar ba dona an aire a thug sé fhéin dhá bhean bhoicht
 
Is dona an fear é mura bhfiacha (bhféacha) sé lena shásamh a bhaint amach.
 
Go dtuga Dia ciall duit, dá mbeadh sí chomh dona agus atá a ligean amach, is fadó an lá a bhí sí thíos sa talamh.
 
áirge
Is dona an áirge do dhuine a bheith amuigh faoi fhliuchán mar sin chuile ré solais.
 
Is dona an chaoi dhó a bheith ag éirí amach mar sin.
+
Is beag an ghair aige a bheith chomh dona leis an antlachán is athair dó.
TUILLEADH (1) ▼
Bheadh ciall antlachán, (n)ach is dona a bhí(onn)s an greim deireanach slogtha aige nuair seo amach aríst ag obair é.
 
Fuair sé sin ardfhoghlaim agus is dona a chuaigh sí dhó.
 
ascar
Is furasta leis an rud dona a dhul in ascar i gcónaí
 
Is dona na gnaithí a bheadh ar dhuine ar bith a chorródh amach go n-ársaíodh an lá amach
 
faill
Faill ar bith a gheobhas sé tá sé ina éadan. Is dona an buachaill óg é mura bhfuil aige ach a bheith ag saibhseáil le seanfhear. Is maith dhuit an fhaill a fháil a mhic ó. Tá agat gan do leas a ligean ar cairde anois. Déarfadh S. gan ligean don ghoradh téachtadh agus is fear é a mbíonn breithiúnas mór ina chuid cainte